Níl aon Ní Le Cathal Ó Séarcaigh Dún na nGall Gort a’ Choirce Caiseal na gCorr Níl Aon Ní There Is Nothing Níl aon ní, a stór, Níos suaimhní ná clapsholas smólaigh i gCaiseal na gCorr; ná radharc níos aoibhne ná buicéad stáin na spéire ag sileadh solais ar Inis Bó Finne Is dá dtiocfá liom, a ghrá, bheadh briathra ag bláthú ar ghas mo ghutha mar shiolastrach Ghleann an Átha, Is chluinfeá geantraí sí i gclingireacht na gcloigíní gorma i gcoillidh Fheanna Bhuí Ach b’fhearr leatsa i bhfad brúchtbhaile balscóideach i mBaile Átha Cliath lena ghleo tráchta gan stad, seachas ciúinchónaí sléibhe mar gciúnaíonn an ceo le teacht na hoíche anuas ó mhín na Craoibhe. There's nothing, my dear, nicer than the thrush twilight in Caiseal na gCorr there's no nicer sight than the tin bucket of the sky pouring light onto Inis Bó Finne if you would come, my love, there would be words blossoming from the stem of my mouth like the wild iris of Gleann an Átha and you would hear fairy music in the tinkling of bluebells in the Fána Bhuí woodlands. But you would much prefer the dirty, smoggy satellite town of Dublin and the unending noise of traffic, instead of living in a peaceful mountaneous region where the day's fog quietly falls in the night from Mín na Craoibhe. An Téama Is é grá don áit dhúchais téama an dáin seo. Tá an file ag iarraidh a ghrá a mhealladh go dtí a áit dúchais trí thagairtí a dhéanamh d’áilleacht an dúlra sa cheantar. Íomhánna “Níl aon ní, aon ní, a stór níos suaimhní ná clapsholas smólaigh i gCaiseal na gCorr.” Dar leis an bhfile , níl aon rud níos síochánta ná an smólach a chloisteáil ag canadh ag deireadh an lae i gCaiseal na gCorr. Íomhánna “ná radharc níos aoibhne ná búicéad stáin na spéire ag sileadh solais ar Inis Bó Finne.” Baineann an file usáid as meafar álainn anseo chun cur síos a dhéanamh ar na gathanna gréine ag taitneamh tríd na scamaill liatha anuas ar Inis Bó Finne. Bhí an spéir cosúil le buicéad stáin ag doirteadh solais, dar leis. “Is dá dtiocfá lion a ghrá bheadh briathra ag bláthú ar ghas mo ghutha mar shiolastrach Ghleann an Átha.” Sa véarsa seo cuireann sé meafar álainn eile ós ár gcomhair. Dá dtiocfadh a ghrá leis bheadh focail filíochta ag fás mar bhláthanna ar ghas a ghutha mar a fhásann bláthanna ar ghas an tsiolastraigh. Gas “is chluinfeá geantraí sí i gclingireacht na gcloiginí gorma i gcoillidh Fhána Bhuí.” Sa véarsa seo usáideann an file meafar álainn eile a bhaineann leis na céadfaí (senses). Feicimid na cloigíní gorma ag séideadh sa ghaoth agus cloisimid an ceol draíochtúil a dhéanann siad i gCoillte Fheanna Bhuí. “Ach b’fhearr leatsa i bhfad brúchtbhaile balscóideach i mBaile Átha Cliath lena ghleo tráchta gan stad.” Íomhá “Seachas ciúinchónaí sléibhe mar a gciúnaíonn an ceo le teacht na hoíche anuas ó Mhín na Craoibhe.” Sa véarsa deireanach críochnaíonn an file an dán le híomhá álainn eile de dheireadh an lae ina cheantar dúchais. Feicimid an ceo ag titim anuas ón sliabh le teacht na hoíche agus ag clúdach an cheantair i mblaincéad ciúnais. Uaim Úsáideann an file uaim sa dán. Mar shampla: ● clingireacht na gcloigíní gorma ● brúchtbhaile balscóideach Mothúcháin Tá grá agus fuath sa dán seo: Tá grá ag an fhile don tuath agus fuath aige don chathair. Ta grá aige don nádúr agus tá fuath aige don saol saorga (artificial life). Céard atá ag tarlú sa dán? Deir an file lena ghrá teacht leis go dtí Caiseal na gCorr mar tá sé go hálainn ansin ach is fearr lena ghrá fanacht i mBaile Átha Cliath. Conas a chuaigh an dán i bhfeidhm orm? Is maith liom an dán seo mar tá mé ábalta Caiseal na gCorr a fheiceáil agus tá an chodarsnacht (contrast) idir ciúnas (quiet) na tuaithe agus torann (noise) na cathrach déanta go maith sa dán.