Garraíodóireacht Orgánach sa Bhunscoil Nasc-cheangal leis an gCuraclam agus Pleananna Ceachta

advertisement
Garraíodóireacht
Orgánach
sa Bhunscoil
Nasc-cheangal leis an gCuraclam agus Pleananna Ceachta
Ábhar Acmhainne don Mhúinteoir
Fás faoi bhia agus ghairneoireacht na hÉireann
Buíochas
Agtel a thug an t-ábhar acmhainne seo don mhúinteoir i gcrích thar ceann Bord Bia. Is é
Finbarr O'Regan (iar-Phríomhoide i Scoil Náisiúnta an Charnáin i mBaile Átha an Rí atá ag
fónamh mar Chomhairleoir Oideachais / Curaclaim le Agtel faoi láthair) a scríobh an t-ábhar
acmhainne i gcomhairle le Geraldine Carroll (Baininsteoir Cláir, Agtel), Ian McGrigor (Saineolaí
sa Gharraíodóireacht Orgánach, Kerry Earth Education Project) agus Niamh Ní Dhúill (Saineolaí
sa Gharraíodóireacht Orgánach, Kerry Earth Education Project). Ba mhaith linn ár mbuíochas a
chur in iúl do Mhichéal O'Lamhna (Ceannasaí Cúrsaí Gairneoireachta i mBord Bia) as ucht
cúnamh taca agus comhairle a chur ar fáil ar bhonn leanúnach.
Luaitear eagraíochtaí a bhaineann le hábhar sna nótaí, ina measc; Bord Bia, Coillte, an
Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, Fuinneamh Inmharthana Éireann, Fiontraíocht
Éireann, The Henry Doubleday Research Association, Discovery Kids, the Franklin Institute, Ed
Helper, agus líon mór láithreán gréasáin eile ar mór an tairbhe iad mar fhoinse maidir le
pleananna ceachta agus bileoga oibre is féidir a thabhairt isteach faoi scáth Thionscadal faoi
Gharraíodóireacht Orgánach.
Clár an Ábhair
Roinn a hAon - Réamhrá agus Forléargas maidir le Comhtháthú........................1
Roinn a Dó - Deis Pleanála Gníomhaíochta..........................................................3
Roinn a Trí - Comhtháthú Díreach de réir Topaicí...............................................6
3.1 Topaic 1: Garraí Scoilea Leagan Amach,
A Phleanáil agus a Chruthú..................................................6
3.2 Topaic 2: Garraíodóireacht Orgánach.............................................8
3.3 Topaic 3: Táirgeadh Bia.................................................................11
3.4 Topaic 4: An Ithir...........................................................................13
3.5 Topaic 5: Uisce...............................................................................19
3.6 Topaic 6: Bia Shláintiúil..................................................................23
3.7 Topaic 7: An tÉiceachóras..............................................................28
3.8 Topaic 8: Forbraíocht Inmharthana..............................................39
Roinn a Ceathair – Comhtháthú maidir le hÁbhair eile.......................................46
4.1 Gaeilge.........................................................................................46
4.2 Matamaitic...................................................................................50
4.3 Ealaín...........................................................................................54
4.4 Stair..............................................................................................58
Réamhrá & Forléargas maidir le Comhtháthú
Roinn a hAon - Réamhrá & Forléargas maidir le
Comhtháthú
1.1 An Tionscadal maidir le Garraíodóireacht Orgánach sa
Bhunscoil
Is féidir aisling an oideachais a chur in iúl le trí cinn de chuspóirí ginearálta:
A chur ar chumas an linbh saol iomlán a chaitheamh mar leanbh agus teacht in
inmhe go hiomlán mar dhuine ann féin;
A chur ar chumas an linbh teacht chun cinn mar dhuine sóisialta trí
mhaireachtáil agus comhoibriú le daoine eile agus cion tairbhe a dhéanamh ar
an gcaoi sin ar mhaithe leis an bpobal;
An leanbh a ullmhú don oideachas leanúnach agus don fhoghlaim feadh saoil.
Tá curaclam na bunscoile dírithe ar an bhfoghlaimeoir. Leagtar béim ar an tábhacht atá
le litearthacht, uimhearthacht agus teanga agus freastalaítear an tráth céanna don
riachtanas athraitheach maidir le cúrsaí eolaíochta agus teicneolaíochta, oideachas
sóisialta, pearsanta agus sláinte agus saorántacht.
Tá an Tionscadal maidir le Garraíodóireacht Orgánach sa Bhunscoil dírithe ar an
leanbh agus meon traschuraclaim leis.
Snaidhmtear trí cinn de phrionsabail
oideolaíochta ann, modhanna gníomhaíochta agus fionnachtana, curaclam comhtháite
agus foghlaim ar bhonn an imshaoil. Is tionscadal sároiriúnach atá ann maidir le
haidhmeanna churaclam na Bunscoile a thabhairt i gcrích.
Spreagfar an t-iontas agus an fhiosracht nádúrtha sa pháiste leis an obair ar
phríomhthopaicí an tionscadail - Garraí a Leagan Amach, a Phleanáil agus a
Chruthú, Garraíodóireacht Orgánach, Táirgeadh Bia, an Ithir, Uisce, Bia
Shláintiúil, an tÉiceachóras agus Forbraíocht Inmharthana - ar bhealach sásúil
praiticiúil. Tabharfar de scóip don pháiste an cumas atá ann agus an saineolas atá aige
a chur in iúl; agus is iontach an bonn eolais a bheidh ann d'fhoghlaim breise. Cuirfidh
an taithí ar fhoghlaim mar é ar bhonn an imshaoil go mór le hábharthacht agus le
héifeachtúlacht na foghlama ag an leanbh. Tá sé sároiriúnach do leanaí riachtanais
speisialta. Is straitéis lárnach de chuid an tionscadail an úsáid as teanga, caint agus plé i
ngach gné den tionscadal. Cuirfear le scileanna eolais, cumarsáide agus teicneolaíochta
an dalta tríd an tionscadal. Spreagfar na leanaí leis an obair chomhair trí thuairimí,
smaointe agus fadhbanna dhaoine eile a chloisteáil agus soirbheofar don fhorás sóisialta
agus pearsanta sa leanbh. Beidh tuiscint níos fearr ag an leanbh air féin mar
fhoghlaimeoir agus freastalófar don mheasúnú aige féin ar an dul chun cinn atá á
dhéanamh aige mar dhalta mar gheall ar an tionscadal praiticiúil seo, ar furasta do na
tuismitheoirí agus do phobal na scoile ceangal a bheith acu leis.
Cur chuige bíseach atá in úsáid. Foghlamaítear, de réir an mhodha sin, fíricí bunúsacha
an ábhair ar dtús, gan imní a dhéanamh den mhioneolas. De réir mar théann an
fhoghlaim chun cinn, tugtar sonraí agus mioneolas i gceist de réir a chéile agus an
mioneolas sin á cheangal leis an mbuneolas mbíonn béim á leagan arís agus arís eile air,
sa chaoi agus gur fearr a fhanann sé sa chuimhne fhadtéarmach.
1
Réamhrá & Forléargas maidir le Comhtháthú
1.2 Forléargas maidir le Comhtháthú
Bíonn tairbhe ón am a chaitear ag teagasc agus ag obair sa gharraí mar gheall ar a
chomhtháite atá an tionscadal maidir le Garraíodóireacht Orgánach sa Bhunscoil le
hobair na bunscoile. Tá ionad ag Tionscadal Gharraí na Scoile anois in ollphlean na
scoile agus, nuair a dhéantar gné ar bith den obair sa gharraí, bítear dáiríre ag tabhairt
scileanna chun cinn ar bhealach struchtúrtha cúramach maidir le cuid mhór d'ábhair
churaclam na bunscoile agus, an tráth céanna, ag cur oiliúna ar na daltaí ar bhealach
an-phraiticiúil faoi shaol folláin agus fiúntach san am atá rompu. Is féidir leas a bhaint
as an 'Réamhrá' mar bhonn le Polasaí Scoile maidir le 'Garraíodóireacht Orgánach sa
Bhunscoil'.
Roinn a Dó – Deis Pleanála Gníomhaíochta
Tá táblaí sa Roinn seo ina léirítear an ceangal idir na bileoga oibre, an DVD agus leabhar
seo an ábhair acmhainne, mar áis don mhúinteoir ag leagan amach gníomhartha de
réir:
aoisghrúpa, agus
an tráth bliana.
Tugtar forléiriú ar réimsí an churaclaim agus ar na snáithe ábhair chomh maith.
Roinn a Trí - Comhtháthú Díreach de réir Topaicí
Tá gach topaic a bhaineann leis an Tionscadal maidir le Garraíodóireacht Orgánach anoiriúnach don chomhtháthú ar fud churaclam na bunscoile. Léirítear an comhtháthú
díreach leis an gcuraclam sa roinn seo maidir le hocht gcinn de topaicí.
Topaic
Topaic
Réimse Curaclaim
Ábhar
1
Garraí a leagan amach, a phleanáil
agus a chruthú
Teanga
Gaeilge
2
Garraíodóireacht Orgánach
OSPS
OSPS
3
Táirgeadh Bia
OSIE
Eolaíocht
4
An Ithir
OSIE
Tíreolaíocht
5
Uisce
OSIE
Tíreolaíocht
6
Bia Shláintiúil
OSIE
Tíreolaíocht
7
An tÉiceachóras
OSIE
Eolaíocht
8
Forbraíocht Inmharthana
OSPS
OSPS
Béarla
Roinn a Ceathair – Comhtháthú maidir le hábhair eile
Léirítear sa roinn seo modhanna inar féidir slánchóiriú a dhéanamh maidir le hábhair eile
agus an Tionscadal maidir le Garraíodóireacht Orgánach. Seo a leanas na hábhair a
dtráchtar orthu sa roinn seo:
> Gaeilge > Matamaitic > Ealaín > Stair
2
Deis Pleanála Gníomhaíochta
Roinn a Dó – Deis Pleanála Gníomhaíochta
Cuntas Táscach ar Obair na Scoilbhliana
NÓTAÍ:
Bileoga Oibre amháin’ is é sin le rá, nach bhfuil an ábhar seo á phlé ach sna Bileoga Oibre
*Má tá an téacs glas, is é sin le rá go bhfuil an ábhar sin á phlé faoi rannóg ‘Gnéithe Speisialta’ den DVD. Tá sé le fáil ar
phríomh-chlár an DVD.
Naíonáin Naíonáin
Rang
Rang
Rang
Rang
Rang
Bileog Oibre
Modúl DVD
Sóisir
MF – Feab
Iniúchadh / pleanáil / dearadh ar gharraí
MF-Már
DF - Feab
Ceapacha ardaithe & cosáin & comharthaí
a dhéanamh don gharraí
Ceapacha glasraí a úsáid sa gheimhreadh
DF - Feab
Cur úllord agus sútha talún
DF - Feab
Fál sceach / crann a chur
Samh
Toir torthaí / torthaí boga cur san úllord
(stacáin)
Cur síolta - sa seomra ranga & síolú taobh
amuigh
Cur síolta - sa seomra ranga & síolú taobh
amuigh
Cur taobh amuigh / an ithir
Már-Aib MFDF
Már-Meith
agus DF
Már-Meith
agus DF
Már-Meith
Síolta a shábháil
Sinsir
a1
a2
a3
1
2
7
2
a4
a5
Rang
a6
√
√
√
√
√
√
√
√
√
√
√
√
√
√
√
√
√
√
√
√
√
√
√
√
√
Bileoga Oibre amháin
2
√
√
√
√
√
√
*bun scileanna
garraíodóireachta
* bun scileanna
garraíodóireachta
√
√
√
√
√
√
Bileoga Oibre amháin
6
√
√
√
√
√
√
√
√
√
√
√
√
√
√
√
√
√
√
√
√
√
√
√
√
3
Deis Pleanála Gníomhaíochta
Bileog Oibre
Aib-Meith
Curadóireacht maidir le tionscadail
Beal-DF
An fómhar / cócaireacht
Meith-Lún
Gortghlanadh / cúram an tsamhraidh
Meith-Lún
Bláthanna fiáine / bánta / baint an fhéir
General resources
Ar feadh na
Obair chothabhála ar an ngarraí (plean
bliana
bliana) / tionscadail a roinnt /páirt an
phobail san obair
Ar feadh na
Córas múirín a shocrú
bliana
(go hath. sa
Gheimhreadh
Ar feadh na
bliana
Ar feadh na
bliana
Ar feadh na
bliana
Ar feadh na
bliana
Ar feadh na
bliana
Ar feadh na
bliana
Modúl DVD
Bileoga Oibre
amháin
Rang
a1
Rang
a2
Rang
a3
Rang
a4
Rang
a5
Rang
a6
√
√
√
√
√
√
√
√
√
√
√
√
√
√
√
√
√
√
√
√
Bileoga Oibre
amháin
√
√
√
√
√
√
√
√
11
√
√
√
√
√
√
√
√
√
√
√
√
* múiríniú
4
Tollán polaitéine (plean bliana)
8
Garraíodóireacht sa bhaile mhór / spásanna
cúnga
luibheanna / plandaí inite agus inúsáidte
(meacan compair san áireamh)
Naíonáin
Sinsir
6
5, 10
Lotnaidí & creachadóirí
óstán d'fheithidí a dhéanamh / seilmidí &
slugaí /
Lochán a dhéanamh
Sábháilteacht maidir le huirlisí / na
bunábhair atá de dhíth / bainistiú ranga
faoin aer
Uisce ar an ngarraí / caomhnú uisce
Naíonáin
Sóisir
√
√
5
*sláinte &
sábháilteacht
√
√
*timthriall an
uisce
√
√
√
√
√
√
√
√
√
√
√
√
√
√
√
√
√
√
√
√
√
√
√
√
√
√
10
√
√
√
√
√
√
√
√
3
√
√
√
√
√
√
√
√
4
Deis Pleanála Gníomhaíochta
Réimsí agus Snáitheanna Ábhair sa Churaclam
Tá an Tionscadal seo maidir le Garraíodóireacht Orgánach sa Bhunscoil sár-oiriúnach don chomhtháthú i gCuraclam na Bunscoile.
Curaclam na Bunscoile
Réimse
Curaclaim
Ábhair
Snáitheanna
Teanga
Oideachas Sóisialta, Imshaoil agus Eolaíochta
Matamaitic
Corpoideachas
Oideachas
Sóisialta,
Pearsanta
& Sláinte
(OSIE)
Béarla
Gaeilge
Tíreolaíocht
Eolaíocht
Stair
Matamaitic
Corpoideachas
OSPS
An glacadh le
teanga, cumas agus
muinín in úsáid na
teanga, cumas
cognaíocht a
thabhairt chun cinn
le teanga, forbairt
na mothúchán agus
na samhlaíochta le
teanga
Imshaoil an
duine,
imshaoil
nádúrtha,
feasacht agus
cúram
imshaoil
Dúile beo,
fuinneamh
agus fórsaí,
ábhar,
feasacht
agus cúram
imshaoil
Mise agus mo
mhuintir,
scéalaíocht,
pobail agus
sochaithe
ársa, an saol,
an tsochaí,
obair agus
cultúr san am
atá thart,
tréimhsí
athraithe agus
coimhlinte,
poaitíocht,
coimhlint agus
an tsochaí,
leanúnachas
agus athrú le
himeacht
aimsire
Beartaíocht luathóige
sa mhatamaitic:
Lúthchleasaíocht,
damhsa,
gleacaíocht, cluichí,
gníomhaíocht
lasmuigh agus
gníomhaíocht
eachtraíochta,
oiliúint uisce
Mise, Mise
agus
daoine eile,
agus Mise
agus an
domhan
mór
Éisteacht, labhairt,
léitheoireacht,
scríbhneoireacht
uimhreas,
ailgéabar,
cruth agus spás,
tomhais,
sonraí
Oideachas Ealaíne
Oideachas Ealaíne
Na
hAmharcealaíona
Líníocht, péint agus
dath, prionta, cré,
tógáil, fabraic agus
snáithín
Ceol
Éisteacht
agus
freagairt,
léiriú,
cumadh
Drámaíocht
Aon snáithe amháin
a thagann faoin
Drámaíocht agus
baineann sin leis an
drámaíocht a úsáid
chun mothúcháin,
eolas agsu idéanna a
iniúchadh d'fhonn
tuiscint a chothú
Tagairt: Curaclam na Bunscoile – 1999 www.curriculumonline.ie
5
Topaic 1: Garraí Scoile a Leagan amach, a Phleanáil agus a Chruthú
Roinn a Trí - Topaicí agus Comhtháthú sa Churaclam
Tá gach topaic a bhaineann leis an Tionscadal maidir le Garraíodóireacht Orgánach sa
Bhunscoil oiriúnach don chomhtháthú i ndáil le réimse na Teanga sa Churaclam, le gach
snáithe agus le gach snáithaonad. Léirítear sin le Topaic 1 mar shampla.
Topaic 1:
Garraí Scoile a Leagan amach, a Phleanáil agus a Chruthú
Réimse Curaclaim:
Ábhair:
Teanga
Béarla
Gaeilge
Snáithe:
Cumas cognaíochta a thabhairt chun cinn trí úsáid teanga
Snáithaonaid:
Éisteacht, Labhairt – an cumas cognaíoch a thabhairt chun cinn tríd an
teanga labhartha
Léitheoireacht – spéis, meon agus an cumas smaointeoireachta a chothú
Scríbhneoireacht - soiléiriú ar smaointe tríd an scríbhneoireacht
De réir leibhéil:
Naíonáin
Ranganna
1 agus 2
Ranganna
3 agus 4
Éisteacht,
Labhairt
Beidh plé a spreagann topaic an gharraí, trína dtugtar breis eolais,
trína gcuirtear ceisteanna agus trína ndírítear ar roinnt
mionphointí, ina shiocair leis an gcumas cognaíoch a thabhairt
chun cinn.
Léitheoireacht
Trí léitheoireacht, athinsint agus cuimhniú ar scéalta, tiocfaidh
suim, tuairimíocht agus cumas smaointeoireacht chun sinn sa
leanbh agus tuigfear go mbíonn "rud á chur in iúl" le téacs.
Scríbhneoireacht
Tiocfaidh an leanbh ar shoiléire faoi smaointe tríd an
scríbhneoireacht. Tarraingítear pictiúr de gharraí agus scríobhtar
mar gheall air le focail ainmniúcháin agus le focail thuairiscíochta.
Éisteacht,
Labhairt
Déantar plé níos mine ar an ngarraí beartaithe trí úsáid na teanga míniú, áiteamh, fiosrú, tuairisciú, díospóireacht, plé ar thuairim
agus fáth a lua le tuairim.
Léitheoireacht
Cuntais ar gharraithe a léamh go neamhspleách agus léirthuiscint
a bhaint as tuairimí dhaoine eile, ceistiú, tiomsú fíricí, athinsint ar
scéalta.
Scríbhneoireacht
Tosú ag scríobh i seánraí éagsúla - tuairimí a chur in iúl faoi
dhreach an gharraí - mioneolas a chur leis an bplean, agus
imeachtaí i ndiaidh a chéile.
Éisteacht,
Labhairt
An garraí atá beartaithe a phlé agus labhairt ar imeachtaí nár
tharla go fóill. Cúpla réiteach éagsúil a d'fhéadfadh a bheith ar
fhadhb a phlé. Cúis a lua le rudaí a thaitníonn agus nach
dtaitníonn leat. Argóint a dhéanamh i dtaca le pointe!
Léitheoireacht
Léamh faoi gharraí go neamhspleách. Straitéisí tuisceana a
thabhairt chun cinn - comhshamhlú, déaduchtú, tát, anailís,
réamhthuar, breithmheas, achoimre. Úsáidtear TEC.
Scríbhneoireacht
Scríobh síos do thogra féin don gharraí agus mínigh don rang é.
Luaitear cúis le do chuid smaointe! Scríobh an chúis ar mheas tú
smaointe áirithe spéisiúil. Scríobh treoir maidir leis an mbealach
chun gné áirithe den phlean a thabhairt i gcrích.
6
Topaic 1: Garraí Scoile a Leagan amach, a Phleanáil agus a Chruthú
Ranganna
5 agus 6
Éisteacht,
Labhairt
Baintear úsáid as plé ar dhréacht de phlean garraí mar bhonn le
tuiscint níos foirmeálta agus níos oibiachtúla ar an topaic. Cuirtear
an dearcadh atá agat chun cinn ó thaobh teacht le tuairim nó cur
in aghaidh tuairime. Tugtar freagra ar argóintí a chuireann an
múinteoir i láthair.
Léitheoireacht
Réimse leathan pleananna garraithe a cheadú i bhfoinsí acmhainne
- leabhair, irisí agus ábhar tagartha, roinnt acu trí mheáin TEC.
Scríbhneoireacht
Tuairisc a choinneáil ar ach gné de Phlean an Gharraí - liosta den
ábhar, an cúnamh a bheidh de dhíth, ord na hoibre, litreacha ag
iarraidh urraíochta, litreacha buíochais, agus dialann na hoibre mar
atá beartaithe.
Nótaí don Mhúinteoir:
Féach freisin:
Exemplar 4
“Using experience charts as a basis for
children’s early contact with reading”
Treoirlínte do Mhúinteoirí, leathanach 55
Exemplar 7
Mini lessons in writing
Treoirlínte do Mhúinteoirí, leathanach 88
Eiseamláir 10
Léarscáileanna simplí sa timpeallacht
Tíreolaíocht,
Treoirlínte do Mhúinteoirí, leathanach 132
An Fhilíocht
Encompassing seasons, festivals, nature
Treoirlínte do Mhúinteoirí, leathanach 69
An Ríomhaire
acmhainn thábhachtacht maidir le múineadh
teanga
Treoirlínte do Mhúinteoirí, leathanach 91
Ábhar acmhainne eile maidir le garraí a phleanáil:
Garraí fiadhúlra scoile a chruthú:
4hwildlifestewards.org/creating%20your%20wildlife%20garden/index.htm
www.rspb.org.uk/advice/gardening/wildlife-friendly_garden.asp
Cuardach focail maidir le garraí (Béarla):
www.gardenorganic.org.uk/schools_organic_network/fun_stuff/wordsearch_wildlife_ga
rden.htm
lancaster.unl.edu/hort/youth/ws2.shtml
Tionscadail Garraíodóireachta don Bhliain Scoile
www.blackrockec.ie/environment/gdnprojs.htm
7
Topaic 2: Garraíodóireacht Orgánach
Topaic 2:
Garraíodóireacht Orgánach
Réimse Curaclaim:
OSPS
Ábhar:
OSPS
Snáithe:
Mise
Mise agus an domhan mór
Snáithaonaid:
Bia agus cothú
Cúram imshaoil
De réir leibhéil:
Naíonáin
Ranganna 1
agus 2
Ranganna 3
agus 4
Ranganna 5
agus 6
Bia agus
cothú
Teacht ar thuiscint faoi thábhacht an bhia don fhás agus
don fhorás. An rogha idir cineálacha bia a scrúdú chomh
maith lena ról i réim bia den chothroime.
Cúram
imshaoil
An t-imshaol a léirthuiscint agus a aithint go bhfuil
freagracht ar gach duine ann féin maidir leis an imshaol a
chosaint agus cúram a dhéanamh de.
Bia agus
cothú
Tábhacht an bhia maidir le fás, sláinte agus fuinneamh a
scrúdú. A thuiscint gur den riachtanas an chothromaíocht,
an rialtacht agus an mheasarthacht.
Roinnt bianna de bhunadh plandaí agus de bhunadh
ainmhithe a shonrú.
Cúram
imshaoil
A thabhairt chun tuisceana go dtarlaíonn díobháil ó leasú
agus lotnaidicíd sintéiseach a úsáid agus gur chóir iad a
sheachaint más féidir.
Bia agus
cothú
Idirdhealú a dhéanamh idir réim bia shláintiúil agus réim bia
mhíshláintiúil.
An rogha leathan cineálacha bia atá ar fáil a thabhairt faoi
deara agus bia a rangú de réir na ceithre phríomhghrúpa
bia agus ionad ar phirimid an bhia.
An tábhacht a bhaineann le sláinteachas ceart bia a phlé.
Cúram
iImshaoil
A thabhairt chun tuisceana go dtarlaíonn díobháil don
imshaol ó leasú agus lotnaidicíd sintéiseach a úsáid agus plé
a dhéanamh ar mhúirín a úsáid ina n-áit.
Bia agus
cothú
An tábhacht le rogha den chríonnacht a dhéanamh faoi
chineálacha bia agus faoi réim bia shláintiúil den
chothroime a thabhairt faoi deara agus glacadh go
pearsanta le freagracht ina leith.
Cineálacha breoiteachta a bhaineann leis an mbia a chaitear
nó le riocht speisialta sláinte a phlé.
Cúram don ithir - uainíocht na mbarr agus an tairbhe as sin
maidir leis an ithir agus le bia den scoth a tháirgeadh a
phlé.
Plé a dhéanamh ar mhodhanna rialála maidir le fás plandaí
agus ar orgánaigh géinathraithe.
Plé a dhéanamh maidir le stádas orgánachta don gharraí
agus cur isteach ar an tsiombail.
Cúram
imshaoil
8
Topaic 2: Garraíodóireacht Orgánach
Nóta: Is féidir an snáithaonad Cúram Imshaoil a chomhtháthú le OSIE – Tíreolaíocht
agus Eolaíocht.
Nótaí don mhúinteoir:
Is í an eolaíocht agus an ealaín a bhaineann le torthaí, glasraí, bláthanna nó plandaí
ornáideacha a fhás de réir phrionsabail bhunriachtanacha na talmhaíochta orgánaí, i
ndáil le cothú agus caomhnú na hithreach, bainistíocht ar lotnaidí, smacht ar fhiailí agus
ar aicídí agus caomhnúchán ar speicis a bhaineann leis an oidhreacht atá i gceist leis an
ngairneoireacht orgánach.
Is modh talmhaíochta atá ann lena séantar úsáid as ábhar leasaithe sintéiseach,
lotnaidicídí, modhanna rialála ar fhás plandaí agus orgánaigh géinathraithe. Déanann
garraíodóirí orgánacha gnó le huainíocht na mbarr, aoileach glas, iarmhairt na mbarr
agus múirín d'fhonn an acmhainn táirgeachta a choinneáil san ithir agus smacht a
choinneáil ar lotnaidí.
Is bealach iontach atá ann le múineadh do leanaí meas a bheith acu ar an timpeallacht
agus leis an mbia sláintiúil a chur i láthair na leanaí agus a gcuid teaghlach.
Uainíocht na mBarr – Cúram don ithir
Sampla de thábla simplí maidir le huainíocht na mbarr:
Bliain 1
Bliain 2
1 Prátaí
2 Glasraí fréimhe
1 Brassica
2 Prátaí
4 Brassica
3 Píseanna &
Pónairí
4 Píseanna &
Pónairí
3 Glasraí fréimhe
Bliain 3
Bliain 4
1 Píseanna &
Pónairí
2 Brassica
1 Glasraí fréimhe
2 Píseanna &
Pónairí
4 Glasraí fréimhe
3 Prátaí
4 Prátaí
3 Brassica
9
Topaic 2: Garraíodóireacht Orgánach
Nótaí:
Cuirtear nitrigin leis an ithir nuair a fhásann píseanna agus pónairí.
D'fhéadfaí an cúigiú ceapach a thabhairt i gceist san uainíocht ina gcuirfi barr glas
aoiligh d'fhonn ábhar cothaithigh agus orgánach a chur ar an ithir agus ábhar cothaithe
a chur ar fáil d'fheithidí pailnithe.
Úsáidtear múirín chomh maith mar ábhar leasaithe don ithir.
Ábhar Acmhainne eile maidir le garraíodóireacht orgánach:
Múirín
www.compostguide.com/
IOFGA – Irish Organic Farmers and Growers Association: Noda eolais faoin
ngarraíodóireacht: www.organicmattersmag.com/gardeningtips.php
What to do about …..? www.organicmattersmag.com/whattodoabout.php
HDRA – Henry Doubleday Research Association – obair le scoileanna:
www.schoolsorganic.net/
Nasc-cheangal leis an gcuraclam
www.gardenorganic.org.uk/schools_organic_network/nat_curr/index.htm
Scoil Náisiúnta an Charnáin - Bronnadh an tSiombail Orgánachta uirthi homepage.eircom.net/~foregan/carnaun/gardenreport2003.html
Scoil Náisiúnta an Charnáin - obair den rath le múirín
homepage.eircom.net/~foregan/carnaun/compostbins05.html
The Edible Schoolyard
www.edibleschoolyard.org/homepage.html
10
Topaic 3: Táirgeadh Bia
Topaic 3:
Táirgeadh Bia
Réimse Curaclaim:
OSIE
Ábhar:
Eolaíocht
Snáithe:
Dúile Beo
Snáithaonad:
Plandaí agus ainmhithe
Fo-shnáthaonad:
Próisis na beatha
De réir leibhéil:
Plandaí
Naíonáin
agus
ainmhithe
Próiseas
na beatha
Ranganna
1 agus 2
Ranganna
3 agus 4
Plandaí
agus
ainmhithe
Codanna roinnt áirithe glasraí ón ngarraí a aithint agus cur síos
orthu.
Roinnt síolta a chur, uisce a chur orthu, faire orthu ag fás.
Próiseas
na beatha
A aithint go mbíonn tosca bunriachtanacha ag baint le fás dúile
beo.
Bheith ar an eolas faoin saolré ag roinnt plandaí coitianta sa
gharraí.
Síolta a chur i mbosca nó sa gharraí agus cúram a dhéanamh
ina leith.
Plandaí
agus
ainmhithe
Roinnt slite ina dtagann plandaí faoi thionchar tosca an
imshaoil nó ina dtéann siad in oiriúint do thosca an imshaoil a
thabhairt faoi deara agus a iniúchadh – scáth / taise / tosca
fliucháin / triomachta.
A thuiscint go n-úsáideann plandaí fuinneamh ó sholas na
gréine.
Imscrúdú a dhéanamh faoi na tosca a théann i gcion ar fhás
plandaí – uisce / solas / cineál na hithreach / teocht.
An tábhacht atá leis an ithir a shaothrú sula gcuirtear an síol a
thuiscint.
Roinnt síolta a chur sa gharraí agus cúram a dhéanamh ina
leith.
Scrúdú a dhéanamh ar an mbealach a gcuireann fiailí agus
lotnaidí isteach ar fhás glasraí.
Próiseas
na beatha
Ranganna
5 agus 6
Réimse glasraí éagsúla sa gharraí a thabhairt faoi deara, a phlé
agus a aithint agus iad a chunasach i dtacair.
Roinnt codanna seachtracha de na glasraí a aithint agus a
ainmniú.
Na tosca le haghaidh bleibíni agus síolta a fhás a iniúchadh san ithir, i gcaonach tais, ar pháipéar fliuch.
Na séasúir – cur san earrach – baint i rith an tsamhraidh nó an
fhómhair
Plandaí
agus
ainmhithe
Próiseas
na beatha
A thabhairt faoi deara gur foinse fuinnimh an ghrian do
phlandaí trí fhótaishintéis.
Staidéar a dhéanamh ar choincheap na slabhraí bia agus ar
iompraíocht lotnaidí i leith plandaí.
Foghlaim conas leis an ithir a shaothrú agus réimse glasraí a
chur sa gharraí - doimhne na hithreach, an fhad ó chéile, réimsí
uainíochta, an tráth curadóireachta, an aimsir is oiriúnaí.
Staidéar a dhéanamh ar roinnt de phróisis bhunúsacha na
beatha maidir le plandaí - cothú, atáirgeadh, gluaiseacht mar
gheall ar sholas, úsáid as ocsaigín agus as dé-ocsaíd charbóin.
11
Topaic 3: Táirgeadh Bia
Nótaí do mhúinteoirí:
Féach freisin:
Eiseamláir 20: Eolaíocht Treoirlínte do Mhúinteoirí, leathanach 84 (Naíonáin)
Eiseamláir 21:
Eolaíocht Treoirlínte do Mhúinteoirí, leathanach 85 (Ranganna 3
agus 4)
Ábhar acmhainne eile maidir le táirgeadh bia:
Bord Bia
www.bordbia.ie/
Eolas faoi gach planda sa gharraí (Bord Bia)
www.bordbia.ie/consumers/_gardening/index.html
Bliain Idirnáisiúnta an Phráta
www.internationalyearofthepotato.ie/
Irish Organic Farmers and Growers Association (IOFGA)
www.iofga.org/
Treoir faoi gharraíodóireacht
www.organicmattersmag.com/gardeningtips.php
Cúrsaí Orgánacha: www.organicmattersmag.com/whattodoabout.php
Pacáiste Síolóige na Food Dudes
www.fooddudes.ie/Junior_Senior_Infant_Seedlings_Pack_Lessons.pdf
Sábháil síolta
www.irishseedsavers.ie/
12
Topaic 4: An Ithir
Topaic 4:
An Ithir
Réimse Curaclaim:
OSIE
Ábhar:
Tíreolaíocht
Sraith:
Imshaoil nádúrtha
Sraithaonaid:
An t-imshaol nádúrtha áitiúil (gach rang) chomh maith le
Carraigeacha agus Ithreacha (Ranganna 3 go dtí 6)
De réir na Leibhéil:
Naíonáin
An t-imshaol
nádúrtha
áitiúil
Réimse d'ábhair nádúrtha éagsúla sa gharthimpeallacht a
bhreathnú, a bhailiú agus a scrúdú.
Ithir, láib, gaineamh, púróga, clocha agus carraigeacha a
scrúdú.
Cáilíochtaí ábhar a imscrúdú - crua, bog, dath, uigeacht,
fliuch nó tirim. Eispéiris a chlárú.
Ranganna
1 agus 2
An t-imshaol
nádúrtha
áitiúil
Réimse d'ábhair nádúrtha éagsúla sa gharthimpeallacht a
bhreathnú, a bhailiú agus a scrúdú.
Ithir, láib, gaineamh, púróga, clocha agus carraigeacha a
scrúdú.
Cáilíochtaí ábhar a imscrúdú - crua, bog, dath, uigeacht,
fliuch nó tirim. Eispéiris a chlárú.
Ranganna
3 agus 4
Samplaí d'ithreacha éagsúla in imshaoil na scoile a
Carraigeacha
agus ithreacha bhreathnú, a bhailiú agus a scrúdú.
Carraigeacha, púróga, gaineamh, ábhar planda sna samplaí
a shórtáil agus a ghrúpáil.
Ábhair a chur i gcomparáid agus i gcodarsnacht le chéile,
ag díriú ar chritéir áirithe - dath, uigeacht, neart, cruas,
meáchan.
Tosú ar thionchar ithreacha agus carraigreacha ar na
plandaí a iniúchadh.
Foghlaim faoi thábhacht na hithreach Learn about the
importance of soil and its functions.
Ainmhithe beo san ithir – staidéar ar ról na péiste talún.
Ranganna
5 agus 6
Samplaí d'ithreacha ó ionaid dhifriúla sa dúiche máguaird a chur i
Carraigeacha
agus ithreacha gcomparáid lena chéile.
Comparáid a dhéanamh maidir le comhábhair, dath, acmhainn
coinneála uisce.
An ról buntábhachtach atá ag miocrorgánaigh ithreach a scrúdú.
Tástáil ithreach – modhanna chun struchtúr na hithreach a athrú
/ a fheabhsú.
Cineál na carraige sa cheantar a scrúdú. Iontaisí, draenáil,
srutháin faoi thalamh freisin.
Na stíleanna éagsúla tógála a thugtar ar bhallaí sa cheantar a
scrúdú chomh maith leis an gcreimeadh agus an síonchaitheamh
ar an gcarraig go háitiúil.
13
Topaic 4: An Ithir
Nótaí don Mhúinteoir:
Comhtháthú breise sa churaclam :
Na hAmharcealaíona –
Eolaíocht –
dath, uigeacht, neart, cruas, meáchan
dúile beo; ábhar
Nótaí faoin ithir:
An Ithir
Is ní beo atá san ithir seachas substráit ina gcuirtear plandaí ag fás. Bíonn go leor dúile
beo san ithir bheo, péisteanna talún, céadchosaigh agus ciaróga, fungais agus baictéir.
An ithir atá go maith, bíonn bia, aer agus uisce inti a chuidíonn le plandaí fás. Dá mhéid
ábhar cothaithe dá mbíonn ar fáil san ithir is ea is mó a fhéadann an planda a thógáil
isteach. Dá mhéid ábhar cothaithe sa phlanda is ea is mó a bhíonn ar fáil don ainmhí
agus don duine. Tá roinnt eolaithe den tuairim dá bhrí sin go mbíonn tionchar ar
shláinte an duine ag a shláintiúla agus atá an ithir.
Is ón ithir a thagann an chuid is mó den chothú don phlanda. Mianraí ón ithir a bhíonn
sna cothaithigh. Tagann ábhar cothaithe eile ó phlandaí agus ó ainmhithe marbha, arna
mbriseadh síos le himeacht aimsire ag feithidí agus orgánaigh a mhaireann san ithir. Ní
bhíonn úsáid díreach na mianraí ná na ndúl riachtanach eile san ithir sa phlanda agus ní
mór iad á gcur i bhfoirm atá inúsáide ag an bplanda ag na hainmhithe sin. Cuidíonn na
plandaí freisin leis na horgánaigh céanna trí ábhair siúcra agus einsíme a chur amach
san ithir.
Is mall a bhíonn an ithir á foirmiú ach is tobann is féidir í a chailleadh le creimeadh. Is
féidir í a mhilleadh freisin le truailliú. Agus tá fianaise áirithe ann a thabharfadh le fios
gurb é an chaoi a gcuireann ábhar leasaithe saorga bac ar an éagsúlacht mhór nithe beo
san ithir a theastaíonn le go mbeadh sí méith.
Feidhmeanna na hithreach:
Is iomaí feidhm bhuntábhachtach leis an ithir ó thaobh na timpeallachta agus na sochaí.
Tá tábhacht le hithir shláintiúil maidir le:
na hacmhainní bunúsacha don táirgeadh bia a chothabháil: ithir, uisce glan agus
aeráid sheasmhach; an bhithéagsúlacht ar an talamh agus san uisce a
chothabháil (is í an ithir an bonn faoi shaol chuid mhór dá maireann os cionn
talún; fágann ithir shláintiúil gur lú den truailliú ceimicigh ó obair thalmhaíochta
agus den ábhar cothaithe a théann i sruthanna uisce).
rialú a dhéanamh ar shruthlú an uisce ar an domhan, agus laghdú ar thuilte san
áireamh.
laghdú ar chostas glantacháin ar réimsí uisce (trí laghdú ar an truailliú ó
lotnaidicídí agus ó ábhar cothaithe).
maolú ar an athrú aeráide (is stór mór carbóin an ithir agus laghdaítear dá réir ar
an méid meatáin a bhíonn san aerbhrat; tá meatán agus dí-ocsaíd charbóin ar
na gáis cheaptha teasa is mó a thagann i gceist).
laghdú ar an méid uisce is gá le haghaidh uiscithe i gcúrsaí talmhaíochta.
feabhas ó thaobh sláinte an ainmhí agus an duine trí ardú ar an ábhar cothaithe
sa bhia agus laghdú ar iarmhair lotnaidicíde.
14
Topaic 4: An Ithir
An ról buntábhachta atá leis an miocrorgánach san ithir
Is minic a smaoinítear ar an ithir maidir le cúrsaí fisice nó ceimice amháin. Ach fágtar as
an áireamh leis an dearcadh sin an ghné is tábhachtaí ar fad: an bheocht atá san ithir.
Is é an bithdhúlra san ithir a thugann feidhmeanna tábhachtacha na hithreach i gcrích.
Miocrorgánaigh san ithir a chruthaíonn struchtúr na hithreach: déanann siad comhshó
ar ábhar orgánach ina húmas agus is mar gheall air sin na tréithe fisice atá leis an ithir,
comhbhailiú cáithníní, cosaint ar an gcreimeadh, coinneáil uisce, draenáil mhaith, aerú,
agus seasamh in aghaidh an bhalctha.
Gníomhaíocht bhitheolaíochta is cúis le torthúlacht na hithreach: soirbhítear do
thimthriall an chothaithigh orgánaigh, scaoiltear mianraí ón bhfo-ithir, fosaítear
cothaithigh as an aer, fágtar cothaithigh ar fáil agus tugtar ábhar cothaithigh díreach go
dtí na fréamhacha. Cuireann beathra miocróbach bisiúil san ithir go mór le bisiúlacht na
mbarr agus le leibhéal an ábhair chothaithigh iontu.
Cuireann miocróib san ithir go mór chomh maith leis an acmhainn atá san ithir seasamh
in aghaidh athrú aeráide trí ocsaídiúchán a dhéanamh ar mheatán, gás ceaptha teasa is
treise ná an dé-ocsaíd charbóin. Cuirtear biseach faoi bheathra miocróbach san ithir
nuair a chuirtear ábhar orgánach léi, go háirithe múirín, agus téann leasú agus
lotnaidicídí saorga ina choinne.
Comhairle
D'fhonn cosaint agus feabhsú maidir le feidhmeanna na hithreach, ní mór tuiscint go
forleathan ar an ról bunúsach atá ag an ithir agus a maireann inti agus an
ghníomhaíocht bhitheolaíochta san ithir a choinneáil ar siúl agus a chur chun cinn. Is
mór againn na straitéisí maidir le cosaint na hithreach ar glacadh leo sa Ríocht Aontaithe
agus san AE agus moltar:
(i) Go nglactar mar chuspóir straitéise borradh a chur faoin ngníomhaíocht
bhitheolaíochta in ithreacha agus ardú ar leibhéal an ábhair orgánaigh, go háirithe
húmas.
(ii) Táscairí maidir le gníomhaíocht mhicribhitheolaíochta san ithir a thabhair chun cinn
agus a cheapadh.
(iii) Treoirphrionsabail nua a chur in úsáid maidir le ithir thalmhaíochta a chosaint
d'fhonn an toradh is fearr maidir le gníomhaíocht bhitheolaíochta san ithir, agus an
méid seo a leanas a thabhairt san áireamh leis sin:
brath níos mó maidir le cothú na mbarr ar mhéithe bhunúsach na hithreach
(timthriall an chothaithigh orgánaigh) ná ar leasú neamhorgánach a úsáid
laghdú suntasach maidir leis an úsáid a bhaintear as ábhair ceimicigh
neamhorgánaigh i gcúrsaí talmhaíochta
ábhar orgánach, go háirithe múirín, a chur go rialta leis an ithir
dúshaothrú an ábhair chothaithe san ithir a sheachaint trí dhianinnilt agus
dianchuradóirecht ar an talamh a sheachaint
modhanna oibre lena maolaítear nochtadh na hithreach don ghaoth agus
d'uisce (e.g. fálta sceach, gan oiread curadóireachta a dhéanamh san fhómhar,
barr moinge i rith an gheimhridh agus aoileach glas)
(iv) Ós córas an fheirmeoireacht orgánach ina n-úsáidtear gach a luaitear thuas, moltar
athrú níos cuimsithí go dtí na modhanna feirmeoireachta orgánacha, trí:
infheistíocht shuntasach a dhéanamh d'fhonn go nglacfadh feirmeoirí an
fheirmeoireacht orgánach chucu féin
díriú ar athrú modhanna feirmeoireachta go dtí modhanna orgánacha i
15
Topaic 4: An Ithir
gceantracha ina bhfuil baol don áit: san áit a bhfuil baol géar go dtarlódh
creimeadh, imeacht le sruth, láisteadh agus tuilte.
(v) Obair thaighde agus tionscadail nua:
lena gcuirtear le hobair na gluaiseachta maidir le feirmeoireacht orgánach i ndáil
le tuiscint ar an ról atá ag a mbíonn ar marthain san ithir agus ag timthriall an
chothaithigh orgánaigh maidir le cothú plandaí agus sláinte plandaí
lena measfaí ó thaobh cainníochta a oiread agus a d'fhéadfadh feirmeoireacht
orgánach maith a dhéanamh maidir le laghdú ar gháis cheaptha teasa trí
leibhéal an charbóin san ithir a ardú agus feabhas a chur ar an ráta
oscaídiúcháin maidir le meatán san ithir.
Cúram don ithir - “Ná ceap gur salachar an ithir”
Tag: The Soil Association
Féach freisin:
Turgnaimh le Carraigeacha agus Ithreacha – Tíreolaíocht Treoirlínte do Mhúinteoirí,
leath. 113.
Nótaí faoi phéisteanna talún:
16
Topaic 4: An Ithir
An tábhacht atá le péisteanna talún
Ní simplí an obair a dhéanann péisteanna talún ó thaobh na héiceolaíochta de. Scríobh
Charles Darwin, an nádúraí clúiteach, i ndáil leo tar éis staidéar grinn a dhéanamh orthu
go mbeadh amhras an raibh aon ainmhí eile a raibh oiread tábhachta leis i stair an
domhain agus a bhí leis na hainmhithe uirísle eagraithe seo.
Conas a oibríonn an phéist talún?
Treabhann an phéist an ithir trí tholláin a dhéanamh tríthi. Bíonn na tolláin sin ina
mbealaí ag aer agus uisce le dul tríd an ithir agus tá tábhacht leis sin ó tharla go mbíonn
aer agus uisce de dhíth ar mhiocrorgánaigh san ithir agus ar fhréamhacha na bplandaí
chomh mór agus a bhíonn orainn féin.
Mura dtarlaíonn treabhadh de chineál éigin, éiríonn an ithir balctha, ní féidir leis an aer
ná leis an uisce imeacht tríd, agus ní féidir le fréamhacha plandaí fás tríd. Is léir ó bheart
staidéir amháin go dtarlaíonn gach bliain ar acra (0.4 heicteár) den ghnáth-thalamh
saothraithe, go dtéann 16,000 punt (7200 kg) ithreach trí phutóga péisteanna agus go
bhfágtar sin i mullach na hithreach - 30,000 punt (13,500 kg) san ithir a bhfuil na
péisteanna an-fhairsing inti! De réir mar a ríomh Charles Darwin féin, dá mbeifí lena
gcuireann an phéist amach le linn deich mblian d'obair na bpéisteanna ar acra amháin
ithreach a scaradh ar fud an acra sin, bheadh doimhne dhá orlach (5.08 cm) ann.
Ba cheart dúinn bheith buíoch faoi sin ó tá salachar na péiste - nó castreabhadh mar a
déarfaí nuair a fhágtar ar dhroim na talún é - lán le nitrigin, cailciam, maignéisiam agus
fosfar, agus is tábhacht an t-ábhar cothaithe gach ceann acu sin maidir le héiceachórais
bhisiúla den rath. Fiú ar chúl an tí sin agat féin, b'fhéidir go mba léir go bhfásann féar
níos airde agus níos glaise thart ar phoill na bpéisteanna ná mar a fhásann cúpla orlach
ar shiúl.
5.3.6 Conas a dhéanann an phéist taisteal tríd an ithir?
Tá míniú an mhodh taistil atá ag an bpéist le fáil ó dhá ní nach léir ar an gcéad
fhéachaint. Cé nach mbíonn aon chnámh sa phéist, ligeann an córas casta matán atá
iontu dóibh ní amháin lúbarnach a dhéanamh ach athrú go tréan tobann freisin idir
cuma gearr tiubh agus riocht fada tadaí.
Tá guairí beaga bídeacha ar an bpéist thalún ar a dtugtar séití (seta uatha agus setae
iolra sa Laidin), iad chomh beag agus gur ar éigean atá amharc orthu agus iad á
gcoinneáil istigh sa cholainn an chuid is mó den am. Nuair is mian leis an bpéist fanacht
san uachais, sáitear na séití isteach san ithir atá ar gach aon taobh díobh, mar a bheadh
cos i dtaca ag ainmhí níos mó. Is úsáideach an cleas é sa chás go mbeireann éan ar
cheann na péiste agus go mbíonn sé ag iarraidh an phéist a tharraingt as an talamh.
Daingníonn na séití an phéist chomh maith sin agus go bhféadfadh go mbrisfeadh sí
níos luaithe ná a tharraingeofaí amach í.
Nuair is mian léi gluaiseacht chun cinn, baineann an phéist, leis an gcóras casta matán
atá inti, síneadh fada as a colainn ar dtús. Daingnítear tosach na péiste ansin trí na séití
tosaigh a shá san ithir. Tarraingíonn sí anois an leath deiridh chun tosaigh, go mbíonn
cúbtha, gearr, ramhar. Nuair a bhíonn an leath deiridh san áit chóiriúil, tarraingítear na
séití tosaigh as an ithir agus sáitear séití ar an leath deiridh go mbíonn an chuid sin i
dtaca. Tá an leath tosaigh in ann imeacht ar aghaidh san uachais anois agus an phéist
ag baint síneadh fada tanaí aisti féin arís. Déantar mar sin arís agus arís eile.
17
Topaic 4: An Ithir
Acmhainní eile maidir leis an ithir agus péisteanna talún
Ithir
soil.gsfc.nasa.gov/
Cé mhéad ithreach atá ann? - soil.gsfc.nasa.gov/app_soil/hmsoil.htm
The Soil Association (An Ríocht Aontaithe) - An tábhacht agus na feidhmeanna a
bhaineann le beocht san ithir
www.soilassociation.org
www.urbanext.uiuc.edu/gpe/index.html
landscaping.about.com/cs/cheaplandscaping1/f/three_soils.htm
library.thinkquest.org/J003195F/newpage4.htm
Cé a mhaireann san ithir?
www.tqnyc.org/NYC040803/buglife02.html
greenpack.rec.org/soil/about_soil/03-01-01.shtml
www.zephyrus.co.uk/animalsinthesoil.html
www.zephyrus.co.uk/soil1.html
www.k5geosource.org/activities/invest/soil/q5/pg1.html
Péisteanna talún
yucky.discovery.com/flash/worm/pg000102.html
www.learner.org/jnorth/search/Worm.html
Eddie earthworm interview
yucky.discovery.com/flash/worm/pg000216.html
18
Topaic 5: Uisce
Topaic 5:
Uisce
Réimse Curaclaim:
OSIE
Ábhar:
Tíreolaíocht
Snáithe:
Imshaoil nádúrtha
Feasacht agus cúram imshaoil
Snáithaonaid:
An t-imshaol nádúrtha áitiúil
An Aimsir / Aimsir, aeráid agus aerbhrat
Aire don dúiche timpeall orm / Cúram imshaoil
De réir leibhéil:
Naíonáin
An t-imshaol
nádúrtha
áitiúil
Ranganna 1
agus 2
Ranganna 3
agus 4
Uisce sa chomharsanacht a bhreathnú, a phlé agus a
imscrúdú – fliuchras, locháin agus srutháin, uisce,
gaineamh agus clocha i srutháin, locháin, locha agus le
cladach.
An Aimsir
Saghasanna aimsire a bhreathnú – laethanta báistí,
laethanta grianmhara, laethanta ceomhara.
A aithint go mbaineann patrúin áirithe aimsire leis na
séasúir - an samhradh / an geimhreadh.
Aire don
dúiche
timpeall orm
Straitéisí simplí d'fhonn aire a thabhairt don timpeallacht
a phlé - bruscar a chur de láimh go cuí.
An t-imshaol
nádúrtha
áitiúil
Uisce sa chomharsanacht a bhreathnú, a phlé agus a
imscrúdú – an bhaint atá idir fliuchras, locháin,
draenacha agus srutháin.
Már is féidir le huisce ábhair a bhogadh a imscrúdú.
Uisce agus na húsáidí as a phlé.
An Aimsir
An aimsir a bhreathnú agus a chlárú
Cineálacha éagsúla néalbhrait a shamhlú le cineálacha
éagsúla aimsire.
Athruithe séasúracha agus an tionchar a bhíonn acu ar
dhaoine, ar ainmhithe agus ar phlandaí a shonrú.
Aire don
dúiche
timpeall orm
Feasacht a fhorbairt faoi uisce a bheith riachtanach don
imshaol.
A thuiscint gur féidir uisce a thruailliú.
An t-imshaol
nádúrtha
áitiúil
An bhaint idir srutháin, locháin, aibhneacha agus locha,
ainmhithe agus daoine a bhreathnú agus a iniúchadh.
Scéal na habhann a iniúchadh, ón bhfoinse go dtí an
fharraige.
Aimsir, aeráid
agus aerbhrat
Faisnéisí simplí aimsire a chlárú, a léiriú agus a phlé cineálacha scamall, teocht, fliuchras agus treo na
gaoithe.
Feasacht
imshaoil
An chomhghaolmhaireacht atá idir neacha beo agus
nithe neamhbheo san imshaol áitiúil agus in imshaoil
19
Topaic 5: Uisce
nach iad a aithint - plandaí, ainmhithe, uisce, aer agus
ithir sna gnáthóga.
Ranganna 5
agus 6
Aire don
imshaol
Páirt a ghlacadh sa réiteach ar ábhar imní - truailliú ar
bhealach uisce etc., póstaer a dhearadh, litir a scríobh.
An t-imshaol
nádúrtha
áitiúil
Srutháin, aibhneacha agus locha a iniúchadh agus
foghlaim mar gheall orthu.
Na naisc atá idir rith chun srutha agus draenáil sa
chomharsanacht a bhreathnú agus buntuiscint orthu a
shaothrú, e.g. draenacha i gclós na scoile, sa tsráid nó ar
thalamh feirme a cheangal le fo-aibhneacha, aibhneacha
agus tuilemhánna.
An Aimsir
Staidéar ar thimthriall an uisce.
Scrúdú a dhéanamh ar roinnt fadhbanna a bhaineann le
rith chun srutha.
Feasacht
Imshaoil
Léirthuiscint a chothú ar na bealaí ina n-úsáideann
daoine uisce agus tuiscint a fháil ar an ngá atá le huisce
a chaomhnú agus a athchúrsáil.
Aire don
imshaol
Imscrúdú a dhéanamh mar gheall ar an mbail atá ar
shruthán, abhainn, lochán nó loch sa chomharsanacht
agus sa chás go bhfuil ceist truaillithe ag baint leis,
bearta a d'fhéadfaí a dhéanamh a chur chun cinn agus
páirt a ghlacadh sa réiteach.
Nótaí don mhúinteoir:
Comhtháthú breise sa churaclam :
Na hAmharcealaíona
Corpoideachas
Eolaíocht
Dath, uigeacht, neart, cruas, meáchan
Gníomhaíocht taobh amuigh
Dúile beo; ábhar
20
Topaic 5: Uisce
Nótaí faoi uisce
Substaint choitianta ceimice is ea an t-uisce atá riachtanach do gach foirm bheatha a
bhfuil eolas uirthi. Nuair a luaitear uisce sa ghnáthchaint, is don fhoirm nó don staid
leachta amháin a bhítear ag tagairt, ach tá staid soladach, oighear, agus staid gásach,
gal uisce, ag baint leis an tsubstaint chomh maith. Tá 71% de dhroim an Domhain faoi
timpeall is 1,460 teireathonna (Tt) uisce, an chuid is mó de sin sna haigéin agus i
ndogharlaigh fairsinge eile. Tá 1.6% den uisce faoi thalamh in uiscígh agus 0.001%
san aer mar ghal, mar scamaill (déanta suas as cáithníní soladacha agus leachtacha uisce
ar fuaidreamh san aer) agus mar fhrasaíocht. Tá roinnt d'uisce an Domhain i nithe de
dhéantús an duine agus den nádúr i ngar do dhroim an Domhain, mar shampla túir
uisce, i gcolainneacha ainmhithe agus i bplandaí, earraí déantúsaíochta agus siopaí bia.
In aigéin sáile atá 97% d'uisce dhroim an domhain, tá 2,4% de in oighearshruthanna
agus sna hoighearchaidhpeanna polacha agus 0.6% i ndobharlaigh dromchla eile, mar
shampla, aibhneacha agus lochanna. Bíonn an t-uisce seasta ar an timthriall leanúnach
trí ghalú nó trasghalú, frasaíocht agus rith le sruth, go dtagtar go hiondúil go dtí an
fharraige. Tugann an ghaoth gal uisce i dtír ar an ráta céanna a ritheann uisce le sruth
isteach san fharraige, timpeall is 36Tt in aghaidh na bliana. Tagann 71 Tt eile in
aghaidh na bliana ó ghalú agus trasghalú os cionn talún ionas go dtarlaíonn frasaíocht
107 Tt in aghaidh na bliana os cionn talún. Bíonn roinnt uisce coinnithe ar feadh
tréimhsí éagsúla in oighearchaidhpeanna, oighearshruthanna, uiscígh, nó i lochanna,
agus is as sin uaireanta a bhíonn soláthar fíoruisce don bheathra ar an talamh. Is den
riachtanas don dhuine agus do bheathra eile uisce glan úr a bheith ar fáil. Ina ainneoin
sin, is iomaí cuid den domhan - go háirithe tíortha nach bhfuil ach i mbéal forbartha - a
bhfuil uisce gann iontu. Is tuaslagóir an t-uisce maidir le réimse mór substaintí ceimice.
Tagairt: U.S. Geological Survey – Science for a changing world
21
Topaic 5: Uisce
Tagairt: U.S. Geological Survey – Science for a changing world
Ábhar acmhainne eile maidir leis an uisce:
Féach freisin:
Eiseamláir 8 Uisce, topaic chomhtháite san eolaíocht agus sa tíreolaíocht Eolaíocht Treoirlínte do Mhúinteoirí, leathanach 48
Breathnaigh ábhar faoi uisce ag:
ga.water.usgs.gov/edu/
ga.water.usgs.gov/edu/mearth.html
Uisce - Timthriall an Uisce
observe.arc.nasa.gov/nasa/earth/hydrocycle/hydro1.html
www.epa.gov/OGWDW/kids/cycle.html
h2o.usgs.gov/public/realtime.html
Uisce Athchúrsáilte
en.wikipedia.org/wiki/Reclaimed_water
Corcach ghiolcaí
en.wikipedia.org/wiki/Reedbed
Obair Ranga
ceangal le Forbraíocht Inmharthana:
Déan plé ar thionscal an uisce i mbuidéil - an fuinneamh a chaitear lena chur i mbuidéil,
ciliméadair bia, an diúscairt ar ghabhdáin agus ar bhuidéil phlaistigh.
22
Topaic 6: Bia Shláintiúil
Topaic 6:
Bia Shláintiúil
Réimse Curaclaim:
OSPS
Ábhar:
OSPS
Snáithe:
Mise
Mise agus an domhan mór
Snáithaonaid:
Bia agus cothú
Cúram imshaoil
De réir leibhéil:
Ranganna Bia agus cothú
Naíonán
Cúram
imshaoil
Ranganna Bia agus cothú
1 agus 2
Cúram
imshaoil
Ranganna Bia agus cothú
3 agus 4
Teacht ar thuiscint ar an tábhacht atá le bia maidir le fás
agus le forbairt.
Iniúchadh a dhéanamh maidir leis an mbia is rogha le duine
agus leis an ról atá aige in aiste chothrom bia.
Plé agus iniúchadh a dhéanamh maidir le cáilíocht agus
aicmí éagsúla bia.
An tábhacht atá le réim mhaith sláinteachais le linn béile a
thuiscint.
A thuiscint go bhfuil cúram orainn ar fad i leith na
timpeallachta.
Tábhacht an bhia i gcothú fáis, i mbuanú sláinte agus i
soláthar an fhuinnimh a iniúchadh.
A thuiscint gur den riachtanas an chothromaíocht, an
rialtacht agus an mheasarthacht maidir leis an réim bia.
Roinnt de na cineálacha bia a fhaightear ó phlandaí agus ó
ainmhithe a aithint.
Cén dramhaíl bia ar féidir múirín a dhéanamh as?
An féidir athchúrsáil a thabhairt ar an ábhar pacáistíochta le
do chuid bia?
Idirdhealú a dhéanamh idir réim shláintiúil bia agus réim
mhíshláintiúil bia agus an ról atá ag an gcothromaíocht
agus ag an measarthacht a léirthuiscint - na cothaithigh atá
riachtanach i réim chothrom bia a aithint, iniúchadh a
dhéanamh ar an gcaoi a gcothaíonn an réim bia fás,
feidhmiú agus forbairt.
An rogha leathan bia atá ar fáil a aithint agus an bia a
rangú sna ceithre phríomhaicme agus de réir an ionaid ar
phirimid an bhia - arán, práta agus gránbharra; torthaí agus
glasraí; bainne, cáis agus iógart; feoil, iasc agus roghanna
eile.
Riachtanais bhia aoisghrúpa an pháiste a scrúdú mar aon le
grúpaí eile de chuid na sochaí.
Na tosca a imríonn tionchar ar an tomhaltóireacht maidir le
táirgí éagsúla bia a iniúchadh.
23
Topaic 6: Bia Shláintiúil
Cúram
imshaoil
Ranganna Bia agus cothú
5 agus 6
Cúram
imshaoil
An tábhacht le sláinteachas i gcúrsaí bia a phlé.
A thuiscint go bhfuil de fhreagracht orainn ar fad i leith an
imshaoil cúram a dhéanamh de agus é a chosaint ar
mhaithe leis na glúnta atá ag teacht inár ndiaidh.
An tábhacht atá leis an dea-chothú i ndáil le fás agus
forbairt agus fanacht folláin a léirthuiscint.
A thuiscint go bhfuil freagracht phearsanta i gceist maidir le
roghnú go stuama idir cineálacha bia agus réim shláintiúil
chothrom bia a leanacht agus cuid den fhreagracht sin a
ghlacadh air féin.
Pirimid an bhia a iniúchadh.
Roinnt de na cothaithigh tábhachtacha ar den riachtanas
iad in aiste chothrom bia a aithint chomh maith leis na táirgí
bia ina bhfuil siad le fáil - Macra-chothaithigh: próitéin,
carbaihíodráití, saill. Miocra-chothaithigh: vitimíní agus
mianraí.
Na tosca a théann i gcion ar roghanna bia a iniúchadh:
costas, bolscaireacht, éileamh, brú ó phiaraí, fógraíocht
agus pacáistíocht, luach do chuid airgid, am le haghaidh
siopadóireachta agus le haghaidh cócaireachta, dearcadh
maidir leis an gcuma is fearr ar an gcolainn.
Roinnt de na cineálacha breoiteachta a bhaineann go
speisialta leis an aiste bia nó le riocht áirithe sláinte a
iniúchadh agus a scrúdú: céiliach, diaibéiteach, anoireicse,
búilime, an riachtanas bia ag aoisghrúpaí éagsúla agus ag
an duine aonair faoi leith.
Teacht ar thuiscint faoin tábhacht atá le sláinteachtas agus
cúram nuair atá bia á ullmhú agus á úsáid trína chaitheamh
roimh an spriocdháta díolacháin, an cuntas ar ábhar an bhia
a léamh, gan bia cócaráilte agus bia nach bhfuil cócaráilte a
ghearradh ar an gclár ullmhúcháin amháin.
Bheith ar an eolas faoin úsáid a bhaintear as leasú agus
lotnaidicídí ceimicigh agus plé a dhéanamh maidir le malairt
ábhair i ngarraí na scoile agus sa gharraí sa bhaile.
Dramhábhar torthaí agus glasraí a chur i leith múirín.
Pacáistíocht: Laghdaigh, athúsáid, agus athchúrsáil agus cuir
i leith múirín más féidir. Plé a dhéanamh ar dhramhaíl inbhithdhíghrádaithe agus dramhaíl neamhinbhithdhíghrádaithe ó ábhar pacáistíochta le bia a phlé.
Imscrúdú a dhéanamh mar gheall ar an tionchar a imríonn
tionscal bia go háitiúil ar an imshaol.
Cineálacha bia ó pháirteanna éagsúla den domhan a
iniúchadh.
An scoil agus an limistéar máguaird a ainmniú ina limistéar
saor ó bhruscar.
Nótaí don mhúinteoir:
Féach freisin:
Eiseamláir 9
Bia - Eolaíocht Treoirlínte do Mhúinteoirí, l. 51
Eiseamláir 14
Rangú agus Socrú – OSPS Treoirlínte do Mhúinteoirí, l. 79
24
Topaic 6: Bia Shláintiúil
Nótaí faoi bhia sláintiúil
Is cúnamh cothú maith agus réim chothrom bia don pháiste maidir le fás suas
folláin.
Is cuma cén aois an páiste nó an déagóir, seo cúig cinn de na straitéisí is fearr a
fhéadann teaghlaigh a leanacht d'fhonn feabhas ó thaobh cothaithe agus nósanna
ciallmhara iteacháin a chothú:
1. Béilí a bheith go rialta ag an teaghlach le chéile;
2. Réimse bianna agus sneaiceanna sláintiúla éagsúla a chur ar fáil;
3. Bheith i do eiseamláir maidir le bia sláintiúil a chaitheamh;
4. Aon aighneas faoi bhia a sheachaint;
5. Na páistí a tharraingt isteach sa phróiseas.
Ach ní furasta déanamh de réir bhearta mar iad sin nuair atá gach duine gnóthach lena
sceideal féin agus an bia soghafa ar fáil chomh héasca agus a bhíonn.
Seo roinnt bealaí inar féidir le teaghlaigh na straitéisí ar fad a thabhairt isteach faoin
ngnáthmhodh maireachtála acu.
Béilí an teaghlaigh
Is deas an gnás béile an teaghlaigh do na tuismitheoirí agus do na páistí. Taitníonn an
rialtacht leis na páistí agus tugann béile an teaghlaigh deis do na tuismitheoirí comhrá a
bheith acu leis na páistí faoin lá atá á chaitheamh acu.
Tá tugtha faoi deara maidir le páistí a chaitheann béilí go rialta leis an teaghlach:
- gur mó an seans go n-íosfaidh siad torthaí, glasraí agus ábhar gráin
- gur lú an seans go mbeidh siad ag ithe bianna míshláintiúla mar sneaiceanna
- gur lú an seans go gcaithfidh siad tobac nó marijuana, nó deoch meisciúil.
Chomh maith leis sin, tugann an béile leis an teaghlach seans bia nua a chur os comhair
an pháiste agus bheith mar eiseamláir aige maidir le bia sláintiúil a chaitheamh.
B'fhéidir gur beag spéis a léireodh déagóirí i mbéile leis an teaghlach - ní nach ionadh
nuair atá de rún acu an neamhspleáchas a bhaint amach. Ina ainneoin sin, is léir ó obair
staidéir gur mian leis an déagóir i gcónaí comhairle na dtuismitheoirí a bheith ar fáil
agus is féidir tráthanna béilí a úsáid mar dheis caidreamh a cheangal arís.
B'fhéidir freisin gurbh fhiú straitéisí mar iad seo a leanas a thriail:
Ligtear do leanaí níos sine cara a iarraidh chuig an dinnéar.
Tarraingítear leanaí níos sine isteach sa phleanáil agus san ullmhúchán don
bhéile.
Coinnítear tráthanna béile ciúin, cóiriúil - gan aon léacht á thabhairt ná argóint
ar siúl.
Cad a chomhaireann mar bhéile teaghlaigh?
Tráth ar bith a gcaitheann an teaghlach béile in éineacht - cuma ar bia isteach atá ann
nó béile a ullmhaíodh sa bhaile agus gach cóir air. Féachtar le bia a bhfuil cothú ann a
chur ar fáil ag am ar féidir le gach duine a bheith i láthair. D'fhéadfadh go mbeadh gá
leis an dinnéar a ithe beagán níos deireanaí má tá páiste ag cleachtadh spóirt.
D'fhéadfadh freisin go mbeadh am ar leith le socrú ar an deireadh seachtaine, am lóin
ar an Domhnach mar shampla, nuair a bheadh sé cóiriúil ag an uile dhuine cruinniú le
chéile.
25
Topaic 6: Bia Shláintiúil
Stór bia sláintiúil
Is é an rud atá ar fáil sa bhaile is mó a itheann páistí, go háirithe na páistí is óige. Sin é
an fáth ar tábhachtach an rud smacht a oibriú ar an soláthar - an bia a riartar ag am
béile agus a bhíonn ar fáil ag am sneaiceanna.
Ba cheart don teaghlach déanamh de réir na dtreoirlínte bunúsacha seo:
Torthaí agus glasraí a bheith mar chuid de ghnáthaiste bia an lae, ag féachaint le
sprioc cúig riarchuid ar a laghad in aghaidh an lae a bhaint amach.
Cinntiú go riartar torthaí nó glasraí le gach béile.
Socrú gur furasta don pháiste sneaiceanna sláintiúla a roghnú trí thorthaí agus
glasraí a choinneáil in aice láimhe agus iad réidh lena n-ithe. I measc na
sneaiceanna maithe eile, bheadh iógar beagmhéathrais, im píseanna talún agus
soilire, nó craicear slánghráin agus cáis.
Déantar feoil thrua agus foinsí maithe eile den phróitéin a riar, mar shampla,
iasc, uibheacha, pónairí agus cnónna.
Roghnaítear arán agus ábhar arbhair slánghráin ionas gur mó snáithín a
fhaigheann an páiste.
Cuirtear teorainn leis an méid saille a thógtar isteach trí bhia dhomhainfhriochta
a sheachaint agus modhanna cócaireachta níos sláintiúla a roghnú, mar
shampla, gríoscadh, róstadh agus galú. Roghnaítear táirgí déiríochta ar bheagán
méathrais nó ar saor ó mhéathras.
Bíodh teorainn leis an méid bia luathriartha agus sneaiceanna eile ar bheagán
cothú, mar shampla slisíní. Ná cuirtear bac iomlán ar an sneaic is rogha le duine
a ithe sa bhaile. Bídís ina mbia "anois agus arís" ionas nach n-airíonn an páiste
go bhfuiltear gortach leis.
Bíodh teorainn leis an méid deochanna lán siúcra a óltar, mar shampla
deochanna sóide agus deochanna faoi bhlas torthaí. Cuirtear uisce agus bainne
beagmhéathrais ar an mbord ina n-áit.
Tusa an eiseamláir!
Níl bealach níos fearr le caitheamh an bhia shláintiúil a spreagadh ná bia folláin a ithe
thú féin. Leanfaidh an páiste an sampla a fheiceann sé gach lá ón duine fásta. Beidh an
treoir cheart á tabhairt má itheann tú torthaí agus glasraí agus mura n-itear an iomarca
den stuf nach bhfuil cothú ann.
Bealach eile inar féidir bheith i d'eiseamláir teorainn a choinneáil leis an sciar den bhia a
chuirtear ar an bpláta agus gan a bheith amplach. Labhair ar a bheith sách, go háirithe
le leanaí óga. B'fhéidir go ndéarfaí, "Tá seo an-bhlasta, ach tá mise sách agus ní
íosfaidh mé níos mó." Ar an gcaoi chéanna, tharlódh go gcothódh tuismitheoirí a
bhíonn seasta ar dhianaiste bia nó ag casaoid faoina gcolainn tuiscint den chineál
céanna sna leanaí ina leith féin. Triailtear dearcadh na buntáiste a choinneáil i gcónaí i
leith an bhia.
26
Topaic 6: Bia Shláintiúil
Ná bíodh aon aighneas faoi bhia
Is furasta a tharraingítear aighneas mar gheall ar bhia. Tharlódh go mbeadh
tuismitheoirí ag margáil le páiste nó ag tairiscint breabanna le fonn is go n-itheadh sé an
bia sláintiúil atá os a chomhair. B'fhearr mar straitéis, roinnt den chúram a fhágáil faoi
chomhairle an pháiste féin ach teorainn a bheith leis na cineálacha bia a bhíonn ar fáil
sa teach.
Ba chóir gurbh é an páiste a shocródh an bhfuil goile air nó nach bhfuil, an méid a
íosfaidh sé den bhia a chuirtear os a chomhair, agus nuair atá sé sách. Is féidir leis na
tuismitheoirí smacht a bheith acu ar na cineálacha bia atá ar fáil don pháiste, ag am
béile agus ag tráthanna eile.
Seo roinnt treoirlínte is fiú a leanacht:
Leagtar amach sceideal sothuigthe maidir le béilí agus sneaiceanna. Tá sé OK
socrú gan rud a ithe nuair atá a fhios ag na tuismitheoirí agus ag na páistí araon
cathain a bheidh an chéad bhéile eile nó an chéad sneaic eile ag teacht;
Ná brúigh ar pháistí an pláta a ghlanadh. Nuair a dhéantar sin múintear dóibh
coinneáil ag ithe ainneoin iad ag aireachtáil sách;
Ná bíodh bia mar bhreab nó mar dhuais uait do na páistí. Ná húsáidtear milseog
mar dhuais as ucht an béile a ithe;
Ná húsáidtear bia mar bhealach chun an gean atá agat ar pháiste a léiriú. Nuair
atá uait an gean sin a thaispeáint, beir barróg ar an bpáiste, caith am leis nó
tabhair moladh dó.
Tarraingítear na páistí isteach
Bainfidh an chuid is mó de na páistí taitneamh as socrú faoin rud a réitítear don dinnéar.
Labhair leo faoin rogha is féidir a dhéanamh agus faoi bhéile den chothromaíocht a
phleanáil. Beidh roinnt ar mhaith leo cúnamh a thabhairt leis an tsiopadóireacht go
bhfaightear ábhar an bhéile agus lena ullmhú. Múintear don pháiste sa siopa leis na
lipéid ar ábhar bia a sheiceáil agus tosú ag tuiscint cén sórt eolais ar gá suntas a
thabhairt dó.
Roghnaítear obair a oireann d'aois an pháiste sa chistin ionas gur féidir leis an bpáiste
cion a dhéanamh gan aon chontúirt go ngortófaí é ná go n-aireodh sé an iomarca brú
air. Nuair atá an béile thart, ná dearmad moladh a thabhairt don chef.
Is féidir le páiste ceacht eile a fhoghlaim maidir leis an lón ar scoil. Níos tábhachtaí ná
sin, más féidir iad a chur ag smaoineamh faoin rud a itheann siad ag am lóin, b'fhéidir
go mbeadh sin ina bhun acu le hathrú chun feabhais a dhéanamh. Smaoinítear le chéile
ar na cineálacha bia ba mhaith leo ar an lón nó téitear ag siopadóireacht le chéile ag
lorg cineálacha bia atá sláintiúil agus is féidir a phacáil le haghaidh an lóin.
Tá fáth tábhachtach eile gur cheart páirt a thabhairt don pháiste sa chúram.
D'fhéadfadh sé bheith ina chabhair dó arís maidir le rogha stuama a dhéanamh faoin
mbia is mian leis a ithe nuair atá sé as féin. Ní hé sin le rá go mbeidh tóir ag an bpáiste
ar shailéad in ionad criospaí ón nóiméad seo amach, ach d'fhéadfadh na nósanna a
chothaítear maidir le béilí anois a bheith ina siocair le rogha sláintiúil ar feadh an tsaoil.
27
Topaic 6: Bia Shláintiúil
Acmhainní eile maidir le bia folláin:
Seiceáiltear roinnt oideas bia folláin do leanaí de gach aois.
Bia Sláintiúil do na tuismitheoirí
www.kidshealth.org/parent/nutrition_fit/nutrition/habits.html
Clár Bia Sláintiúil na Food dudes
www.fooddudes.ie/html/parents_what.html
Marc ardcháilíochta Bord Bia www.bordbia.ie/consumers/recipes/qas_pork_new.html
Oidis de chuid an Bhord Bia
www.bordbia.ie/Consumers/Recipes
Irish Organic Farmers and Growers Association – lón comhairle faoi bhia Orgánach
in Éirinn; an tairbhe atá as agus an áit a bhfuil bia orgánach le ceannach;
www.iofga.org/consumers.htm
Gluaiseacht na Mallchúise maidir le Bia
www.slowfood.com/
Lucht Sábhála Síolta
www.irishseedsavers.ie/
Lucht sábhála síolta ar scoil- homepage.eircom.net/~foregan/carnaun/seedsavers.html
Oidis Scoileanna
Leabhar cócaireachta scoileanna idirnáisiúnta
www.eat-online.net/english/cookbook/cookbook.htm
Leabhar Cócaireachta Scoil Náisiúnta an Charnáin
www.eat-online.net/english/cookbook/irish%20_recipes.htm
28
Topaic 7: An tÉiceachóras
Topaic 7:
An tÉiceachóras
Réimse Curaclaim:
OSIE
Ábhar:
Eolaíocht
Snáithe:
Dúile beo
Feasacht agus Cúram Imshaoil
Snáithaonaid:
Plandaí agus ainmhithe
Cúram díom féin agus den timpeallacht / Cúram Imshaoil
Feasacht imshaoil (Rang a 4 go dtí Rang a 6)
Eolaíocht agus an tImshaol (Rang a 4 go dtí Rang a 6)
Cúram imshaoil (Rang a 4 go dtí Rang a 6)
Fo-shnáithaonad:
Próisis na Beatha
De réir leibhéil:
Naíonáin
Sóisir agus
Naíonáin
Sinsir
Plandaí agus
ainmhithe
Próisis na
Beatha:
Cúram den
timpeallacht
Plandaí agus ainmhithe éagsúla i ngnáthóga éagsúla sa
gharthimpeallacht a thabhairt faoi deara, a phlé agus a
aithint - crainn choitianta agus plandaí coitianta eile, éin
choitianta agus ainmhithe eile i ngnáthóga de leithéid an
locháin, an chrainn, fhálta sceach, an fhéir, charraigeacha
agus na hithreach.
Teacht ar an eolas faoi ainmhithe agus plandaí ó imshaol
eile.
Dúile beo a shórtáil agus a chnuasach i dtacair: bláthanna,
duilleoga, crainn, éin, torthaí agus glasraí.
Codanna seachtrach dúile beo a aithint agus a ainmniú;
bláth, duille, gas, fréamh, eireaball, cos, gob, cleití.
Fás agus athrú a thabhairt faoi deara i roinnt áirithe dúl beo.
Na tosca maidir le bleibíní agus síolta a fhás san ithir, i
gcaonach tais nó ar pháipéar fliuch a iniúchadh.
A thabhairt faoi deara go dtéann ainmhithe agus plandaí
faoi athrú de réir an tséasúir maidir lena gcuma nó a gcuid
iompraíochta e.g. athrú datha, titim an duilliúir, cuma
bachlóige agus an bhuinneáin, codladh geimhridh.
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste: tréithe an imshaoil
áitiúil a thabhairt faoi deara, a phlé agus a léirthuiscint,
áilleacht agus éagsúlacht na bplandaí i ngnáthóga éagsúla,
tréithe taitneamhacha na ngnéithe fisiceacha, nádúrtha
agus daonna.
A aithint gur i gcomhpháirt leis an flora agus leis an fauna
atá an duine san imshaol.
Meon freagrachta a thabhairt chun cinn maidir le cúram a
dhéanamh den imshaol agus feabhas a chur air.
Straitéisí simplí chun feabhas a chur ar an imshaol agus
cúram a dhéanamh de a aithint, a phlé agus a chur i
ngníomh.
29
Topaic 7: An tÉiceachóras
Ranganna Plandaí agus
ainmhithe
1 agus 2
Próisis na
beatha
Cúram den
chomharsanacht
Éagsúlacht agus airíonna dúl beo.
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste: réimse dúl beo i
ngnáthóga agus in imshaoil na comharsanachta a
thabhairt faoi deara, a phlé agus a aithint.
Crainn choitianta agus plandaí eile, éin choitianta agus
ainmhithe eile, feithidí agus mionainmhithe coitianta i
ngnáthóga éagsúla, mar shampla an fhoraois, talamh
neamhshaothraithe, fálta sceach, an lochán,
carraigeacha, an sruthán agus an cladach, a aithint.
Teacht ar an eolas faoi phlandaí agus ainmhithe in
imshaoil níos faide ó bhaile.
Codanna roinnt áirithe dúl beo a aithint agus cur síos
orthu: fréamh, duilleog, gas planda, cabhail agus géaga
an chrainn, an ceann, an chos, an sciathán, an t-eireaball,
craiceann an ainmhí.
A thabhairt faoi deara gur planda an crann.
Sórtáil a dhéanamh ar dhúile beo agus iad a chnuasach
ina dtacair de réir airíonna áirithe e.g. codladh geimhridh;
imirce; ainmhithe feirme; ainmhithe agus plandaí ar ábhar
bia iad.
A aithint go mbíonn tosca bunriachtanachais nach foláir
don dúil bheo iad a bheith ar fáil go ndéanfaidh sí fás.
An riachtanas atá le huisce agus le teas don phlanda a
iniúchadh trí shíolta a chur ag fás.
Gabhdán oiriúnach chun síolta a chur ag fás ann a
dhearadh, a dhéanamh nó a chóiriú.
Imscrúdú a dhéanamh ar an mbealach a bhfreagraíonn
an planda don solas.
A thuiscint go dtarlaíonn athrú de réir an tséasúir i ndúile
beo agus scrúdú a dhéanamh ar na hathruithe a thagann
ar an flora agus ar an fauna i rith na séasúr éagsúil.
Teacht ar an eolas faoin saolré ag plandaí agus ainmhithe
coitianta.
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste gnéithe
nádúrtha agus daonna an imshaoil áitiúil a aithint, a phlé
agus a léirthuiscint.
Na dúile beo i réimse gnáthóga éagsúla san imshaol áitiúil
agus in imshaoil níos faide ó bhaile a thabhairt faoi deara
agus tuiscint orthu a chothú.
An chosúlacht agus an éagsúlacht idir plandaí agus
ainmhithe i ngnáthóga logánta éagsúla a thabhairt faoi
deara.
An tuiscint a chothú go bhfuil riachtanas le haer, uisce,
ithir, dúile beo agus dúile neamhbheo don imshaol.
Tosú ar a aithint gur ar scáth a chéile a mhaireann
daoine, ainmhithe agus plandaí.
A thabhairt faoi deara go bhfuil de fhreagracht ar gach
aon duine agus ar an bpobal i gcoitinne cúram a
dhéanamh den imshaol.
30
Topaic 7: An tÉiceachóras
Straitéisí simplí chun an timpeallacht a fheabhsú agus
chun cúram a dhéanamh di a aithint, a phlé agus a chur i
ngníomh: aire a thabhairt do bhaill éadaigh, do bhréagáin
agus do nithe eile, cúram a dhéanamh de dhúile beo sa
chomharsanacht.
Áiteanna a choinneáil glan, néata, sábháilte, sa bhaile, ar
scoi agus áiteanna spraoi.
Straitéisí simplí chun an timpeallacht a chosaint, a
chaomhnú agus a fheabhsú a aithint agus cuidiú lena
gcur i bhfeidhm, crainn agus bláthanna a chur, garraí
scoile a thabhairt chun cinn, páirt a ghlacadh i
bhfeachtais in aghaidh an bhruscair.
Teacht ar an eolas faoi bhealaí ina dtarlódh truailliú nó
milleadh ar an imshaol trí bhruscar, truailliú,
loitiméireacht.
Ranganna Plandaí agus
ainmhithe
3 agus 4
Próisis na
Beatha
Éagsúlacht agus tréithe dúl beo:
Na hainmhithe agus na plandaí a mhaireann in imshaoil
logánta a bhreathnú, a aithint agus a imscrúdú, sruthán,
abhainn nó lochán áitiúil, cladach, gné den timpeallacht
tuaithe áitiúil (e.g. colbha bóthair nó bóithrín, fál sceach,
portach, páirc nó gort), gné de limistéar uirbeach áitiúil
(e.g. limistéir timpeall na scoile, páirc, fásach).
Teacht ar thuiscint fhorásach faoi phlandaí agus
ainmhithe as imshaoil níos faide ó bhaile.
Roinnt bealaí ina n-imríonn tosca imshaoil tionchar ar
iompraíocht ainmhí, nó ina dtéann an t-ainmhí in oiriúint
do na tosca imshaoil, a thabhairt faoi deara agus a
iniúchadh; a oiriúnaí atá plandaí d'áit faoi scáth, tais,
tirim, fliuch; an leas a bhaineann ainmhithe as dath nó as
duaithníocht.
Dúile beo a shórtáil agus a ghrúpáil ina dtacair de réir
gnéithe infheicthe: ainmhithe a bhfuil fionnadh, cleití,
gáinní orthu.
Comharthaí simplí a úsáid chun speicis choitianta plandaí
agus ainmhithe a shonrú.
A thuiscint go n-úsáideann plandaí fuinneamh solais ón
ngrian.
Teacht ar an tuiscint go mbíonn ainmhithe ag brath ar
phlandaí agus go hindíreach ar an ngrian maidir le bia a
fháil.
Slabhraí simplí bia a phlé.
Cuid de phróisis bhunúsacha na beatha i gcás ainmhithe a
thabhairt faoi deara - cothú, análú, fás, gluaiseacht,
atáirgeadh (timthriall na beatha), a gcéadfaí a úsáid, cró a
dhearadh agus a dhéanamh d'ainmhí sa chaoi agus go
ndéantar soláthar d'fás, d'aclaíocht agus do chothú an
ainmhí.
Na tosca a théann i gcion ar fhás plandaí a imscrúdú uisce, solas, cineál na hithreach, teocht.
31
Topaic 7: An tÉiceachóras
Feasacht
imshaoil
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste:
Gnéithe tairbheacha an imshaoil nádúrtha agus an
imshaoil foirgníochta a aithint trí bhreathnú, plé agus
clárú - dathanna, uigeacht agus cruthanna i gceantair
tuaithe agus chathrach, éagsúlacht an fhásra agus an
fhiadhúlra, réimse an ábhair, na bhfoirgneamh, na
mballaí agus ghnéithe eile, áiteanna a thugann taitneamh
do dhaoine agus na cúiseanna gur fearr leo na háiteanna
sin.
An comhcheangal idir gnéithe beo agus gnéithe
neamhbheo san imshaol logánta agus in imshaoil eile a
aithint - plandaí, ainmhithe, uisce, an t-aer agus an ithir
sna ngnáthóga.
Teacht ar an tuiscint faoina thábhachtaí agus atá
acmhainní in-athnuaite agus acmhainní neamhinathnuaite an Domhain.
An tionchar is féidir a bheith ag gníomhartha an duine ar
an imshaol a thabhairt faoi deara - crainn a chur agus a
leagan, fálta sceach a bhaint amach, riasc a thaoscadh,
foirgnimh a thógáil, bóithre agus droichid a dhéanamh.
Teacht ar léirthuiscint faoin ngá atá le hacmhainní a
chaomhnú - ábhar a athchúrsáil, pacáistíocht pháipéir a
úsáid seachas roinnt den phacáistíocht phlaistigh, ábhar a
aithint ar féidir feidhmeanna éagsúla a bhaint as, soilse a
mhúchadh, laghdú ar an méid uisce a úsáidtear.
Eolaíocht agus
an t-imshaol
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste:
Tosú ar úsáid na heolaíochta agus na teicneolaíochta i
gcomhthéacsanna coitianta a iniúchadh agus a
léirthuiscint;
sa
bhaile:
cócaireacht,
téamh,
folúsghlantóirí, meaisíní níocháin, tóstaeir; ar scoil: an
dearadh ar dheascanna ríomhaireachta, cathaoireacha,
peann, áireamháin, i siopaí: an dearadh ar thralaithe,
úsáid criosanna iompair i gcuntair, bealaí chun bia a
leasú, pacáistiú bia, i mbeartaíocht deartha agus
déantúsaíochta.
Roinnt bealaí a aithint ina gcuireann an eolaíocht agus an
teicneolaíocht le leas an phobail - córais iompair,
foirgníocht, droichid, bóithre, teicneolaíocht an eolais
agus na cumarsáide, insliú tithe, uirlisí agus gairis,
bréagáin, feirmeoireacht, cúrsaí leighis.
Gníomhartha de chuid an duine a mbíonn dea-thionchar
nó drochthiochar acu ar an imshaol áitiúil nó ar an
imshaol níos faide ó bhaile a aithint agus imscrúdú a
dhéanamh mar gheall orthu, bearta a chuireann leis an
imshaol foirgníochta, lena gcaomhnaítear an fásra agus
an fiadhúlra, e.g. garraí scoile a chur agus cúram a
dhéanamh de, dramhaíl in-bhithdhíghrádaithe agus
neamh-inbhithdhíghrádaithe a chruthú, cur isteach ar
chaighdeán an aeir, an uisce agus na hithreach.
Cúram imshaoil
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste:
Roinnt bealaí a iniúchadh ina bhféadfaí feabhas a chur ar
an imshaol go háitiúil e.g. feachtais athchúrsála, cabhrú le
32
Topaic 7: An tÉiceachóras
feachtas in aghaidh an bhruscair.
Saincheist maidir leis an imshaol go háitiúil, an t-imshaol
go náisiúnta nó an t-imshaol domhanda a aithint agus a
phlé, mar shampla, bruscar sa timpeallacht, eachtra nuair
a tharla truailliú, athrú maidir le flora agus fauna, bóithre
nua, foirgnimh, an gá le gnáthóg, maille leis an flora agus
an fauna ann, a chosaint, moltaí maidir le feabhas a chur
ar an imshaol - (e.g. an gá atá le bealaí rothaíochta in aice
na scoile).
Na cúiseanna tá leis an gcás a imscrúdú, léirthuiscint a
fháil ar na rólanna agus ar na tuairimí éagsúla atá ag
daoine atá gafa leis an gceist.
Bearta a d'fhéadfaí a dhéanamh a mholadh agus a phlé
agus tionchar na mbeart sin ar dhaoine agus ar an
imshaol a mheas.
A thuiscint go bhfuil de fhreagracht ar gach aon duine go
pearsanta agus ar an bpobal i gcoitinne cúram a
dhéanamh den imshaol.
33
Topaic 7: An tÉiceachóras
Ranganna Plandaí agus
ainmhithe
5 agus 6
Próisis na
Beatha
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste:
Na hainmhithe agus na plandaí a mhaireann i ngnáthóga
agus in imshaoil áitiúla a bhreathnú, a aithint agus a
scrúdú, sruthán áitiúil, abhainn nó lochán, lochán
carraige, cladach, gné den timpeallacht tuaithe áitiúil
(m.sh. an ithir, fál sceach, portach, foraois, páirc nó gort)
gné de limistéar uirbeach áitiúil (m.sh. comharsanacht na
scoile, an pháirc, talamh bán).
Feasacht fhorásach ar fhásra agus ar fhiadhúlra as
imshaoil níos faide ó bhaile a thabhairt chun cinn.
Idirghaolmhaireacht agus idirspleáchas na bplandaí agus
na n-ainmhithe i ngnáthóga áitiúla agus i ngnáthóga eile a
aithint; go mbíonn plandaí agus ainmhithe ag brath ar a
chéile agus san iomaíocht le chéile freisin; coincheap
slabhraí bia agus líonraí bia.
A thabhairt faoi deara gur foinse fuinnimh don phlanda
an ghrian trí fhótaishintéis.
Cuid de na bealaí ina dtagann iompraíocht plandaí agus
ainmhithe faoi thionchar an imshaoil nó in oiriúint dó a
bhreathnú agus a iniúchadh; na tosca a bhaineann le
hionad na gnáthóige ag plandaí agus ainmhithe, soláthar
bia agus tosca fisiceacha san áireamh, an úsáid a
bhaineann ainmhithe as dath agus as duaithníocht.
A thabhairt faoi deara go mbíonn éagsúlacht mhór i
measc na bplandaí agus na n-ainmhithe i réigiúin agus in
imshaoil éagsúla.
Dúile beo a ghrúpáil le chéile i dtacair de réir na
gcosúlachtaí agus na ndifríochtaí eatarthu, cosúlachtaí
agus difríochtaí idir bhaill den ghrúpa amháin nó den
speiceas amháin.
Teacht ar an eolas i dtaobh thréithe chuid de
phríomhghrúpaí na ndúl beo - mamaigh, feithidí,
arachnaidí, aimfibiaigh, éisc, éin, reiptílí, plandaí bláfara
agus neamhbhláfara, fungais agus baictéir.
Córais simplí a chur le chéile agus a úsáid chun speicis na
bplandaí agus na n-ainmhithe a mhaireann sa
chomharsanacht a aithint.
Próisis bhunúsacha na beatha i ndáil le hainmhithe agus le
plandaí a thabhairt faoi deara; ainmhithe: cothú, análú,
fás, gluaiseacht, atáirgeadh (timthriall beatha), úsáid na
gcéadfaí; plandaí: cothú, atáirgeadh, gluaiseacht mar
gheall ar sholas, úsáid ocsaigíne agus dé-ocsaíde carbóin.
Na fachtóirí a théann i gcion ar fhás an phlanda a
iniúchadh - uisce, solas, an ithir, teocht.
Timpeallacht oiriúnach fáis a leagan amach agus a chur le
chéile do phlanda a bhfuil cúram speisialta de dhíth ina
leith (e.g. garraí buidéil do phlandaí a mbíonn riachtanas
acu le mórchuid teasa agus taise).
Cuid de na bealaí ina ndéanann plandaí atáirgeadh a
thuiscint:
plandaí bláfara agus síolta; planda
neamhbhláfara; spóir; reathairí; tiúbair; bleibíní.
34
Topaic 7: An tÉiceachóras
Feasacht imshaoil
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste:
Gnéithe tairbheacha an imshaoil nádúrtha agus an imshaoil
foirgníochta a aithint trí bhreathnú, plé agus clárú dathanna, uigeacht agus cruthanna i gceantair tuaithe agus
chathrach, éagsúlacht an fhásra agus an fhiadhúlra, réimse
an ábhair, na bhfoirgneamh, na mballaí agus ghnéithe eile:
áiteanna a thugann taitneamh do dhaoine agus na cúiseanna
gur fearr leo na háiteanna sin.
An comhcheangal idir gnéithe beo agus gnéithe neamhbheo
san imshaol logánta agus in imshaoil eile a scrúdú éiceachóras an chrainn, fálta sceach, srutháin, portaigh,
sléibhte, talamh íseal, abhainn, foraois bháistí, tailte féaraigh,
gaineamhlach, tundra.
Teacht ar an tuiscint faoina thábhachtaí agus atá acmhainní
in-athnuaite agus acmhainní neamh-inathnuaite an Domhain.
Léirthuiscint a chothú ar an gcaoi a n-úsáidtear acmhainní an
Domhain:
mianadóireacht, iascaireacht, foraoiseacht,
talmhaíocht; gaoth, uisce, breosla iontaiseach nó fuinneamh
eithneach in úsáid chun cumhacht a ghiniúint, amhábháir á
bpróiseáil sa déantúsaíocht, an timpeallacht á húsáid i mbun
fóillíochta.
Teacht ar léirthuiscint faoin ngá atá le hacmhainní a
chaomhnú - ábhar a athchúrsáil, pacáistíocht pháipéir a úsáid
seachas roinnt den phacáistíocht phlaistigh, ábhar a aithint ar
féidir feidhmeanna éagsúla a bhaint as.
Soilse a mhúchadh, laghdú ar an méid uisce a úsáidtear.
Eolaíocht agus
an t-imshaol
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste:
Úsáid na heolaíochta agus na teicneolaíochta i
gcomhthéacsanna coitianta a léirthuiscint; sa bhaile:
oigheann micreathonnta, cócaireán, bosca bruscair, meaisín
caife; ar scoil: fótachóipeálaí, teilgeoir, teicneolaíocht an
eolais agus na cumarsáide; san ionad oibre: beilteanna
iompair agus ulóga i monarcha; druilire neomatach,
meascthóir stroighne agus crann tógála ar láthair tógála; san
ospidéal: steiteascóp, X-ghanna, cóireáil le raidiam, trí
bheartaíocht deartha agus déantúsaíochta.
Roinnt bealaí ina gcuireann an eolaíocht agus an
teicneolaíocht le leas an phobail a iniúchadh - íonghlanadh
uisce, meascadh ábhar chun ábhair nua a dhéanamh, ábhar
leighis, próiseáil bia, leasú bia, giniúint leictreachais, leasú
talún ionas gur fearr an barr a fhásann.
Gníomhartha de chuid an duine a mbeadh dea-thionchar nó
drochthiochar acu ar imshaoil a aithint agus imscrúdú a
dhéanamh mar gheall orthu, bearta trína dtugtar cosaint don
fhásra agus don fhiadhúlra, mar shampla, limistéar fiadhúlra
a chruthú agus crainn a chur d'fhonn cur le himshaol
foirgníochta, tionchar a imirt ar cháilíocht an aeir, an uisce,
na hithreach agus an imshaoil fhoirgníochta.
35
Topaic 7: An tÉiceachóras
Cúram imshaoil
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste:
Páirt a ghlacadh i mbeartaíocht trína gcuirtear le feabhsú
an imshaoil, bailiúchán páipéir, cannaí alúmanaim
nó ábhar eile le haghaidh athchúrsála a eagrú, teacht ar
an tuiscint gur gá fuinneamh a úsáid ar bhealach stuama
ar scoil agus sa bhaile, múirín don gharraí a dhéanamh as
fuíollábhar.
Saincheist maidir leis an imshaol go háitiúil, an t-imshaol
go náisiúnta nó an t-imshaol domhanda a aithint agus a
phlé, mar shampla, an tionchar a bheadh ag monarcha
nua a thógáil, bóithre nua, modhanna feirmeoireachta,
plúchadh tráchta, sábháilteacht ar bhóithre, moltaí maidir
le feabhas a chur ar an imshaol, cás truaillithe,
dífhoraoisiú, ídiú ózóin, fuinneamh eithneach, téamh
domhanda, agus imscrúdú a dhéanamh faoi na
bhunchúiseanna na faidhbe.
Léirthuiscint a fháil ar na rólanna agus ar na tuairimí
éagsúla atá ag daoine atá gafa leis an gceist, bealaí a
aithint agus a úsáid chun a ghéire agus atá an fhadhb a
mheas agus a thomhas, bearta a d'fhéadfaí a dhéanamh
a mholadh agus tionchar na mbeart sin ar dhaoine agus
ar an imshaol a mheas agus páirt a ghlacadh i réiteach na
ceiste, más féidir sin.
Teacht ar an tuiscint go bhfuil de fhreagracht ar gach aon
duine go pearsanta, ar an bpobal i gcoitinne agus ar an
tír go náisiúnta, cúram a dhéanamh den imshaol.
Coincheap an chaomhnóra agus a mbaineann leis sin go
praiticiúil a iniúchadh.
Teacht ar an eolas faoi choincheap na forbraíochta
inbhuanaithe.
Léirthuiscint a fháil ar an ngá atá le himshaoil a chosaint
d'áitritheoirí na linne seo agus na linne atá ag teacht.
36
Topaic 7: An tÉiceachóras
Nótaí don mhúinteoir:
Nótaí faoi éiceachórais
Is aonad nádúrtha atá san éiceachóras lena mbaineann gach planda, ainmhí agus
miocrorgánach i limistéar amháin agus iad ag feidhmiú in éineacht le tosca uile
neamhbheo an imshaoil. Ní ionann achar gach éiceachóras. D'fhéadfadh éiceachóras a
bheith chomh beag le lochán nó chomh fairsing leis an Domhan ar fad. Is féidir
breathnú ar ghrúpa ar bith de dhúile beo agus neamhbheo a bhfuil idirghníomhaíocht
eatarthu mar éiceachóras.
Gnáthóg
Limistéar éiceolaíochta nó imshaoil atá sa ghnáthóg ina mbíonn cónaí ar speiceas faoi
leith (is ionann habitat an Bhéarla agus an Laidin ar "cónaíonn sé"). Is é an timpeallacht
nádúrtha é ina maireann orgánach, nó an limistéar fhisiceach thart ar phobal de
speiceas áirithe (a imríonn tionchar ar an bpobal sin agus a úsáideann an pobal).
Baineann an ghnáthóg, dá bhrí sin, go sonrach le pobal. Tá gnáthóg dá chuid féin ag
gach pobal. Mar shampla, tá gnáthóg dá chuid féin ag pobal seangán.
D'fhéadfadh go mbeadh pobail éagsúla sa ghnáthóg amháin. Tharlódh, mar shampla, i
lochán beag gur iomaí pobal ainmhithe uisce a mhairfeadh san uisce céanna ag an am
amháin. Sampla maith den ghnáthóg i bpáirt is ea an t-uisceadán.
Bithóim
Éiceachóras an bithóm ina dtagann gnáthóga éagsúla le chéile. Bithóm mór amháin atá
sa Domhan. Bheadh gaineamhlach, tundra, tailte féaraigh agus foraois bháistí ar
bhithóim eile is cúinge ná sin.
Cad is bithéagsúlacht ann?
Tá trí chineál bithéagsúlacht ann:
Éagsúlacht maidir le géinte
Is madra an cóilí, an púdal agus an brocaire araon—ach ní hionann iad mar ní ionann a
gcuid géinte. Is í an éagsúlacht idir na géinte a fhágann an éagsúlacht eadrainn ar fad.
Éagsúlacht idir na speicis
Cnuasann eolaithe na dúile beo de réir cineálacha éagsúla speiceas - mar shampla, is
speicis faoi leith an madra, an tsnáthaidí mhór agus an nóinín.
Éagsúlacht maidir le héiceachórais
Is éiceachóras an sceir choiréil, an bogach agus an fhorais thrópaiceach báistí.
Éiceachóras faoi leith gach ceann acu a bhfuil speicis dá chuid féin ar fáil ann. Is iad na
géinte, na speicis agus na héiceachórais, ar a dtógáil le chéile, is bonn leis an
bhithéagsúlacht ar an domhan seo.
Ní mór don ainmhí go leor féir / plandaí a ithe ionas go bhfásann sé. Bíonn an ghrian,
báisteach agus ithir mhaith de dhíth ar an bhféar / ar phlandaí ionas gur féidir leo fás.
Ní mór plandaí agus ainmhithe sláintiúla ionas go mbeidh éiceachóras sláintiúil. Tá an
saol mar a bheadh fíochán ann a bhfuil an t-iliomad snáitheanna tríd, iad ar fad
ceangailte dá chéile. Má bhristear ceangal amháin, b'fhéidir go dtiocfadh athrú ar an
bhfíochán ar fad.
37
Topaic 7: An tÉiceachóras
Ábhar acmhainne eile faoi éiceachórais:
An Roinn Talmhaíochta agus Iascaigh
An Bhithéagsúlacht
www.agriculture.gov.ie/ag_env/Biodiversity.doc
Coillte
www.coillte.ie/
Bileoga oibre maidir le crainn!
www.coillte.ie/environment/learn_about_trees/teachers_notes/
The Franklin Institute – Ábhar Acmhainne d'Fhoghlaim na hEolaíochta
Éiceachórais, Gnáthóga agus Bithóim
www.fi.edu/tfi/units/life/habitat/habitat.html
Iniúchadh ar Éiceachóras
www.fi.edu/tfi/units/life/habitat/habact3.html
Locháin Frog
www.ipcc.ie/frogfriendly.html
Staidéar ar Lochán Scoil Náisiúnta an Charnáin
homepage.eircom.net/~foregan/carnaun/pondstudy01.htm
Timthriall an Fhuinnimh - An bealach a dtéann fuinneamh trí éiceachóras
www.fi.edu/tfi/units/life/habitat/habact4.html
Tábhacht na gCrann
www.missmaggie.org/mission2_parts/eng/teaching/naturesgift.html
Bileoga oibre de chuid Ed Helper maidir le plandaí
www.edhelper.com/plants.htm
edhelper.com/Plants159.htm
www.woodlands-junior.kent.sch.uk/revision/Science/index.html
www.woodlands-junior.kent.sch.uk/teacher/science.html
Féileacáin
www.kidssoup.com/Butterflies/Butterfly_Activties.html
Eolaíocht sa Bhunscoil
www.primaryscience.ie/site/index.php
38
Topaic 8: Forbraíocht Inmharthana
Topaic 8:
Forbraíocht Inmharthana
Réimse Curaclaim:
OSIE
Ábhar:
Tíreolaíocht
Snáithe:
Imshaoil dhaonna
Imshaoil nádúrtha
Feasacht agus cúram imshaoil
Snáithaonaid:
Maireachtáil sa phobal áitiúil
Ceisteanna trádála agus forbraíochta
Aimsir, aeráid agus aerbhrat
Pláinéad an Domhain sa spás
Aire don dúiche timpeall orm / Cúram imshaoil
De réir leibhéil:
Naíonáin
Sóisir
agus
Sinsir
Aire don dúiche
timpeall orm
A thuiscint gur in éineacht le plandaí agus le hainmhithe
atá an duine san imshaol agus nach foláir don duine
cúram a dhéanamh do phlandaí agus d'ainmhithe.
An seomra ranga a choinneáil saor ó bhruscar, bruscar a
chur de láimh go cuí agus an smaoineamh a bhaineann le
hathchúrsáil a chur i láthair.
Ranganna
1 agus 2
Maireachtáil sa
phobal áitiúil
Na hábhair a úsáidtear chun tithe a thógáil a imscrúdú
agus ábhair a táirgeadh go háitiúil a aithint.
Pláinéad an
Domhain sa
Spás
An ghrian a aithint mar fhoinse teasa agus solais.
Aire don dúiche
timpeall orm
Feasacht a fhorbairt faoi aer, uisce, ithir, neacha beo agus
nithe neamhbheo a bheith riachtanach don imshaol agus
go mbíonn an duine, na hainmhithe agus na plandaí ag
brath ar a chéile.
Straitéisí simplí chun an t-imshaol a chosaint, a
chaomhnú agus a fheabhsú a aithint agus cuidiú lena
gcur i bhfeidhm.
A bheith ar an eolas faoi bhealaí inar féidir an t-imshaol a
thruailliú nó dochar a dhéanamh ina leith.
Aimsir, aeráid
agus aerbhrat
Roinnt feasachta a shaothrú faoi phatrúin aimsire agus
aeráide agus an ghaolmhaireacht le beatha phlandúil,
ainmhíoch agus dhaonna in imshaoil i bpáirteanna eile
den domhan.
"Athrú aeráide" agus an tionchar a d'fhéadfadh a bheith
aige a cur i láthair.
Aire maidir leis
an imshaol
Bheith ar an eolas faoi sheirbhísí fóntais do thithe agus
d'árais eile (e.g. soláthar uisce, séarachas, teas,
leictreachas), an tionchar a bhíonn ag gníomhartha ar an
imshaol agus bealaí inar féidir fuinneamh a chaomhnú.
An tionchar a bhíonn ag cúrsaí iompair agus bonneagair
ar an imshaol a phlé.
Teacht ar an eolas faoi roinnt d'acmhainní in-athnuaite
agus neamh-in-athnuaite an Domhain.
Ranganna
3 agus 4
39
Topaic 8: Forbraíocht Inmharthana
Na bealaí ina bhféadann na rudaí a dhéanann an duine
tionchar a imirt ar an imshaol a aithint – crainn a chur nó
a leagan, fálta sceach a bhaint amach, riascach a
dhraenáil, an ró-innilt ar shléibhte, foirgnimh, bóithre,
láithreáin fuílligh, droichid nua.
Beartaíocht de chuid an duine a mbeadh tionchar na
buntáiste nó tionchar na míbhuntáiste dá barr ar an
imshaol go háitiúil nó níos faide ó bhaile a aithint agus a
imscrúdú: dramhaíl in-bhithmhillte / do-bhithmhillte,
cáilíocht an aeir nó an uisce, bearta a mbíonn tionchar dá
mbarr ar an flora nó ar an fauna, an ról a bhaineann le
hathchúrsáil.
Ranganna
5 agus 6
Imshaoil
dhaonna
Teacht ar léirthuiscint ar na bealaí a mbíonn tionchar
maidir le caomhnú fuinnimh ag an dearadh a thugtar ar
fhoirgnimh agus ar na cineálacha ábhair a úsáidtear i
bhfoirgnimh éagsúla.
Foghlaim faoi mhodhanna iompair agus faoi bhealaí
iompair: ar bóthar, ar bhóthar iarainn, ar an aer, ar
farraige, agus plé a dhéanamh ar an mbuntáiste agus an
míbhuntáiste a ghabhann leo agus an tionchar a bhíonn
acu ar an imshaol.
Saincheisteanna
maidir leis an
trádáil agus
cúrsaí forbartha
Iniúchadh a dhéanamh ar cheisteanna trádála trí staidéar
maidir le roinnt de phríomhearraí tráchtála an domhain a
dhéanamh, earraí tráchtála a úsáideann daoine in Éirinn
(e.g. siúcra, tae, caife, bananaí, ruibéar, ola), an áit agus
an bealach ina dtáirgtear iad, obair na ndaoine a
chuireann na táirgí seo ar fáil, an trádáil ar na táirgí seo,
déantúsaíocht, díolachán agus dáiliúchán in Éirinn,
téarmaí trádála, dálaí trádála atá cóir nó éagóir.
Teacht ar thuiscint faoi na cúiseanna le gorta agus an
toradh a bhíonn ar ghorta: i.e. cúiseanna, tosca imshaoil,
tubaistí nádúrtha, tosca sóisalta agus eacnamaíochta,
dáileadh éagothrom ar an talamh, ar acmhainní nó ar
bhia, an tionchar ar theaghlaigh agus ar phobail, ar an
talamh agus ar an imshaol, ar imirce daonra.
Obair na n-áisínteachtaí faoisimh a scrúdú agus teacht ar
thuiscint faoin mbaint atá ag Éire nó ag Éireannaigh leo.
Réiteach ionchais ar ghorta go gearrthéarmach agus go
fadtéarmach a phlé.
Comparáid a dhéanamh idir ar thit amach mar gheall ar
ghorta in Éirinn agus ar thit amach i dtíortha eile.
Teacht ar léirthuiscint faoin éagothromaíocht idir tíortha
forbartha agus tíortha atá i mbéal forbartha.
Roinnt de na ceisteanna agus de na fadhbanna a
bhaineann le cúnamh a iniúchadh: an tionchar ar an
dream a dtugtar cúnamh dóibh, teicneolaíocht iomchuí:
roinnt eolais a chur ar bhunús agus ar obair roinnt
eagraíochtaí móra idirnáisiúnta agus ar pháirt na
hÉireann san obair.
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste:
Gnéithe taithneamhacha agus míthaithneamhacha den
40
Topaic 8: Forbraíocht Inmharthana
Feasacht
imshaoil
imshaol nádúrtha agus den imshaol daonna a aithint, a
phlé agus a léirthuiscint - foirgnimh agus gnéithe den
imshaol daonna ina n-úsáidtear ábhair nádúrtha agus eile
ar bhealach tarraingteach agus atá ag teacht le scála na
garchomharsanachta.
Roinnt samplaí den cheangal idir aeráid, gnéithe
nádúrtha, flora, fauna agus an duine i dtimpeallachtaí
éagsúla de chuid na hÉireann agus i roinnt de
phríomhréigiúin aeráide an domhain a iniúchadh:
sa chomharsanacht: éiceachóras an chrainn, an fháil, an
tsrutháin; in Éirinn: portaigh, sléibhte, an Bhoireann,
aibhneacha; i gceantair eile: foraois bháistí, féarthalamh,
gaineamhlach, tundra.
Gnéithe de bheartaíocht an duine a mb'fhéidir go
mbeadh tionchar na buntáiste nó na míbhuntáiste uathu
ar imshaoil a aithint agus a imscrúdú - cur le háilleacht
imshaoil foirgníochta, cosaint do flora agus fauna,
fuílleach
dramhaíola
nó
dramhaíl
neamhinbhithdhíghrádaithe, beartaíocht a chuireann isteach ar
cháilíocht an aeir nó an uisce, dífhoraoisiú nó fairsingiú
fásaigh, athruithe ar fhoirgnimh nó ar dhreach sráide i
mbailte móra, athchúrsáil agus athúsáid ar ábhair.
Teacht ar thuiscint faoin tábhacht atá le hacmhainní inathnuaite agus neamh-inathnuaite an Domhain.
Léirthuiscint a chothú ar na bealaí ina n-úsáideann daoine
acmhainní an Domhain: mianadóireacht, iascaireacht,
foraoiseacht, talmhaíocht, úsáid as an ngaoth, as uisce,
breoslaí iontaise nó fuinneamh núicléach d'fhonn
cumhacht a ghineadh, úsáid na timpeallachta ar mhaithe
le cúrsaí fóillíochta, próiseáil ar amh-ábhar le linn
déantúsaíochta.
Teacht ar léirthuiscint faoin ngá atá le hacmhainní an
Domhain a chaomhnú.
Bheith ar an eolas faoi pholasaí Rialtas na hÉireann maidir
le feirmeoireacht inmharthana agus ar an Scéím um
Chosaint na Timpeallachta Tuaithe (REPS) agus iad a phlé.
Bheith ar an eolas faoi cheisteanna na linne maidir le
forbairt inmharthana agus iad a phlé e.g. an róshaothrú
ar acmhainní nádúrtha, "mílte bia", lorg carbóin,
iniúchóireacht
fuinnimh,
bithbhreoslaí,
foinsí
beagcharbóin in-athnuaite fuinnimh.
Nótaí don mhúinteoir:
Tá an-tairbhe le baint as topaicí faoin bhforbraíocht inmharthana maidir le feabhas a
chur ar scileanna teanga.
41
Topaic 8: Forbraíocht Inmharthana
Scéim maidir leis an bhforbairt inmharthana - cumar trí chúram.
Foinse – Wikipedia, ciclipéad saor in aisce
Nótaí faoi inmharthanacht imshaoil
Tugtar de shainmhíniú ar inmharthanacht imshaoil an acmhainn sa timpeallacht
leanacht i bhfeidhm mar is ceart gan chríoch. Baineann leis sin freastal do riachtanas
láithreach an duine gan chontúirt do leas na nglúnta atá le theacht. Is é cuspóir a
bhíonn le hinmharthanacht imshaoil an díghrádúchán imshaoil a choinneáil ar leibhéal
chomh híseal agus is féidir, deireadh a chur leis na próisis a tharlaíonn dá mbarr agus na
próisis sin a iompú ar ais. Tarlaíonn cás neamh-inmharthanachta nuair a chaitear an
caipiteal nádúrtha (móriomlán acmhainní an dúlra) níos tréine ná mar is féidir
athnuachan a dhéanamh air. Fágann an inmharthanacht go n-éilítear nach núsáidfí acmhainní an dúlra le beartaíocht an duine ar ráta is airde ná an ráta
athnuachana nádúrtha.
Acmhainní in-athnuaite a chaitheamh
Riocht an imshaoil
Inmharthanacht
Níos tréine ná mar is féidir a chur ar fáil arís Díghrádúchán
go nádúrtha
imshaoil
Neamh-inmharthana
Ar an leibhéal céanna leis an acmhainn
nádúrtha iad a chur ar fáil arís
Cothromaíocht
imshaoil
Seasmhacht
Inmharthana
Ar leibhéal níos ísle ná mar is féidir a chur
ar fáil arís go nádúrtha
Athnuachan
imshaoil
Forbairt Inmharthana
42
Topaic 8: Forbraíocht Inmharthana
Is inmharthana an fhorbair nuair a dhéantar soláthar don riachtanas faoi láthair gan
treascairt ar acmhainn na nglún atá ag teacht soláthar de réir a gcuid riachtanas féin.
Foirgníocht ar mhaithe leis an imshaol
Is é atá i gceist leis seo feabhas a chur ar a éifeachtaí agus a úsáidtear achainní fuinneamh, uisce agus ábhair - san fhoirgníocht agus maolú ar an tionchar a bhíonn ag
an bhfoirgníocht ar shláinte an duine agus ar an imshaol, trí bheartaíocht níos fearr i
ndáil le suíomh, dearadh, obair thógála, oibriú, cothabháil agus glanadh as bealach —
ar feadh ré iomlán an fhoirgnimh.
Coincheap cosúil go maith leis an fhoirgníocht nádúrtha, ar iondúil gur ar scála níos lú a
dhéantar é agus go ndírítear ar ábhar nádúrtha a úsáid atá ar fáil go háitiúil. Bíonn
téarmaí eile in úsáid go coitianta, mar shampla, dearadh nó ailtireacht inmharthanachta.
Tá na coincheapanna, forbairt inmharthana agus inmharthanacht, mar dhlúth chuid den
fhoirgníocht nach ndéanann dochar don chomhshaol.
Polasaí maidir le Feirmeoireacht inmharthana
Le fiche bliain anuas is mór an t-ábhar buartha ag daoine an bhagairt atá ann don
imshaol inár dtimpeall. Mar gheall air sin, tá polasaí náisiúnta maidir leis an timpeallacht
tugtha chun cinn ag rialtas na hÉireann chomh maith le reachtaíocht nua agus tá
eagraíochtaí curtha ar bun chun an polasaí seo a chur i bhfeidhm.
Tá na polasaí bunaithe ar comhaontuithe, treoracha agus rialacháin de chuid an Aontais
Eorpaigh, agus is gné bhuntábhachta de an coincheap maidir le forbairt inmharthana.
Bainistíocht Inmharthana ar fheirmeacha
Níl san Bhainistíocht Inmharthana ar Fheirmeacha ach píosa amháin de na míreanna
mearaí atá ceangailte le chéile san fhorbairt inmharthana, agus is féidir a thabhairt de
shainmhíniú air gur ionann é agus na socruithe, na nósanna agus na bearta ó lá go lá:
- Lena bhféacthar leis an tionchar ar an imshaol taobh istigh agus taobh amuigh de
gheata na feirme a mhaolú (e.g. cáilíocht an uisce, cáilíocht an aeir, bainistiú
dramhaíola, iléagsúlacht fiadhúlra, truailliú torainn etc.)
- Lena bhféachtar le táirgiúlacht ghearrthéarmach agus fhadtéarmach na feirme
(torthúlacht na hithreach, teacht ar uisce, rátaí stocála, úsáid leasaithe agus
lotnaidicíde, éifeachtacht fuinnimh, etc.), agus
- Lena mbíonn ardmheas ar leas na n-ainmhithe
- Fágann sin dáiríre go ndéantar gnáthbhainistíocht na feirme i bhfianaise an gá le:
Athchúrsáil a thabhairt ar ábhar ar an bhfeirm;
Foinsí in-athnuaite fuinnimh a úsáid;
Laghdú ar ábhar thar gheata na feirme isteach a chur in úsáid, ceimiceach agus
leasú saorga san áireamh;
Bainistiú a dhéanamh maidir le lotnaidí agus fiailí seachas smachtú;
Uisce, an ithir, fuinneamh agus acmhainní bitheolaíochta a chaomhnú;
Meas a bheith ar riocht maith éiceachóras na feirme ar fad seachas ar riocht aon
bharr áirithe amháin.
Má chuirtear na treoirlínte bunúsacha seo i bhfeidhm, beifear amach go maith san obair
ar mhodh feirmeoireachta inmharthana a thabhairt chun cinn.
43
Topaic 8: Forbraíocht Inmharthana
An Scéim um chosaint na timpeallachta tuaithe (REPS)
Scéim atá in REPS (Rural Environment Protection Scheme i mBéarla) atá leagtha amach
sa chaoi go mbíonn buntáiste ag Feirmeoirí as a gcuid feirmeoireachta a dhéanamh ar
bhealach nach bhfuil dochar ann don timpeallacht agus as feabhas, ó thaobh chúrsaí na
timpeallachta de, a chur ar fheirmeacha.
Is iad na cuspóirí a bhaineann leis an Scéim:
- Modhanna feirmeoireachta agus táirgíochta a chur ar bun ar léir orthu an
dearcadh maidir le cúram den chaomhnúchán, de chosaint dhreach na tíre agus
d'fhadhbanna eile a bhaineann le cúrsaí timpeallachta;
- Gnáthóga fiadhúlra a chosaint chomh maith le speicis flora agus fauna atá i mbaol;
- Bia den scoth a tháirgeadh ar bhealach forleitheadach nach mbaineann díobháil
don timpeallacht leis.
Ní mór dóibh siúd a ghlacann páirt in REPS:
- An fheirmeoireacht a dhéanamh ar feadh tréimhse cúig bhliana de réir plean
talmhaíochta agus timpeallachta a ullmhaítear de réir bhuncháipéis na Scéime agus
sonraíocht talmhaíochta agus timpeallachta;
- Plean a bheith acu, i ndáil lena bhfeirm féin go sonrach, arna ullmhú ag
Gníomhaireacht Pleanála atá ceadaithe chuige sin ag an Roinn Talmhaíochta agus
Bia.
Cloí le haon cheann déag de bhearta bunúsacha mar seo a leanas:
1. plean bainistíochta a leanacht maidir le cothaithigh ar an bhfeirm arna ullmhú i ndáil
le réimse na feirme ar fad;
2. plean bainistíochta oiriúnach maidir le talamh féaraigh a thabhairt i bhfeidhm i ndáil
le réimse na feirme ar fad;
3. gach cúrsa uisce agus tobar a chosaint agus a chothabháil;
4. gnáthóga fiadhúlra a choinneáil;
5. teorainneacha na feirme agus na bpáirceanna nó na ngort a choinneáil;
6. stopadh ag úsáid luibhicídí, lotnaidicídí agus leasaithe ar fhálta sceach nó ina
ngaobhar sin nó lochanna, aibhneacha agus srutháin ach amháin le toiliú an Aire;
7. gnéithe a bhfuil tábhacht leo ó thaobh na staire agus/nó na seandálaíochta a
chosaint;
8. cuma agus dreach na feirme agus chlós na feirme a choinneáil agus a fheabhsú;
9. barra curaíochta a fhás: gan tuí ná coinleach a dhó; agus imeall áirithe nach
saothraítear leis an ngort nach gcuirtear aon chothaitheach ná sprae ar an talamh
ann;
10. teacht ar an eolas faoi mhodhanna feirmeoireachta atá éadrom ar an timpeallacht;
11. plean talmhaíochta agus timpeallachta a ullmhú, monatóireacht a dhéanamh ina
leith agus é a leasú agus aon taifid imshaoil a fhorordaíonn an tAire a choinneáil.
Oideachas maidir le saoránacht an domhain:
Ceisteanna a chur agus scileanna smaointeoireacht criticiúla a thabhairt chun
cinn;
Eolas, scileanna agus luachanna a thabhairt don duine óg go mbíonn páirteach
mar shaoránach gníomhach;
A chasta atá ceisteanna domhanda a admháil;
An cás domhanda a léiriú mar chuid den ghnáthshaol go háitiúil, sa tsráidbhaile
beag nó sa chathair mhór;
An bhaint atá ag an duine leis an imshaol agus le daoine eile a thuiscint.
44
Topaic 8: Forbraíocht Inmharthana
Acmhainní eile maidir le forbraíocht inmharthana:
An Roinn Talmhaíochta agus Iascaigh – Talmhaíocht - Timpeallacht
www.agriculture.gov.ie/index.jsp?file=areasofi/environment.xml
An Scéim um Chosaint na Timpeallachta Tuaithe
www.agriculture.gov.ie/index.jsp?file=areasofi/reps.xml
FIE - Fuinneamh Inmharthana Éireann - Oifig maidir le fuinneamh in-athnuaite
www.managenergy.net/actors/A1668.htm
Acmhainní Oideachais FIE
www.managenergy.net/actors/A891.htm#
Cad atá i gceist le lorg carbóin?
Fuinneamh Inmharthana Éireann
www.sei.ie/index.asp?locID=1503&docID=-1
"Mílte Bia"
www.lifecyclesproject.ca/initiatives/food_miles/
GCC – An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil
www.epa.ie/
Bileoga gníomhaíochta:
www.epa.ie/downloads/pubs/other/education/primary/naturalresources/epa_education_
natural_resources_food_miles.pdf
"Mílte bia" a ríomh
www.organiclinker.com/food-miles.cfm
Cá fhaid é? – Áireamhán maidir le fad taistil www.mapcrow.info/
Cumann Múinteoirí Éireann – An Clár Oidhreacht sna Scoileanna
www.into.ie/html/development/her_directory.htm
45
Comhtháthú maidir le hÁbhair eile - Gaeilge
Roinn a Ceathair - Comhtháthú maidir le hÁbhair eile
4.1 Gaeilge
An Ghaeilge sa gharraí
Má bhaineann an páiste taitneamh as an gceacht agus má bhíonn sé/sí saor ó bhrú agus
ó strus is fearr a fhoghlaimeoidh sé/sí an Ghaeilge. Níl áit níos fearr ná an garraí chun
atmaisféar fabhrach don teanga a chruthú agus chun cumas cumarsáide a fhorbairt.
Má tá an múinteoir ag iarraidh béim a chur ar thaitneamhacht an ábhair theagaisc agus
ar an gcaoi a gcoinneoidh sé seo an páiste gafa le linn na foghlama is é an garraí an áit
is fearr a bheith leis na páistí.
Beidh na feidhmeanna teanga i gceist i ngach snáithe den churaclam: Éisteacht,
Labhairt, Léitheoireacht agus Scríbhneoireacht.
Catagóirí feidhmeanna:
Caidreamh sóisialta a dhéanamh
Eolas a thabhairt agus a lorg
Dearcadh a léiriú agus a lorg
Dul i gcion ar dhuine
Struchtúr a chur ar chomhrá
Soiléiriú a lorg i gcomhrá
Topaic: Ag obair sa gharraí
Snáithe – Caidreamh sóisialta a dhéanamh
Ranganna
Naíonán
Éisteacht,
labhairt
Rainn agus amhráin le hathrá a aithris:
‘Is
maith
liom
bainne’
‘Damhán alla’
Scéalta gearra a insint ag úsáid sraith briathra:
“Chuaigh mé amach sa gharraí. Bhí mo chara
Seán liom. Chonaic mé bláthanna agus glasraí.
Is maith liom ...
Ranganna
1 agus 2
Éisteacht,
labhairt
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste:
Úsáid a bhaint as leideanna éagsúla chun cabhrú le
cumarsáid éifeachtach a dhéanamh - geáitsí, béim
agus tuin
Nuacht shimplí phearsanta a thabhairt - labhairt
faoi/fúithi féin, a c(h)aitheamh aimsire agus faoina
g(h)náthshaol laethúil
Scéalta gearra a insint ag úsáid sraith briathra
“Bhí mé amuigh sa pháirc inné. Bhí mé ag piocadh
sméara dubha. Bhí canna agam. Phioc mé sméar.
D’ith mé an sméar sin. Rug mé ar sméar eile. Chuir
mé sa channa í. Líon mé an canna. Bhí áthas ar
Mhamaí.”
Caint faoi rudaí a tharla: thóg mé, chonaic tú, bhí sé
Caint faoi rudaí atá ar siúl: tugann sé, feiceann sí,
46
Comhtháthú maidir le hÁbhair eile - Gaeilge
bím, suím, éirím
Caint faoi rudaí a tharlóidh: tógfaidh mé, feicfidh mé,
beidh
tú
Caint faoi rudaí atá ag tarlú anois: ag rith, ag léim, ag
súgradh,
ag
éirí
ag dul a chodladh, ag ní, ag scríobh
Ranganna
3 agus 4
Léitheoireacht,
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste:
Léitheoireacht a shamhlú le taitneamh trí éisteacht leis
an múinteoir mar dhea-léitheoir ag léamh scéalta
agus dánta tarraingteacha
taithí a fháil ar an bhfocal scríofa sa timpeallacht, go
háirithe sa seomra ranga, agus é a léamh go
tuisceanach
Fógraí sa seomra ranga, lipéid le haghaidh rudaí sa
seomra ranga, ainmneacha plandaí sa gháirdín, i
bpictiúir agus ar shaothair ealaíne
Scríbhneoireacht
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste: pictiúir a
tharraingt de rudaí sa gharraí agus liosta de rudaí atá
ag fás ann
Dathanna sa gharraí
Abairt shimplí aonair a scríobh
Éisteacht,
labhairt
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste:
An
Ghaeilge
a
labhairt
go
teagmhasach
neamhfhoirmiúil sa seomra ranga agus sa scoil agus
sa timpeallacht (sa gharraí) agus sa bhaile
Úsáid a bhaint as leideanna éagsúla chun cabhrú le
cumarsáid éifeachtach a dhéanamh - geáitsí, béim,
tuin na cainte
Nuacht shimplí a thabhairt - an teaghlach, an scoil,
timpeallacht na scoile
Scéalta a aithris, a athinsint ina f(h)ocail féin,
ceisteanna fúthu a fhreagairt, agus codanna díobh a
léiriú i rólghlacadh
Foclóir níos leithne a úsáid - cluichí foclóra, tóirfhocal,
focail fhrithchiallacha
Focail cháilíochta a úsáid
Léitheoireacht,
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste:
Léamh i gcomhpháirt le daoine eile - páistí, an
múinteoir, tuismitheoir, duine fásta eile
Léitheoireacht fheidhmiúil a dhéanamh - treoracha a
leanúint, mím, dathú, tarraingt, treoracha do chluichí
boird a leanúint, puzail
Ábhar céimnithe léitheoireachta a léamh os ard agus
go ciúin
Léamh i gcomhthéacsanna cultúrtha: scéalta gearra
béaloidis, rainn, dánta dúchasacha.
Scríbhneoireacht
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste:
47
Comhtháthú maidir le hÁbhair eile - Gaeilge
Scéalta simplí a chríochnú
Scríobh faoi/fúithi féin agus faoina g(h)náthshaol
laethúil - dialann phearsanta a choimeád – “Obair a
rinne mé sa gharraí”, eachtraí taitneamhacha agus
greannmhara, rudaí a chuir as dó/di, rudaí a chuir
eagla air/uirthi
Scríobh i gcomhthéacsanna cultúrtha - scéal béaloidis
a scríobh, Lá Fhéile Pádraig—cártaí chuig páistí i scoil
eile
Feabhas a chur ar a c(h)uid iarrachtaí pearsanta trí
athdhréachtú,
athléamh,
ceartú,
athscríobh,
poncaíocht, peannaireacht
Ranganna
5 agus 6
Éisteacht,
labhairt
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste:
Éisteacht leis an nGaeilge á labhairt go
fíorchumarsáideach ar na hócáidí céanna gach lá
chun nathanna cainte agus foirmlí teanga a dhaingniú
- gnásanna na maidine, ag dul abhaile, ag imirt
cluichí, sa gharraí
Cluichí spreagúla a éilíonn éisteacht agus tuiscint a
imirt - éisteacht agus tomhas, éisteacht agus pictiúr a
tharraingt, éisteacht agus mím a dhéanamh, cluiche
bingo
tráth na gceist
Éisteacht leis an múinteoir agus gníomhaíochtaí a
dhéanamh a bhaineann leis na céadfaí agus na
mothúcháin - boladh, blaiseadh, feiceáil, cloisteáil,
sásamh, míshásamh, gliondar croí, díomá
Cluichí a imirt chun taithí a fháil ar ghramadach na
Gaeilge - Cé mise? nó Fiche ceist, an chopail ‘is’ agus
an briathar ‘tá’, Cén post atá agam?, na gairmeacha
beatha, Cé leis?, mo, do, a, ár, bhur, a
Úsáid a bhaint as na suímh agus na treonna i gcluichí
páirce - ar an, idir, in aice, trasna, isteach, istigh,
amach, amuigh, thuas, thíos, suas, síos, anuas
Caint faoi rudaí a tharla, a tharlaíonn agus a tharlóidh
- dhún/níor dhún mé, thit sé, nigh sé, d’éirigh/níor
éirigh tú, fuair/ní bhfuair mé, rinne/ní dhearna tú,
bhí/ní
raibh
sé
dúnfaidh/ní dhúnfaidh sé, titfidh tú, nífidh, mé,
éireoidh tú, ní bheidh sé, dúnaim, titeann sí, níonn sé,
éiríonn/ní, éiríonn sí, faigheann/ní fhaigheann sí,
bím/ní bhím, ní thugann sé.
Ceisteanna a chur agus a fhreagairt
Léitheoireacht,
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste:
Léitheoireacht a shamhlú le taitneamh trí éisteacht leis
an múinteoir mar dhea-léitheoir ag léamh ábhar
spéisiúil léitheoireachta
Brí a bhaint as an bhfocal scríofa sa timpeallacht, go
háirithe sa seomra ranga agus sa gharraí - lipéid,
fógraí, comharthaí, scríbhneoireacht ar an gclár dubh,
siopaí, oifig an phoist, an banc, comharthaí, bóthair
48
Comhtháthú maidir le hÁbhair eile - Gaeilge
Sracfhéachaint ó am go ham ar réimse leathan
d’ábhar léitheoireachta, scéalta nuascríofa, miotais,
finscéalta, iris eolaíochta, ailt faoi leith as nuachtáin
Ghaeilge
Tréimhsí taoiléitheoireachta a chaitheamh i gcomhair
pléisiúir, irisí, scéalta, comhaimseartha, leabhair eolais:
an timpeallacht, stair agus, tíortha eile.
Scríbhneoireacht
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste:
Cur síos ar phictiúir
Tuairiscí, ailt, aistí gearra, scéalta simplí a scríobh agus
a chríochnú
Ord a chur ar scéal - ar dtús, ansin, tar éis tamaill, ar
deireadh, mar a dúirt mé ..., ar an lámh eile de ...,
ach, agus …
Comhtháthú le hábhair eile:
Na hamharcealaíona: Péint agus dath: Péinteáil – na dathanna i nGaeilge, cur síos simplí
ar an ábhar ealaíne
Ceol: Ag éisteacht agus ag freagairt: Amhráin Ghaeilge
OSPS: Mé féin agus daoine eile: Mo chairde agus daoine eile, an domhan lasmuigh
díom
Stair: Staidéar áitiúil—nósanna ón traidisiún béil, leigheasanna, piseoga, scéalta áitiúla
Tíreolaíocht: Tuiscint d’áit: Logainmneacha áitiúla
Eolaíocht – Ag dearcadh agus ag déanamh – ag pleanáil sa gháirdín
49
Comhtháthú maidir le hÁbhair eile - Matamaitic
4.2 Matamaitic
Réimse Curaclaim:
Matamaitic
Ábhar:
Matamaitic
Snáitheanna:
Obair luathóige sa mhatamaitic
Uimhreas
Ailgéabar
Cruth agus spás
Tomhais
Sonraí
Topaic: Matamaitic sa gharraí
Cuireann an mhatamaitic ar chumas an linbh smaoineamh de réir cainníochta agus spáis
agus na smaointe sin a chur in iúl, fadhbanna a scaoileadh, an cás inar féidir an
mhatamaitic a chur i bhfeidhm a thabahirt faoi deara, agus an teicneolaíocht chuí a
úsáid i dtaca leis an úsáid sin. Leagtar béim sa Churaclam Matamaitice ar scileanna
meastacháin agus réiteach fadhbanna a thabhairt chun cinn sa leanbh trí úsáid a bhaint
as samplaí a bhaineann leis an saol atá an leanbh a chaitheamh. Spreagtar an phlé,
cleachtadh phraiticiúil le hábhair agus foghlaim ghníomhach ó ranganna na naíonán go
dtí rang a sé, agus leagtar béim chomh maith ar a thábhachtaí atá sé urlabhra na
matamaitice a thabhairt chun cinn agus smaointe á gcur in iúl.
Is iomaí deis atá ann teagasc fhoirmeálta nó neamhfhoirmeálta a dhéanamh ar an
matamaitic in ionad deas i ngeall ar an tionscadal seo. I measc na ndeiseanna an
mhatamaitic a úsáid i gcomhthéacs atá spéisiúil agus dáiríre, tá siad seo a leanas:
- oibriú ar mhodh na heolaíochta agus réiteach fadhbanna a úsáid mar mhodh oibre,
- modhanna cuí a úsáid chun tuairisc agus taifid a choinneáil,
- anailís a dhéanamh ar thorthaí imscrúdúcháin, agus
- athróga a aithint maidir le tástáil chóir a leagan amach.
50
Comhtháthú maidir le hÁbhair eile - Matamaitic
Snáithe Ábhair: Obair luathóige sa mhatamaitic
Bíonn eolas éigin matamaitice agus roinnt friotail ag gach dalta ag teacht chun na scoile
dó, ón mbaile nó óna gcuid spraoi. Is tríd an spraoi a fhoghlaimíonn an leanbh óg le
smaointe a chur in iúl agus a chúiteamh agus comhoibriú le daoine eile, spraoi le
bréagáin i bpáirt le leanaí eile agus smaointe a chur i láthair. Tugtar na scileanna
luathóige sin sa mhatamaitic chun cinn leis an spraoi sa seomra ranga / i gclós na scoile
trí chuinsí struchtúrtha a chur ar fáil a ndéanfaidh an páiste iniúchadh orthu.
Sampla:
Naíonáin Sóisir / Sinsir: Obair mhatamaitice le hearraí as an ngarraí.
Aonaid na Snáitheanna:
Rangú – sórtáil a dhéanamh ar chnuasaigh earraí
Meaitseáil – meaitseáiltear tacair coibhéiseacha agus tacair neamhchoibhéiseacha tí
chomhfhreagracht aon le haon a chur i bhfeidhm
Comparáid – cuirtear earraí i gcomórtas le chéile maidir le fad, leithead, airde,
meáchan, líon, tiús nó méid.
Cur in ord – cuirtear earraí in ord de réir faid nó airde, cuirtear tacair in ord gan
comhaireamh a dhéanamh.
Snáithe Ábhair: Uimhreas
Ba chóir an obair uimhríochta ar fad a bheith bunaithe chomh mór agus is féidir ar
chleachtadh na ndaltaí féin ar an saol agus samplaí ón saol dáiríre a úsáid. Is den
riachtanas go bhfeicfí do na leanaí go mbaineann an mhatamaitic lena saol féin.
Sampla:
Ranganna 3 agus 4 - Réiteach fadhbanna sa timpeallacht
Snáithaonaid:
Oibríochtaí – Suimiú agus Dealú; Méadú, Roinnt - Críochnaítear obair
phraiticiúil agus réitítear fadhbanna lena mbaineann slánuimhreacha a roinnt.
e.g. má chuirtear 4 phlanda i ngach pota, cé mhéad pota atá de dhíth le haghaidh
27 planda?
Codáin - Codáin a aithint - Uainíocht na mBarr – ceithre roinn – ¼ an ceann
51
Comhtháthú maidir le hÁbhair eile - Matamaitic
Snáithe Ábhair: Cruth agus spás
Oireann an snáithe "Cruth agus Spás" agus an tionscadal dá chéile ó tharla go
scrúdaítear an tuiscint ar spás an agus sin a chur i bhfeidhm ar an saol dáiríre. Beidh an
phraiticiúlacht ag baint le cleachtadh an linbh ar ionad agus ar choibhneasa speisialta sa
chás seo.
Oireann Cruth agus spás go mór don chomhtháthú, ós maith le leanaí cruthanna agus
uillinneacha a aimsiú ina dtimpeall agus pátrúin teasaláide a chruthú san obair ealaíne.
Sampla:
Ranganna 1 agus 2 - An tuiscint ar spás sa gharraí
Snáithaonaid:
Tuiscint ar spás - Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste:
An foclóir a bhaineann le coibhneasa spásúla a iniúchadh, a phlé, a fhorbairt agus a
úsáid - idir, faoi bhun, ar bharr, timpeall, trí, clé, deas; cruthanna iata (e.g. ciorcal) a
iniúchadh, ionas go siúlann duine ó phointe amháin ar ais go dtí an pointe céanna
gan gá iompú thart;
Treoracha simplí laistigh den seomra ranga agus de shuímh eile sa scoil a thabhairt
agus a leanacht: ón deasc go dtí an fhuinneog, ón seomra ranga go halla na scoile,
ón seomra ranga go clós na scoile, fadhbanna praiticiúla a iniúchadh agus a
réiteach.
Cruthanna 2-T - cruthanna oscailte a iniúchadh (e.g. cruth V), nuair is gá iompú
thart chun teacht ar ais ar an túspoinnte
Cruthanna 3-T - an cholainn a chur i gcruthanna éagsúla.
Snáithe Ábhair - Tomhais
Is timpeallacht sároiriúnach an garraí maidir le tomhais a iniúchadh. Tugtar deiseanna
go minic don pháiste bearta praiticiúla a dhéanamh sa snáithe seo. Tá na bearta sin anáisiúil maidir leis an mbealach a réiteach don nasc-cheangal taobh istigh de na
snáithaonaid. Is féidir codáin, deachúla, céatadáin agus oibríochtaí a chur i bhfeidhm le
linn bearta tomhais.
Ba cheart go mbeadh praiticiúlacht ag baint leis an gcuid is mó de na fadhbanna a
leagtar amach lena réiteach sna snáitheanna seo agus é furasta an t-iomlán a sheiceáil
trí thomhas a dhéanamh. Ba chóir a mhúineadh don pháiste, ón uair atá sé óg,
meastachán a dhéanamh maidir le meáchan, fad nó toirt ruda.
Sampla:
3rd and 4th classes – Tomhas sa gharraí
Snáithaonaid:
Faid - Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste, maidir le raon leathan rudaí, a bhfad a
mheas, a thomhas, a chur i gcomparáid le chéile, agus a chlárú agus úsáid a bhaint as
aonaid mhéadracha chuí (m, cm) e.g. gnáthrudaí, troscán, airde páistí;
Fad agus airde a mheas gan aonad tomhais ar fáil agus iad a thomhas ina dhiaidh sin
d'fhonn an meastachán a sheiceáil.
Meáchan - Maidir le raon leathan rudaí, an meáchan atá iontu a mheas, a thomhas, a
chur i gcomparáid le chéile, agus a chlárú agus úsáid a bhaint as aonaid mhéadracha
chuí (kg, g) e.g. gnáthrudaí, leabhair, beartanna cóipleabhar níos éadroime agus níos
troime ná 1 kg. Úsáidtear nithe a léiríonn nach bhfuil aon choibhneas seasmhach idir
meáchan agus méid. Nithe a láimhseáil agus a chur i gcomparáid le chéile mar áis don
mheastachán a thabhairt.
52
Comhtháthú maidir le hÁbhair eile - Matamaitic
Snáithe Ábhair – Sonraí
Tugtar neart deiseanna leis an tionscadal seo an mhatamaitic a úsáid ar bhealach
praiticiúil trí obair an tionscadail a chlárú. Bailíonn ranganna na naíonán eolas pearsanta
agus léirítear ar phicteagram é; cruthaíonn leanaí níos sine ná sin barrachairteanna agus
píchairteann agus léirmhínítear iad. Is den riachtanas an léirmhíniú agus an tuiscint ar
amharcléiriú, ós gá cur ar chumas an pháiste sonraí a léirmhíniú agus breis
teicneolaíochta ag teacht sa saol i gcónaí, agus tá súil go mbeidh teicneolaíocht an
eolais, nuair atá teacht uirthi, in úsáid ag an bpáiste san obair maidir le sonraí a
láimhseáil.
Is gné thábhachtach den obair ar an tionscadal sonraí a bhailiú d'fhonn a gcur faoi
anailís agus fágtar sonraí de chuid an tsaoil dáiríre ag an bpáiste mar shamplaí dá chuid
oibre.
Is féidir leis an bpáiste sonraí a láimhseáil trí bharrachairteanna simplí agus picteagraim a
chur le chéile ó aois óg go maith. Ligeann bunachair sonraí dóibh cur leis an eolas air
sin sa saol dáiríre trí líon níos mó sonraí a úsáid. Tuigfear dóibh chomh tábhachtach
agus atá sé na sonraí a bhaineann le hábhar a chur isteach agus ceisteanna soiléire a
chur má tá tairbhe le baint as an eolas a bhaintear as an mbunachar sonraí.
Sampla:
Ranganna 5 agus 6 – Sonraí a léiriú agus a léirmhíniú le linn an tionscadail
Snáithaonaid:
Sonraí a léiriú agus a léirmhíniú Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste sonraí
a bhailiú, a eagrú agus a léiriú agus picteagraim, barrachairteacha singile agus
iolracha agus píchairteanna simplí a úsáid chuige sin
Sonraí a bhailiú sa timpeallacht i bhfoirm tábla agus iad a léiriú i gcruth cuí
Dóigheanna léirithe a phlé agus a iniúchadh
Sonraí a bhailiú, a eagrú agus a léiriú agus píchairteanna agus treoghraif a úsáid
chuige sin
e.g. díolachán nó fliuchras míosa
Treoghraif agus píchairteanna a léamh agus a léirmhíniú.
Is iomaí sampla eile ann den úsáid is féidir a bhaint as an tionscadal maidir le
Garraíodóireacht Orgánach sa Bhunscoil mar dheis teagaisc i ndáil leis an mhatamaitic
sa bhunscoil.
Féach freisin
Comhtháthú, nascadh agus pleanáil thras-snáitheach – Matamaitic Treoirlínte do
Mhúinteoirí leath. 46
Loirg mhatamaiticiúla – is furasta iad seo a chur in oiriúint don tionscadal Matamaitic Treoirlínte do Mhúinteoirí leath. 47
Teicneolaíocht an Eolais agus na Cumarsáide - Matamaitic Treoirlínte do
Mhúinteoirí leath. 61.
Acmhainní eile:
Clár na Food Dudes maidir le Bia Sláintiúil
www.fooddudes.ie
Food dudes sa Ríocht Aontaithe
www.fooddudes.co.uk/downloads/Teacher%20resources/Maths%20Key%20Stage%20
1/KS1Maths.pdf
An Mhatamaitic sa Gharraí:
www.gardenorganic.org.uk/schools_organic_network/nat_curr/keystage_3/mathematics
.htm
53
Comhtháthú maidir le hÁbhair eile – Stair
4.3 Ealaín
Réimse Curaclaim:
Oideachas Ealaíne
Ábhar:
Na hAmharcealaíona
Ceol
Drámaíocht
Snáithe:
féach thíos faoi gach ábhar faoi seach
Topaic Chomhtháite: Ealaín sa gharraí
Tá an tionscadal maidir le Garraíodóireacht Orgánach sa Bhunscoil sároiriúnach maidir le
hOideachas Ealaíne a theagasc sa bhunscoil.
Foghlaimíonn an páiste le freagairt go haeistéitiúil an chéaduair don timpeallacht trí
thadhall, blas, fuaim agus boladh, agus cothaíonn an fhiosracht atá ann go nádúrtha an
gá le taithí céadfaíoch. Cuidíonn an t-oideachas san hamharcealaíona leis an fheasacht
chéadfaíoch a thabhairt chun cinn, cuirtear leis an gcéadfacht agus leagtar béim ar
mhodhanna sonracha le hiniúchadh, tástáil agus ceapadóireacht a dhéanamh.
Fágann an tuiscint ar íomhánna amhairc modhanna breise foghlama ag an bpáiste agus
cuirtear ar a chumas smaointe agus mothúcháin, dáiríre nó samhlaíochta, a chlárú.
Tugann deiseanna na gnéithe amhairc den timpeallacht a scrúdú agus a iniúchadh
cúnamh dóibh léirthuiscint a fháil ar nádúr rudaí agus an fhiosracht atá iontu go
nádúrtha a chur i leith an oideachais. Tarlaíonn tionchar na tairbhe ar fhoghlaim an
pháiste i réimsí eile sa churaclam ón misneach agus an taitneamh a eascraíonn ó
bheartaíocht chríochnúil san ealaín.
Réimse Curaclaim:
Oideachas Ealaíne
Ábhar:
Na hAmharcealaíona
Snáithe:
Líníocht
Péint agus dath
Prionta
Cré
Cógáil
Fabraic agus snáithín
Visual Elements:
Líne
Cruth
Foirm
Dath agus ton
Gréasán agus rithim
Uigeacht agus eagrú spásáil
54
Comhtháthú maidir le hÁbhair eile – Stair
Foghlaimíonn an páiste le líne, cruth, dath agus ton, gréas agus rithim agus uigeacht a
úsáid sa chur in iúl agus sa dearadh trí dheiseanna féachaint go géar ar nithe ina
dtimpeallacht. Bíonn ar a gcumas ansin líníocht agus péintéireacht a dhéanamh ar
théamaí a n-airíonn siad dlúthbhaint acu leo féin. Cuidíonn obair shimplí le priontaí
agus obair chruthaitheachta le fabraic agus snáithín leis an dul chun cinn sin.
Tagann leanaí ar thuiscint ghlé ar fhoirm trí obair le cré. Bíonn an coibhneas idir daoine,
rudaí agus gnéithe teibíochta sa spás go mór i gceist in ealaín an pháiste mar atá i
saothar ealaíontóirí.
Féach freisin
Na hAmharcealaíona Treoirlínte do mhúinteoirí, leathanach 9 mar a mbaineann na
samplaí ar fad leis "Seomra Amuigh" - sár-oiriúnach maidir lena chomhtháthú leis an
tionscadal faoi Gharraíodóireacht Orgánach sa Bhunscoil.
Roinnt smaointe:
•
Múrmhaisiú
•
Péintéireacht
•
Líníocht
•
Dath, cruth agus uigeacht sa gharraí / boladh / aireachtáil
•
Gréasán i bplandaí / cosáin, geataí agus sconsaí agus bealaí isteach,
ciumhaiseanna le clocha daite agus ábhar eile
•
Barraí clingíne gaoithe – adhmad, barraí agus feadáin
•
Dearadh ar gharraí bláthanna / garraí glasraí / lochán / ceapacha giolcaí
•
scáthláin foscaidh - obair chaoladóireachta
•
Geataí agus sconsaí, cosáin agus suíocháin, ballaí
•
Dealbhadóireacht sa gharraí
•
Garraí na gcéadfaí / garraí luibheanna / gáirdíní deasghnátha
•
Cuimilteáin choirte
•
Priontaí prátaí
•
Potaireacht le téamaí faoin ngarraí
•
Grianghrafadóireacht agus scannánaíocht
•
Féastaí sa gharraí / Limistéir chócaireachta / Tinte
Cineálacha adhmaid a aithint ó chéile / bolaidh éagsúla ó chineálacha éagsúla adhmaid
agus iad á ndó
Féach freisin
Eiseamláirí 11 agus 12 – Na hAmharcealaíona Treoirlínte do mhúinteoirí, leathanaigh
68, 69
Eiseamláirí 26 agus 27 – Na hAmharcealaíona Treoirlínte do mhúinteoirí, leathanaigh
125, 126
55
Comhtháthú maidir le hÁbhair eile – Stair
Réimse Curaclaim:
Oideachas Ealaíne
Ábhar:
Ceol
Snáitheanna:
Éisteacht agus freagairt
Léiriú
Cumadóireacht
Ceol sa gharraí - roinnt smaointe:
• Barraí clingíní – adhmad / cruach etc.
•
Uirlisí don taobh amuigh Drumaí / píb mhór / Damhsa ag an gcrosbhóthar
•
Uirlisí ceoil a dhéanamh as earraí atá sa gharraí
Amhráin agus píosaí ceoil a bhaineann leis an ngarraí agus leis an taobh amuigh:
• Down by the Sally Gardens
•
The Blackbird
•
Coinseartó Uí Chearbhalláin
•
Crónán na mBeach
•
Water Music – Handel – King George 1 - concert on the river Thames
Ceol agus bia
Tá ceangal seanbhunaithe idir an ceol agus bia.
Bhí de nós riamh in Éirinn ceoltóirí a bheith ar na féastaí móra. Sheinn an cruitire Ó
Cearbhalláin ag féastaí móra sna tithe móra agus ní ligtí d'Antaine Ó Raifteirí, an file
agus an veidhleadóir dall, seinm do dhaoine seachas na searbhóntaí sa chistin.
Bhí de cháil ar roinnt de na cumadóirí clasaiceacha ba clúití go hidirnáisiúnta go raibh
tuiscint mhaith acu don bhia blasta. Go deimhin, murach go raibh Rossini chomh maith
agus a bhí leis an gcumadóireacht bheadh cáil air mar dhuine de lucht
gastranómaireachta an naoú céad déag. Féach:
www.eat-online.net/art/english/music/rossini_on_food.htm
Féach freisin na láithreáin gréasáin seo a leanas maidir le haistí faoi Bizet agus Puccini
agus an tóir a bhí acu ar an mbia ab fhearr;
Bizet
www.eat-online.net/art/english/music/george_bizet.htm
Puccini
www.eat-online.net/art/english/music/puccini_food.htm
56
Comhtháthú maidir le hÁbhair eile – Stair
Nóta:
Tá ceol sa chúlra, go háirithe ceol clasaiceach, an-oiriúnach maidir le foghlaim agus
obair mhaith a dhéanamh.
Réimse Curaclaim:
Oideachas Ealaíne
Ábhar:
Drámaíocht
Snáitheanna:
Úsáid na drámaíochta chun mothúcháin, eolas agus smaointe
a iniúchadh, d'fhonn tuiscint a chothú.
Snáithaonaid:
Drámaíocht a iniúchadh agus a dhéanamh
Léirsmaoineamh ar an drámaíocht
Comhoibriú agus cumarsáid i ndéanamh na drámaíochta
Is é an saol dáiríre ar gach bealach a gcuirtear in iúl é is ábhar don drámaíocht agus is í
an scéalaíocht an bealach ina ndéantar scrúdú ar an saol céanna. Cuirtear an scéal i
láthair trí thaibhréim eachtraí nó radharcanna suntasacha faoi leith; is é roghnú,
taibhléiriú agus ceangal na radharcanna sin le chéile agus machnamh mar gheall orthu
is ábhar do théacs an rang drámaíochta.
Cuireann an drámaíocht bealaí ar fáil do na páistí inar féidir an oidhreacht chultúir agus
réimsí nua den saol atá faoi athrú a iniúchadh. Tá páirt mhórthábhachta ag an teanga
sa drámaíocht. Cuidíonn an Curaclam Drámaíochta le hinniúlacht agus misneach an
pháiste i ndáil le Béarla, Gaeilge agus teangacha eile a thabhairt chun cinn. Tá an
tábhacht céanna leis an bpróiseas sa drámaíocht agus atá leis an toradh!
Roinnt smaointe:
Bhíodh seanchaí / scéalaí i gcónaí agus rithe agus taoisigh na hÉireann fadó ag a
gcuid féastaí
Ó Cearbhalláin agus Raifteirí sa teach mór
Tionónta á chur as seilbh le linn aimsir an drochshaoil
Scéal chineálacha éagsúla glasraí – ról agus carachtar
Plé - Feirmeoireacht thraidisiúnta i gcomparáid le gnáthfheirmeoireacht
Imirce na nÉireannach go Meiriceá – féach Irish American Folk Park, An Ómaigh
- www.folkpark.com/
Is minic a luaitear garraithe, bláthanna agus luibheanna i ndrámaí agus i ndánta.
Maidir le dánta do leanaí faoi gharraithe agus faoi phlandáil, féach:
www.apples4theteacher.com/holidays/spring/kids-poems-rhymes/
57
Comhtháthú maidir le hÁbhair eile – Stair
4.4 Stair
Réimse Curaclaim:
OSIE
Ábhar:
Stair
Snáithe:
Mise agus mo mhuintir
Athrú agus leanúnachas
Staidéir Áitiúla
Pobail agus sochaithe ársa
An saol, an tsochaí, obair agus cultúr san am atá thart
Snáithaonaid:
Topaic Comhtháite – Stair sa gharraí
Is féidir comhtháthú a dhéanamh idir an tionscadal seo maidir le Garraíodóireacht
Orgánach sa Bhunscoil agus an curaclam staire trí staidéar a dhéanamh ar an bpráta nó
ar aon cheann de na glasraí nó de na plandaí atá ag fás sa gharraí.
Tá sé an-tábhachtach go dtugtar le fios do na daltaí go bhfuil ainm idirnáisiúnta
(luibheolaíochta) ar gach planda.
An Práta: Solanum tuberosum Linnaeus
Is sna hAindéis i Meiriceá Theas atá tosach an scéil maidir le stair an phráta. Ba iad
feirmeoirí na háite sin a tháinig ar an bpráta ar dtús agus a thosaigh á shaothrú suas le
7,000 bliain ó shin, i bhfad roimh thuras Cholumbas. Ní fhaca lucht iarthar na hEorpa
práta go dtí tráth chomh fada ina dhiaidh sin leis an mbliain 1537 nuair a bhí na
Conquistadores ag déanamh a mbealaigh trasna Pheiriú. Ba faide anall arís, timpeall na
bliana 1570, a tugadh an chéad phráta trasna an Atlantaigh go dtí Mór-Roinn na
hEorpa.
Ghlac muintir na hÉireann an cineál bia seo chucu féin timpeall na bliana 1780. Ba é
príochúis gur glacadh leis mar bharr curadóireachta in Éirinn go bhféadfadh bia fairsing
a theacht uaidh a raibh cothú maith ann. Seachas aon cheann eile de na gnáthbhairr,
tá an chuid is mó de na vitimíní a bhíonn de dhíth sa bhia ar fáil sa phráta. Níos
tábhachtaí arís, is féidir an chothabháil sin a chur ar fáil as acra amháin prátaí do suas le
deichniúr. Bheadh sin ar cheann de na cúiseanna ba mhó leis an mborradh mór faoi
dhaonra na hÉireann i dtús an naoú céad déag. Ar ndóigh, faoi lár an chéid sin, bhí
muintir na hÉireann ag brath chomh mór chothú ón mbarr áirithe sin, gur tharla gorta
nuair a chlis ar na prátaí.
D'fhéadfaí a rá gur bhain an chuid eile de stair an chéid sin in Éirinn leis an bpráta tionóntaí agus tiarnaí talún, gorta agus daoine á gcur amach as na tithe, imirce go
Meiriceá agus daoine á ndaoradh go dtí an Astráil, éirí amach agus achtanna na talún.
58
Comhtháthú maidir le hÁbhair eile – Stair
An tOinniún: allium
Ní bia amháin a bhí san oinniún tar éis a thabhairt isteach as an Éigipt. Dhéanadh na
Sean-Éigiptigh an t-oinniún a adhradh, á chreidiúint go mba siombail ar an tsíoraíocht
cruth sféir air agus na fáinní comhlárnacha. Cé gur iomaí glasra a ndearna ealaíontóirí
na hÉigipte dealbha miotail díobh, ba é an t-oinniún amháin a ndearnadh dealbh óir de.
Nach ard an réim sin ag glasra a thosaigh amach go híseal!
Mar gheall ar an tóir sin ar an oinniún, tugadh chomh fada leis an tSean-Ghréig é agus
chaith na lúthchleasaithe ansin go halpach é ó síleadh go ndearna sé maith don
chothromaíocht san fhuil. Tar éis do lucht na Róimhe an Ghréig a chur faoi chois, bhí
an t-oinniún ina ghnáthchuid de bhia a chaití sa Róimh. Chuimlítí sú oinniúin do na
gliairí "ionas go mbeadh na matáin níos rite".
Cabáiste: Brassica oleracea capitata
Ón bhfocal Fraincíse caboche, a chiallaíonn 'ceann' ag tagairt don chruth cruinn atá air,
a thagann an focal (Béarla - cabbage). Tá an cabáiste á shaothrú le níos mó ná 4,000
bliain agus á chur le níos mó ná 2,500 bliain. Cé gur minic a cheanglaítear cabáiste leis
an Éireannach, thug na Ceiltigh cabáiste ón Áis go dtí an Eoraip timpeall 600 bliain R.C.
Ó tharla go mbíonn fás maith ar an gcabáiste in aeráid fhionnuar, go mbíonn barr maith
air agus gur féidir a stóráil i rith an gheimhridh, ba ghearr go raibh sé á chur go tréan
san Eoraip. Ní bhíodh an chéad chabáiste i gcruth ceann mór mar a cheaptar an
cabáiste inniu, bhí duileoga i bhfad níos scaoilte air an uair sin. Feirmeoirí thuaisceart na
hEorpa a thug an cineál atá ar chuma an chinn ar aghaidh i rith na Meánaoiseanna.
Rúbarb: Rheum rhabarbarum
Tá an rúbarb nó an bhiabhóg an-sean mar phlanda. Tá tuairisc sa stair ar a úsáid le
haghaidh leighis agus ar a shaothrú sa gharraíodóireacht ó ré na Sean-Síne.
Téann na tuairiscí is luaithe siar go dtí 2,700 R.C. sa tSín mar a mbíodh sé á chur le
haghaidh úsáid leighis (na tréithe purgóide atá ann). De réir Treasury of Botany le
Lindley, deirtear gur ó Rha a thagann ainm teicniúil an ghéinis (Rheum) agus gur ionann
sin agus seanainm an Volga, abhainn a bhfásann an planda lena bruach. Bhíodh daoine
ann a thugadh Rha Ponticum air agus tuilleadh a thugadh Rheum nó Rha-barbarum air.
Deir daoine eile go n-eascraíonn an t-ainm ó rheo na Gréigise ('sruth'), ag tagairt do
thréithe na purgóide. Rinne Dioscorides, duine de na cógaseolaithe ba cháiliúla le linn
ré na Sean-Ghréige trácht ar fhréamh darbh ainm rha nó rheon, a tháinig ón
mBosparais (an caolas casta atá idir an Eoraip agus an Áis).
59
Comhtháthú maidir le hÁbhair eile – Stair
Pis: Pisum sativum
Bhí an phis gharraí ar cheann de na chéad bharra a shaothraigh an duine. Tá daoine a
deir gur ón tSanscrait a thagann an focal ach is é tuairim an chuid is mó de na scoláirí
gurb é an focal Laidne pisum, atá cosúil le pisos nó pison na Gréigise, bunús an fhocail
dáiríre. Bhí pise nó pisu san Angla-Sacsanais agus pease sa Bhéarla ina dhiaidh sin. De
réir an Oxford English Dictionary, ligeadh an dá litir dheireanacha i léig faoin mbliain
1600 mar gur shamhlaigh daoine an focal leis an uimhir iolra agus gur mar sin a fágadh
an uimhir uatha pea atá sa Bhéarla sa lá atá inniu ann.
Luibheanna:
Tá luibheanna in úsáid ag an duine leis na mílte bliain. Baineadh úsáid riamh as
luibheanna ar na bealaí seo a leanas:
sa chócaireacht chun blas a chur ar bhia
mar chumhráin - d'fhonn boladh deas a bheith uainn
mar dhíghalráin - d'fhonn sinn a chosaint ar fhrídíní
mar chógais leighis - d'fhonn biseach a chur ar an té a bhí tinn
mar airgeadra, in ionad an airgid féin.
Bíonn luibheanna in úsáid ar na bealaí céanna againn sa lá atá inniu ann, cé go
mb'fhéidir nach é an oiread sin é in ionad airgid!
Breathnaigh sna cófraí sa chistin - is dócha go dtiocfaidh tú ar chrúscaí beaga agus ar
photaí beaga lán le luibheanna. Is dócha go gcuirtear leis an mbia iad ionas gur blasta a
bhíonn sé. Breathnaigh na lipéid agus scríobh liosta de na luibheanna ar fad sa chistin
sa bhaile.
Bíonn leabhair oideas lán le moltaí maidir le luibheanna a úsáid le linn na cócaireachta.
Fiafraigh an bhfuil cead agat roinnt acu a thriail! Is í an úsáid i gcógais leighis an úsáid
is tábhachtaí ar fad a bhaintear as luibheanna.
Cá háit as a dtagann na luibheanna?
Tagann na luibheanna a bhíonn in úsáid inniu againn as páirteanna éagsúla den
domhan. Tá eolas againn anuas ónár sinsir fadó faoin úsáid is féidir a bhaint as
luibheanna. Tá a fhios againn go raibh luibheanna in úsáid ag an duine le linn gach ré
den stair mar gur scríobhadh síos go leor den eolas a bhí acu.
Cé na daoine a thug eolas dúinn faoi luibheanna?
Scríobh muintir na Sean-Éigipte rudaí a bhí ar eolas acu ar phaipír.
D'úsáid na Suiméaraigh na Measpatáime (an Iaráic sa lá atá inniu ann) táibléidí agus
scríbhneoireacht i script dhingchruthach.
Bhí cáil mhór ar Hippocrates mar dhochtúir de chuid na Sean-Ghréige.
Ba é tuairim na Rómhánach gurbh iad dochtúirí na Gréige ab fhearr ar fad.
Ba é Galen an dochtúir a bhí ag an Impire Marcus Aurelius.
Ba é Dioscorides a bhí ina dhochtúir ag an Impire Néaró.
60
Comhtháthú maidir le hÁbhair eile – Stair
Fuarthas eolas ar na luibheanna a úsáidíodh san India agus sa tSín anallód trí dhochtúir
clúiteach de chuid na hAraibe dárbh ainm Avicenna a raibh na seanscríbhinní léite aige.
Bhí luibheanna á gcur ag fás ag manaigh ar fud na hEorpa i mainistreacha na
meánaoiseanna agus úsáid astu mar chógais leighis. Bhí Hildegarde ina máthairab agus
ina luibhlia i mBingen na Gearmáine agus chuireadh sí cóir leighis ar dhaoine breoite.
Le linn ré na fionnachtana sa 15ú agus sa 16ú aois, thug na Pilgrims na luibheanna go
Meiriceá leo a bhíodh in úsáid acu i Sasana. Le himeacht aimsire, tugadh luibheanna
dúchasacha Mheiriceá go dtí an Eoraip agus go dtí áiteanna eile ar fud an domhain.
D'fhoilsigh Nicholas Culpeper leabhar sa Bhreatain a chuideodh leis an ngnáthdhuine
leigheas luibhe dá chuid féin a dhéanamh in áit íoc ar chógais dhaora ón dochtúir. Tá
eolas freisin ar na luibheanna a bhí in úsáid ag na Draoithe roimh theacht na
Rómhánach.
61
Download