Gnéithe den Litríocht san Fhichiú hAois Garry Bannister Réamhrá Ar na chéad iarrachtaí i gcumadh na filíochta nua-aimseartha atá saothair Dhubhghlas de hÍde1 ‘Úlla den Chraobh’, saothair Thadhg Uí Dhonnchadha2 (i. Torna) ‘Leoithne Andeas’ agus ‘Maidin i mBéara agus Dánta Eile’ (1918) le Osborn Bergin3. Amhail de hÍde bhí na scríbhneoirí go léir faoin aimsir sin (i. deireadh na 19ú haoise agus tosach na fichiú haoise) ag iarraidh litríocht nó fiú léitheoireacht éigin a chur ar fáil d’fhoghlaimeoirí agus do chainteoirí na Gaeilge le súil go spreagfaí lucht léite na tíre chun an teanga a scríobh agus a labhairt. Bhí na téamaí coitianta go leor; téamaí lán de mhaoithneachas, den rómánsachas agus den tírghrá. Seo dán de chuid de hÍde ina bhfaightear blas den ábhar a fuarthas go minic sna chéad iarrachtaí liteartha seo: Fuarfheadaíl ghéar Na gaoithe géire fuaire Síorshéideadh ar an spéir, Och! liomsa b’uaigneach. Ardtorann na dtonn In aghaidh na trá a’ bualadh, An gharbhgháir áibhéil throim, Och! liomsa b’uaigneach. An faoileán éadrom san aer ag géarscreadaíl trasna cuanta, Scread agus glao na n-éan Le mo chroí féin, och! b’uaigneach. Guth na gaoithe is na taoide Ag síorthroid le cogadh cumhachtach Muir, tír, spéir, séideadh na gaoithe Och! uile go léir is uaigneach. Bhí roinnt mhaith filí eile san aimsir sin: Piaras Béaslaí4 a rugadh i Learpholl i 1883 a d’fhoilsigh ‘Bealtaine agus dánta Eile’ (1920), Peadar Ó hAnnracháin5 a scríobh ‘an Chaise Gharbh’ (1918) agus ‘an Chaise Riabhach’ (1937), Séamas Ó Maoildhia6 a d’fhoilsigh ‘Dánta agus Amhráin’ (1940). Bhí anáil mhór an reiligiúin le sonrú ar sciar maith den litríocht i nGaeilge. Bheadh coinne lena leithéid ó bhí cuid mhór den chléir, go háirithe de chléir na hEaglaise Caitlicí bailithe suas leis an teanga ó aimsir na bProinsiasach i Lováin sa seachtú Rugadh Dubhglas de hÍde (1860 – 1949) i gContae Ros Comáin, mac ministir Phrotastúnaigh a bhí ina bhall den eagraíocht “Society for the preservation of the Irish language” a bunaíodh i 1876. Uachtarán na hÉireann ó 1938 – 1945. Ba é de hÍde duine de na bunaitheoirí de Chonradh na Gaeilge a tháinig ar an saol ar an 31ú Iúil 1893. Cé nach bhfeictear anois i ndánta de hÍde ach aithris ar na dánta tíre (fch. Cambridge History of Irish Literature lch. 230), ba chéim nua réabhlóideach na dánta seo a d’fhoilsigh de hÍde ó scríobhadh iad i gcaint na ndaoine agus bhí ceisteanna nua-aoiseacha mar ábhar iontu go minic. 2 Tadhg Ó Donnchadha (1874 – 1949) (Torna – an t-ainm cleite a bhí air) a bhí ina scoláire mór na Gaeilge, ina bhall de Chonradh na Gaeilge, eagarthóir ar ‘Irisleabhar na Gaedhilge’ agus ainmníodh é mar Ollamh le Gaeilge in Ollscoil Chorcaí. 3 Scoláire mór ar fhilíocht na mbard ea ba Osborn Bergin (1873 – 1950) a d’fhoilsigh a lán alt acadúil ar fhilíocht na mBard idir 1918 agus 1926 in Studies. Bhí an obair seo bailithe agus foilsithe ag David Greene agus Fergusd Kelly in ‘Irish Bardic Poetry’ (1970). 4 Piaras Béaslaí (1883 –1965) a chuir faoi deara imeacht de hÍde as Conradh na Gaeilge nuair a ritheadh rún dá chuid go mbeadh baint ag an Chonradh le cur chun cinn neamhspleáchas polaitiúil na hÉireann. Duine ildánach ea ba Béaslaí a scríobh 13 dhráma, úrscéal ‘Astronár’ (1928) agus a lán filíochta. 5 Peadar Ó hAnnacháin (1873 –1965) a bhí ina bhall gníomhach de Chonradh na Gaeilge agus rinne cur síos obair an Chonartha ina leabhar cáiliúil ‘’Fé Bhrat an Chonartha’ (1944) 6 Séamas Ó Maoildhia (1881 – 1928) 1 1 haois déag a chuir rompu leabhair chráifeacha a chur ar fáil do mhuintir na hÉireann suas go dtí ceannródaithe na hAthbheochana a bhí ina mbaill den chléir nó, ar a laghad, faoi anáil dhogma na Críostaíochta7. Sna blianta tosaigh bhí coimhlint ghéar ar siúl idir na ‘Traidisiúnaithe’ (i. daoine ar theastaigh uathu cloí go dlúth le traidisiúin liteartha na seachtú haoise dhéag) agus na ‘Forásaigh’, i. cosantóirí na litríochta idirnáisiúnta nua-aoisí. Bheadh conspóidí fíochmhara ar siúl i measc cainteoirí, in irisí agus in eagraíochtaí na Gaeilge faoin am seo maidir le cad is Gaeilge cheart ann: “Is ar éigin má tá dhá ghlúin daoine imithe ón am [ar bunaíodh é] gur beag nár scoilteadh Conradh na Gaeilge agus é ag iarraidh teacht ar réiteach na ceiste cén tuiseal a thiocfadh i ndiaidh an réamhfhocail ‘chun’. Tharla conspóid shuntasach eile faoi shainmhíniú agus úsáid an Bhriathair Shaoir. An chonspóid faoin ‘monotonous verb’ a thug an Piarsach uirthi. Bhí cuid mhaith daoine ann nár thaitin leo go gcuirfí an tír seo i gcosúlacht le Sasana i gcúrsaí teanga ná i gcúrsaí ar bith eile. Scríobh na tOllamh T.F. Ó Raithile cúpla míle focal le cur ina luí ar ‘Chonall Cearnach’ (Feardorcha Ó Conaill) gur leagan ceart Gaeilge ‘fuair amach’ agus cé gur ón mBéarla a tháinig sé i dtosach go raibh sé sa Ghaeilge le os cionn dhá chéad go leith bliain. Níor shásaigh sin ‘Conall Cearnach’ agus chuir sé an abairt i gcomparáid le snáthaid meaisín fuála a bhí ‘firmly imbedded in the second joint of my little finger’. Ba chuma cén fhad a bhí an tsnáthaid neadaithe ar an gcuma seo, ní fhéadfadh sé glacadh léi ach mar ‘foreign body which does not belong to the physical frame of ‘Conall Cearnach’.”8 Ba é an tAthair Risteárd de hIndeberg9 a bhí ina urlabhraí áititheach ar son na dTraidisiúnaithe agus mheall a chuid argóintí go pointe áirithe a lán scríbhneoirí iomráiteacha agus criticeoirí móra ar a thaobh; orthu siúd ba ea an tAthair Peadar Ó Laoghaire7, an tAthair Pádraig Ó Duinnín7, agus Pádraig Ó Siochfhradha10. Fiú bhí Pádraig Mac Piarais ar aon intinn leis na Traidisiúnaithe ar dtús ach de réir a chéile thuig seisean go raibh difríocht mhór idir litríocht a chuireann in iúl mianta croí an scríbhneora agus a dhéanann frithchaitheamh ar riachtanais agus mheoin an phobail dá scríobhann sé i dteanga bheo na ndaoine agus iarracht ar aithris a dhéanamh ar stíl agus nósanna atá dulta i léig le fada an lá. “The lesson that Séadna has taught us was that in writing your prime care must be , not to imitate this or that dead or living writer, but first and foremost to utter yourself…. If Séadna may be taken as a foretaste then we may say that the prose of tomorrow, whilst retaining much of the lyric swing and love of melody of later Irish prose, will be characterized by the terseness, the crispness, the plain straight-forwardness of what is best in medieval Irish literature. It will be found in the speech of the people; for the ordinary speech of the people is never literature, though it is the stuff of which literature is made.”11 Scríobh an tAthair Ó Laoghaire7 an t-úrscéal ‘Séadna’ ní amháin ar bhealach stílithe an bhéaloidis ach neadaithe freisin i dtéamaí na scéalta simplí traidisiúnta tuaithe arbh fhéidir a úsáid mar ábhar léitheoireachta i scoileanna na tíre ach dar leis an bPiarsach Ba é an tAthair Peadar ó Laoghaire (1839 – 1920) a scríobh an chéad úrscéal nua-aoiseach sa Ghaeilge: ‘Séadna’, an tAthair Pádraig Ó Duinnín (1860 – 1934) a chuir Foclóir Gaedhilge agus Béarla le chéile agus a scríobh saothair ealaíne mar ‘Spiorad na Saoirse: Aisling Draoidheachta ar an mBliadhain’ 1916 (1919). Bhí anáil mhór an teagaisc Chríostaí le sonrú i saothair lucht na hAthbheochana freisin ó bhí an córas oideachais na tíre faoin am seo a bheag nó a mhór faoi stiúradh na n-Ord Crábhaidh. 8 fch. ‘Filíocht Ghaeilge na Linne Seo’ le Frank O’Brien, lch.3 9 Risteárd de hIndeberg (1863 – 1916) 10 Pádraig Ó Siochfhradha (an Seabhac – an t-ainm cleite a bhí air) (1883-1964) 11 ‘Séadna and the Future of Irish Prose,’ An Claidheamh Soluis, 24 meán Fómhair 1904, lch. 8. 7 2 ní litríocht a bhí ina leithéid de scríbhneoireacht, ná léitheoireacht a bheadh oiriúnach do lucht fásta a bheadh ar lorg caibidle ar fhadhbanna iomadúla an duine san fhichiú haois. “This is the twentieth century; and no literature can take root in the twentieth century which is not of the twentieth century. We want no Gothic revival.” 12 Cé gur choimhlint cuibheasach géar agus paiseanta a bhí ar siúl idir na Traidisiúnaithe agus na Forásaigh a bhí ar son caint na ndaoine agus a bhí ag iarraidh litríocht nuaaimseartha i gcomhair aoise nua a chruthú13, níorbh fhada go dtí go ndeachaigh na scríbhneoirí féin, ar uaire fiú dá ndeoin féin, i muinín na teanga a bhí á labhairt acu14. Ba ghearr gur ghéill an t-easaontú seo slí do chonspóid eile a chuaigh ar aghaidh go dtí beagnach deireadh na fichiú haoise – is é sin an choimhlint idir cainteoirí dúchasacha agus lucht foghlama na teanga. Ba é Séamas Ó Grianna 15 a bhí ina urlabhraí ionsaitheach ar son na gcainteoirí dúchasacha. Ba leasc le cainteoirí a raibh an teanga acu ó dhúchas géilleadh do thuairimí lucht foghlama na teanga. Agus mar bhí míshásamh mór ann mar gheall ar an éagothrom a imríodh ar chainteoirí dúchasacha maidir le lucht foghlama na teanga, bhí naimhdeas agus drochfhuil i bhfad níos mó idir na cainteoirí dúchasacha iad féin. Go háirithe i gCúige Uladh nuair a gearradh suas Tuaisceart na tíre go polaitiúil agus nuair a tosaíodh ag tabhairt tús áite do chanúint na Mumhan in earnálacha uile an stáit nua. Mhothaigh na hUltaigh, agus cuid mhaith den fhírinne acu, gur imríodh leatrom orthu agus ar a gcanúint féin. Dá dheasca sin, méadaíodh go mór ar mhíshuaimhneas na nUltach le cainteoirí ó na Gaeltachtaí eile. Mothaítear go soiléir an fhearg agus an frustrachas i bhfocail Uí Ghrianna nuair a léitear litir dá chuid a scríobh sé chuig eagarthóir na hirise ‘Fáinne an Lae’ i lár na bhfichidí.16 “Oscail ‘Fáinne an Lae’ do na canúintí go dtroide an cath in ainm Dé. Níl ach amaidí dúinn a rá nach bhfuil an cath seo romhainn, nó nach bhfuil ábhar troda ar bith againn. Tá daoine a deir nach bhfuil difear ar bith idir na canúintí. Ní amhlaidh. Ní aon chineál amháin Gaeilge atá ó Chonamara go Rosa Tír Chonaill agus atá i gCúige Mumhan. Ní aon teanga amháin iad. Agus is amaideach an té a déarfaidh gurb ea.”17 Tréimhsí na Litríochta Nua-aimseartha (1900 –2000) Más féidir a rá go dtosaíonn cur chuige nua, nó an chéad tréimhse i litríocht na Gaeilge thart ar thosach na haoise seo caite, is cinnte go leanann an tréimhse sin ar aghaidh go dtí 1939 le foilsiú “Idir Shúgradh agus Dáiríre” le Máirtín Ó Cadhain. Tosaíonn an dara tréimhse idir na daichidí agus lár na seachtóidí, an dara tréimhse ina bhforbraítear téamaí nua a bhaineann le caill shóisialta, ‘díláithriú cultúir’,18 ceisteanna fealsúnachta faoi fhiúntas an duine agus ionad na teanga féin sa tsochaí nua. Ag deireadh na seascaidí agus ó thús na seachtóidí, tháinig glúin nua d’fhilí óga ar an saol a d’athraigh aidhmeanna agus treo litríocht na Gaeilge go deo. Tugtar glúin ‘About Literature,’ An Claidheamh Soluis, 26 Bealtaine 1906, lch. 6 I 1930 thosaigh conspóid idir an tOllamh Ó Corcora agus Monsignor De Brún san irisleabhar Humanitas maidir le treo ceart na litríocht nua. Mheas Ó Corcora go gcaithfeadh litríocht nua na Gaeilge fás ó thraidisiún a bhí dúchasach ina iomláine. Mhol De Brún gur ghá le hiniúchadh a dhéanamh ar litríochtaí eachtracha le beatha a mhúscailt i litríocht na Gaeilge. 14 Scríobh na scríbhneoirí go léir faoin am sin i gcaint na ndaoine: de hÍde, Ó Duinnín, Béaslaí Pádraic Ó Conaire, Ó 12 13 Siochfhradha (Torna), agus eile. 15 Séamas Ó Grianna (1889 – 1969) (Máire - an t-ainm cleite a bhí air). As Ranna Feirste, deartháir do Sheosamh Mac Grianna (1901 –1990). Údar Caisleáin Óir (1924), Mo Dhá Róisín (1921) agus Cith is Dealán (1927). Séamas Ó Grianna, litir chuig eagarthóir ‘Fáinne an Lae’ 21ú feabhra 1925 Tá an leagan seo caighdeánaithe ag údar an ailt seo. fch, ‘Trén bhfearann Breac’ (2005) le Máirín Nic Eoin. Sa leabhar seo déanann an t-údar cur síos cuimsitheach ar anáil na díláithrithe ar chultúr agus litríocht na Gaeilge. 16 17 18 3 ‘Innti’ ar an tríú tréimhse liteartha seo. Ó na hochtóidí ar aghaidh a thosaíonn an ceathrú tréimhse de litríocht thurgnamhach ó phinn scríbhneoirí cumasacha an mheitificsin ach go háirithe amhail: Dara Ó Conaola, Dáibhí Ó Cróinín, Séamas Mac Annaidh, agus a lán scríbhneoirí eile. An Chéad Tréimhse (1900 –1939) Ar mhaithe le soiléire, brisim suas an Chéad Tréimhse (1900 – 1939) sna catagóirí seo a leanas: (i) Dírbheathaisnéisí, (ii) gearrscéalta – scríbhneoirí móra sa genre, (iii) an túrscéal dhéanach - na príomhchatagóirí sa genre, (iv) filíocht agus (v) drámaí. Dírbheathaisnéisí: Buíochas le díograiseoirí teanga deonacha i dtosach an chéid a chaitheadh laethanta fada ag bailiú scéalta faoi bheatha chainteoirí dúchasacha, níor cailleadh stór luachmhar saibhir den scéalaíocht agus den seanchas sna Gaeltachtaí. Is dócha gurbh iad: Tomás Ó Criomhthain (c.1855 – 1937) a scríobh ‘An tOileánach’ agus a d’fhoilsigh é i 1929, Muiris Ó Súileabháin (1904 – 1950) a scríobh an leabhar ‘Fiche Bliain ag Fás’ (1933) agus Peig Sayers a dheachtaigh scéal a beatha féin ina leabhar ‘Peig’ (1936) dá mac Micheál a sheas tástáil an ama. Cé gur deacair ar uaire comhréir leabhar Uí Chriomhthain ‘An tOileánach’ a thuiscint go cruinn, níl amhras ar bith ach gurb é an saothar arbh fhiúntaí maidir le fairsinge ábhair agus oscailteacht an údair. Níor foilsíodh an leagan deifnídeach den dírbheathaisnéis seo go dtí 2002 nuair rinne an tOllamh Seán Ó Coileáin ó Ollscoil Chorcaí eagarthóireacht chríochnúil ar na lámhscríbhinní bunaidh. Éiríonn le Ó Criomhthain léargas suntasach gan maisiú ar bith a thabhairt don léitheoir ar coinníollacha na beatha agus ar na béasa neamhchoitianta a bhí san Oileán in aimsir an údair. In ‘An tOileánach’ faightear cur síos forleitheadach ar an iliomad gnéithe suimiúla de shaol na mBlascaodaí ag deireadh na naoú haoise déag agus i mblianta tosaigh na haoise seo caite: bianna19, caithimh aimsire20, cleamhnas21 agus cúrsaí grá22, fadhbanna sóisialta agus cathanna géara polaitiúla idir na hOileánaigh agus údaráis na mórthíre23. Is fiú mar chomparáid, an dírbheathaisnéis ‘Lá dár Saol’(1969) le Seán Ó Criomhthain, an mac is óige le Tomás, a léamh. Tugann saothar Sheáin pictiúr gléineach dúinn ar conas a d’athraigh an saol sóisialta agus airítear blaiseadh den chiniceas úd a tháinig ar mhuintir na Gaeltachta maidir le neamhaird an rialtais agus leis na foghlaimeoirí iomadúla a bhí ag teacht le leabhar a athar “ar bois acu”. Maidir le hinléiteacht agus snoiteacht, is amhlaidh gurbh é saothar Uí Shúileabháin, ‘Fiche Bliain ag fás’ a bhuaigh gnaoi an phobail ó bhí an leabhar faoi eagarthóireacht oilte an scoláire George Thomson agus aistrithe go Béarla aige siúd agus ag Moya Llewellyn Davies. Bhí mór-éileamh ar aistriúchán an leabhair, ‘Twenty Years aGrowing’ agus spreag sin an smaoineamh chun leabhar leantach a fhoilsiú ‘Fiche bliain fé Bhláth’ ach faoin am inar foilsíodh é bhí laghdaithe go mór an tsuim i saol mhuintir an Oileáin i measc lucht léite an Bhéarla. Ó bhí leabhar Pheig Sayers ‘Peig’ ar churaclaim na meánscoileanna ar feadh na mblianta fada, bhí buntáiste faoi leith ag 19 fch. eagrán Uí Choileáin, mar shampla: lch. 10, 63, 117 fch. idem, mar shampla: lch. 62 21 fch. idem, mar shampla: lch. 20, 21, 33, 71, 187 (pósadh Tomáis féin) 22 fch. idem, mar shampla: lch. 137, 138 23 fch. idem, mar shampla: lch. 50 – 53 20 4 an leabhar sin nach mbeadh ag a lán leabhar fiúntach eile sa genre céanna. Ach sin ráite, bhí cumas scéalaíochta as an ghnáth ag Peig Sayers agus bíonn a cuid leabhar 24 ina bhfoinse fós do scoláirí béaloidis na hÉireann. I gCúige Uladh scríobh Micí Mac Gabhann (1865-1948) ceann de na dírbheathaisnéisí ba chumasaí den ré sin: ‘Rotha Mór an tSaoil’, leabhar nár foilsíodh go dtí aon bhliain déag tar éis a bháis i 1959. Rugadh Mac Gabhann i nGaeltacht Cloich Cheann Fhaola i gContae Dhún na nGall. Déantar cur síos in ‘Rotha Mór an tSaoil’ ar shaol corraitheach an údair mar bhuachaill óg in aimsire ar an Lagán agus mar spailpín fánach san Albain. Faightear léargas ar na coinníollacha crua inar ghnóthaigh Éireannaigh na haimsire sin a gcuid airgid thar lear. Thosaigh Micí Mac Gabhann ag obair nuair nach raibh sé ach naoi mbliana d’aois. Nuair a bhí sé cúig bliana déag chuaigh sé i mbun oibre in Albain agus cúig bliana níos déanaí d’imigh sé leis go Meiriceá. Rinne Micí obair chrua sna mianaigh airgid in Butte agus Montana sula ndeachaigh sé de chois trí shioc agus sneachta ar órthoraíocht sa Klondyke, Alasca. Is iontach cumhachtach an cur síos an dhéanann Micí ar conas a d’fhág a chomrádaithe é le bás a fháil i bhfuacht an tseaca nuair a chaill seisean gan choinne cumas na gcos agus ar conas mar a thug seanbhean leighis de chuid na hIndiaigh aire dó go dtí go raibh sé ábalta siúl arís. Faighimid dírbheathaisnéisí ó scríbhneoirí gairmiúla sa chéad leath den fhichiú haois freisin, foilseacháin mar: ‘Mo Sgéal Féin’ (1915) le Peadar Ó Laoghaire, ‘Mo Bhealach Féin’ (1940) le Seosamh Mac Grianna, ‘Nuair a Bhí Mé Óg’ (1942) le Séamus Ó Grianna, agus ‘Ceo Meala Lá Seaca’ (1952) le Micheál Mac Liamóir. De réir mar a théann an céad chun cinn, is léir go dtugtar léargas níos sofaisticiúla sna dírbheathaisnéisí, le fócas i bhfad níos géire ar chomhthéacsanna sóisialta/polaitiúla agus imeachtaí staire. Sa dírbheathaisnéis ‘Dialann Deoraí’ (1960) le Domhnall Mac Amhlaigh, mar shampla, dírítear isteach le fuinneamh agus gontacht ar shaol lucht imirce na hÉireann a théadh i mbun na náibhíochta i Sasana sna caogaidí. Éiríonn le Mac Amhlaigh pictiúr cuimsitheach a sholáthar ar chúlráid shóisialta na ‘náibhithe’ agus an sórt saoil shíceolaíoch agus eacnamaíoch a bhíodh acu. Seo mar atá cur síos Mhic Amhlaigh mínithe ag Máirín Nic Eoin ina leabhar ‘Trén bhfearann Breac’25 ar aicme thuaithe na hÉireann agus iad díláithrithe i dtimpeallacht choimhthíoch thar lear: “Tugann Mac Amhlaigh isteach i gceartlár shaol na haicme sin in Dialann Deoraí sinn agus soláthraíonn miontráchtaireacht ón taobh istigh ar a gcúinsí maireachtála, ar a saol oibre agus ar na timpeallachtaí sóisialta agus cultúrtha a chleacht siad. Athchruthaíonn sé atmaisféar fisiciúil agus sóisialta láithreacha éagsúla oibre, ina measc bardaí ospidéil, campa an aerfhórsa, monarcha iarainn, tollán Rugby agus láithreáin tógála éagsúla timpeall Northampton. Tá an cuntas breac le peannphictiúir de dhaoine agus úsáidtear an chaint dhíreach go minic le meon na n-oibrithe a léiriú.”26 In “A Thig Ná Tit Orm” le Maidhc Dainín Ó Sé, faightear cur amach eolach pearsanta ar an chiníochas rábach i Meiriceá sna seascaidí, go háirithe nuair a thugann an t-údar agus a chara Frank O’Donnell sciuird síos chun an deiscirt go hAlabama. Cuireann an t-údar os ár gcomhair freisin an phairilis agus an anbhuain a bhuaileann a chomhoibrithe nuair a briseadh an scéal orthu faoi fheallmharú an Uachtaráin, Jack Tá leabhair eile ar shaol Pheig a thugann spléachadh dúinn ar an saibhreas mór seanchais a bhí ar eolas aici: fch. ‘Machtnamh SeanaMhná’ (1939) agus ‘Beatha Pheig Sayers’ (1970). 25 ‘Trén bhFearann Breac’ le Máirín Nic Eoin, BÁC, 2005 26 idem, lch. 161 24 5 Kennedy. Bíonn na sleachta seo thuas mar aon leis an chuid eile dá leabhar múnlaithe go críochnúil agus curtha inár láthair i gcónaí mar ábhar ealaíne ó pheann scríbhneora oilte. Tá an oiread sin dírbheathaisnéisí scríofa sa Ghaeilge ó thús na haoise seo caite, nárbh fhéidir cothrom na féinne a thabhairt don genre seo gan staidéar i bhfad níos fairsinge agus uileghabhálach a dhéanamh air. Fiú inniu téann an traidisiún seo ar aghaidh ach is minic nach maireann an dírbheathaisnéis mura bhfuil fiúntas éigin staire nó liteartha inti a tharchéimníonn beatha an údair féin. Ní chloistear trácht anois ar a lán dírbheathaisnéisí a d’imigh as cló agus as cuimhne ghnáthphobal léitheoireachta na Gaeilge, leabhair mar: ‘Dhírbheathaisnéis Néill Mhic Ghiolla Bhrighde’ a deachtaíodh do Liam Ó Connacháin faoi shaol duine darbh ainm Mac Giolla Bhrighde a rugadh agus a tógadh i nGaeltacht Dhún na nGall ná ar ‘Is Uasal Ceird’ le Diarmaid Ó hÉigeartaigh, agus na céadta leabhar eile mar iad. Cé nach raibh mórán measa ag Máirtín Ó Cadhain riamh ar an genre seo de scríbhneoireacht 27, is léir go dtugann cuid mhór de na leabhair ar éirigh leo an tástáil ama a sheasamh eolas suntasach a sholáthar dúinn ar thréimhsí suimiúla i stair na tíre agus dá bhrí sin, níl dabht ach go mbeidh tábhacht leo as seo amach mar cháipéisí sóisialta de réanna atá imithe uainn go deo.. Gearrscéalta Bhí fás tapa ag genre an ghearrscéil sa Ghaeilge i dtosach na haoise nua. Ba iad Séamas Ó Dubhghaill a scríobh ‘Tadhg Gabha’ (1901) agus ‘Prátaí Mhichíl Thaidhg’ (1904) Pádraig Ó Séaghdha nó ‘Gruagach an Tobair’ (1864 –1955) a scríobh ‘Annála na Tuatha’ (trí leabhrán de scéalta beaga tuaithe) a foilsíodh idir na blianta 1905 – 1907 agus Conán Maol28 le ‘Buaiceas’ (1903). Ba é Conán Maol a bhí mar dhóchas ag an bPiarsach cé go raibh carachtair a chuid scéalta tanaí go leor agus nár éirigh leis é féin a shaoradh go huile agus go hiomlán choíche ó chuing na dTraidisiúnaithe. Ach mar sin féin, foilsíodh a lán dá scéalta in ‘Irisleabhar na Gaedhilge’29 agus chreid a lán criticieoirí faoin am ar scríobh sé gur dóchas nua acmhainneach a bhí san údar nua seo. “ ‘Conán Maol’… is one of the few who have fashioned for themselves a distinctive style in Irish.”30 Ach ba é Pádraig Mac Piarais a bhris ar dtús an traidisiún liteartha a bhí molta ag an Athair de hIndeberg nuair a scríobh sé a scéalta rómánsacha amhail ‘Bairbre’ agus ‘Eoghainín na nÉan’ – gearrscéal faoi bhuachaill óg atá ag fáil bháis ón eitinn. Ní raibh an Piarsach mórchúiseach ar chor ar bith as a iarrachtaí liteartha féin ach thuig sé go soiléir gur ghá treo nua a leanúint más mian le scríbhneoirí na Gaeilge litríocht fhiúntach nua-aoiseach a chruthú. “We hold the folk tale to be a beautiful and gracious thing only in its own time and place… literature cannot (and if it could), should not be built on the folktale. The folktale is an Is minic a thug Máirtín Ó Cadhain ‘Píobairí an aon phoirt’ ar lucht scríofa dírbheathaisnéisí. Bhí an t-ainm céanna ‘Pádraig Ó Séaghdha’ ag an bheirt scríbhneoirí: ‘Gruagach an Tobair’ agus ‘Conán Maol’ ach chun aon mhíthuiscint a sheachaint, úsáidtear ‘Conán Maol’ nuair atáthar ag tagairt don údar a d’fhoilsigh cnuasach de ghearrscéalta in ‘An Buaiceas’ (1903). 29 Bunaíodh ‘Irisleabhar na Gaedhilge’ i 1882 agus bhí sé á chur amach suas go dtí 1909. Foilseachán dátheangach a bhí ann inar scríobhadh ailt faoi theanga, chúrsaí léirmheastóireachta, threo agus thodhchaí na litríochta i nGaeilge agus a lán ceisteanna eile a bhain le foghlaim na teanga. Bhí idir phrós agus fhilíocht foilsithe san irisleabhar seo freisin. Ba é Conradh na Gaeilge a bhí á stiúradh ó 1894 ar aghaidh. 30 ‘Reviews’ ‘An Claidheamh Soluis’ 14ú Marta 1903, lch 3. 27 28 6 echo of old mythologies: literature is a deliberate criticism of actual life… Why impose the folk attitude of mind, the folk conventions of form on the makers of literature.” 31 Pádraig Ó Conaire (1882 – 1928) I measc na scríbhneoirí uile i dtosach na fichiú haoise, seasann duine amháin amach agus is é sin Pádraic Ó Conaire. D’éirigh leis an gConaireach buncheisteanna fealsúlachta agus moráltachta32 a phlé i gcomhthéacs ZeitGeist dá ré féin. Scrúdaíonn sé fabhbanna sóisialta an bhochtanais33, cruálacht an chórais phatriarcaigh34, an caidreamh idir stát, eaglais agus pobal35, buile agus tionchar an éagumais choirp ar shaol an duine36, mar aon lena lán téamaí uileghabhálacha eile. Bhí saothair ealaíne Thomas Hardy, George Meredith, Joseph Conrad, Antón Chekhov, Anatole France, Selma Lageröff, Knut Hamsun agus a lán scríbhneoirí idirnáisiúnta eile léite ag Ó Conaire.37 Rugadh Pádraic Ó Conaire ar an 28ú Feabhra 1882. Is amhlaidh go ndeachaigh cruatan Ghaeltacht Chonamara i bhfeidhm go mór air mar scríbhneoir ó tá cruatan shaol na tuaithe le sonrú i gcuid mhór dá scéalta - an tsíorchomhraic idir an duine agus an dúlra fiáin. B’fhéidir gurb iad na mná ó Chonamara, i gCois Fharraige, áit ar chaith Ó Conaire a óige a spreag an t-ómós ollmhór a bhí le sonrú ina shaothar aige do sprid na mban i gcoitinne, go háirithe i scéalta mar: ‘An Bhean a Ciapadh’ agus ‘Beirt Bhan Misniúil’. “Ní amháin go ndéanann siad (i. na mná) obair tí, déanann siad obair farraige agus obair garrantóireachta freisin... Bíd ag tarraingt móna ón bportach agus feamainne ón trá ar a ndromanna ina gcuid cliabh mór. Bíd ag gearradh móna uaireanta in áiteanna, á gróigeadh, á cur sna báid lena dhíol thar cuan. Bíd ag cur fataí, á nglanadh, á mbaint – go deimhin is deacair cuimhneamh ar aon chineál saothair atá le fáil san áit nach mbíonn baint acu leis ó bheith ag luascadh chliabhán na n-óg go caoineadh na marbh.”38 Ní hiad na carachtair amháin a chorraíonn samhlaíocht Uí Chonaire ach an ‘dath áitiúil’, dúiche neamhcheansaithe sceirdiúil Chonamara a bhíonn go minic mar chúlráid fhiáin ina dtarlaíonn eachtraí a chuid scéalta. I 1899 chuaigh Ó Conaire go Londain agus d’fhan sé ansin go 1914. Fuair sé post mar chléireach oifige in Whitehall. Cuireadh brainse de Chonradh na Gaeilge ar bun i Londain i 1896 agus faoin am nuair a bhí Pádraic ina chónaí ann bhí imeachtaí agus gníomhartha an Chonartha faoi lánseol. Fuair Ó Conaire obair mar mhúinteoir na Gaeilge agus ba sa tréimhse seo i Londain gur scríobh Ó Conaire an chuid is réabhlóidí dá shaothar. Ba i Londain a rinne Ó Conaire an chuid ab fhónta dá shaothar ealaíonta idir aistí, drámaí agus gearrscéalta39: ‘Nóra Mharcais Bhig’ (1907), ‘About Literature,’ ‘An Claidheamh Soluis’ 26ú Bealtaine 1906, lch. 6 mar shampla: in ‘Teatrarch na Gailílí’ scrúdaíonn Ó Conaire iompar an Teatrairc agus na céimeanna a thugann ar bhealach a aimhleasa go dtí go gcailleann a ríocht agus a bhfuil aige. Agus in ‘Ná Lig Sinn i gCathú’ léiríonn an t-údar conas ar féidir le duine gach rud a chailleadh mura gcloíonn sé go teann dílis don rud gur ceart dó a dhéanamh. 33 mar shampla: in ‘Páidín Mháire’, Nóra Mharcais Bhig’, M’Fhile Caol Dubh’ 34 cf. ‘An Bhean a Ciapadh’ 35 cf. ‘Anam an Easpaig’ 36 cf. ‘Páidín Mháire’ 37 “Pádraic Ó Conaire – Scéalta a Bheatha’ leis an Siúr Eibhlín Ní Chionnaith, lch. 293. 38 ‘Cois Fharraige’ ‘An t-Éireannach’ Iúil 1910 lch. 2 (tógtha as an leabhar “Pádraic Ó Conaire – Scéalta a Bheatha’ leis an Siúr Eibhlín Ní Chionnaith, lch. 52.) 39 aistí mar: ‘Na coinníollacha a Stiúraíonn Scríbhneoireacht Dráma’, ‘Seanlitríocht na nGael agus Nualitríocht na hEorpa’; drámaí mar: ‘Caitlín na Clúide’, ‘A Chéad Bhean’, ‘Bairbre Rua’ agus ‘Na Gaiscigh’; agus ‘Deoraíocht’ an t-úrscéal ba thábhachtaí a scríobhadh sa chéad leath den fhichiú haois sa Ghaeilge. 31 32 7 ‘Paidín Mháire’ (1908), ‘Neill’ (1909), Ná lig sinn i gCathú’ (1911), ‘Teatrarc na Gaililí’ (1912), ‘An Chéad Chloch’ (1914). Bhí saol crua dealbh ag Ó Conaire de dheasca an óil agus mar gheall ar an neamhaird a thugtaí don scríbhneoireacht sa Ghaeilge san aimsir sin. Bítear go minic ag cáineadh an Chonaraigh ós rud é go ndearna sé ‘athchúrsáil’ ar roinnt dá scéalta faoi theidil nua nó go ndeachaigh sé gan leisce ar bith i mbun scríbhneoireachta ar bheagán fiúntais, amhail: ‘Fear Feasa Mac Feasa’ (1930) agus ‘Scéalta an tSáirsint Rua’ (1940). “Ultimately, his greatest sin as a writer was that he wrote too much, with too little quality control, often recycling plotlines or even shamelessly publishing the same story twice with only minor revisions or merely under a different title.” 40 Ach is ró-chrua an cáineadh seo, dar liomsa, mar ní chuireann údar an ailt thuas na coinníollacha inar scríobh Ó Conaire san áireamh ná fadhbanna móra a linne maidir le foilseacháin i nGaeilge agus an chinsireacht chrua (ansmachtúil ar uaire) a rinneadh orthu. Bhí Pádraig Ó Conaire ag iarraidh teacht i dtír ar cheird na scríbhneoireachta amháin agus seo mar a mhianaigh scríbhneoir comhaimseartha leis, Piaras Béaslaí an scéal dó i litir a chuir sé chuige i 1915. “I láthair na huaire is deacair do scríbhneoir – fiú sárscríbhneoir – rud ar bith a chur i gcló. Níl amhras ar bith ann ná go bhfuil scríbhneoirí cumasacha againn. Ach san am i láthair is beag spreagadh a fhaigheann scríbhneoir Gaeilge lena dhícheall a dhéanamh – nó rud ar bith a scríobh. Ní bhíonn súil aige le moladh measartha nó fiú cúiteamh as a shaothar a fháil sa Ghaeilge.”41 Is féidir linn a rá maidir le saothair Uí Chonaire go bhfuil imeacht nua liteartha tugtha don teanga agus bunsraith curtha síos aige do na glúine eile de scríbhneoirí a tháinig ina dhiaidh. B’inspioráid é do scríbhneoirí mar Sheosamh mac Grianna agus Liam Ó Flaithearta agus tá anáil a fhealsúnachta eisí42 le haireachtáil i dtonn nua scríbhneoireachta trialaí atá le teacht faoi bhláth i bhfad níos déanaí ag deireadh na haoise céanna. Seasann Pádraic Ó Conaire amach mar Chú Chulainn dá cheird féin i lár catha liteartha na haoise ar fad, agus fiú má mholann James M Cahalan saothar Uí Chonaire mar “..the most inventive (and) forward-looking..”43 nó mar a thairgeann John Jordan nach bhfuil scríbhneoir eile san fhichiú haois “(who) has written prose more exquisite”44, rachainn féin níos faide fós le rá gurb é an dornán teoranta dá scéalta réadacha a scríobh sé sular fhág an Conaireach Londain a sholáthraíonn bunchloch sheasta do litríocht dhinimiciúil nua na Gaeilge agus gur féidir fós a aithint, gan mórán dua, snáithe dá theanga shuntasach, dá fhealsúnacht eiseach, dá stíl, dá théamaí, agus dá ábhair bhuartha phearsanta (mar Éireannach tíopúil) le sonrú trí ghluaiseachtaí liteartha uile na fichiú haoise. cf. ‘The Cambridge History of Irish Literature’ Volume II 1890 –2000, ‘The Irish Renaissance, 1880 –1940: Literature in Irish, Philip O’Leary. (lch. 243) 41 ‘The leader’ 22ú Nollaig 1920, lch. 497 (tógtha as an leabhar “Pádraic Ó Conaire – Scéalta a Bheatha’ leis an tSiúr Eibhlín Ní Chionnaith, lch. 281.) 42 cf. ‘Léachtaí Choláiste Phádraig ar Ghearrscéalta Uí Chonaire’ le Garry Bannister (FórSaí - 2008) “De réir Uí Chonaire bíonn saoirse ag an duine i gcónaí le roghnú ag an duine féin. Mar sin is féidir a rá go mbaineann téama na fealsúnachta cineálaí seo leis an eiseachas agus go dtéann sé trína shaothar go léir.” 43 ó shaothar Alan Titley in ‘An tÚrscéal Gaeilge’ lch. 197 44 idem (lch. 197 –198) 40 8 Seosamh Mac Grianna (1900 -1990) Cé nach bhfuil an oiread céanna scríofa ag Seosamh Mac Grianna mar atá ar fáil de shaothar a dhearthár, Séamus Ó Grianna (1889 – 1969), ní dóigh go bhfuil aon amhras ach gur tábhachtaí go mór taisce liteartha ó pheann Mhic Ghrianna ná ó údar Gaeltachta eile ar bith sa chéad leath den fhichiú haois. Is fiú féachaint ar chnuasach dá ghearrscéalta ‘An Grá is an Gruaim’ a foilsíodh sa bhliain 1929 le deimhniú go néiríonn leis múnlú agus forbairt bhríomhar a dhéanamh ar choinbhinsiúin thraidisiúnta an Ghearrscéil sa Ghaeilge. Sa chéad scéal den leabhar ‘Bíonn Súil Le Muir ach Ní Bhíonn Súil le hUaigh’, léirítear scéal cumasach críochnúil faoi charachtar darb ainm Sean-Bhríd Nic Shuibhne a bhfuil a cúigear mac agus a triúr iníonacha mar aon lena fear céile caillte aici agus í fágtha go huaigneach ina haonar go dtí go dtagann ‘tachrán girsí’, dílleachta óg isteach ina saol – Síle bheag. Éiríonn le Mac Grianna an suíomh i dteach Seanbhríde a léiriú i gcúpla abairt thíosach. “Rugadh i mbrón í agus tógadh i dteach brónach í; agus ina dhiaidh sin ba lúcháirí í ná an uiseog san earrach. Ba ghnáth le Bríd a rá go dtéadh an ghrian as nuair a d’fhágadh sí an teach.” 45 De réir mar a théann na heipeasóidí struchtúrtha chun cinn, tagann fuadar agus gluaiseacht fúthu a threisíonn le teannas agus le héifeacht chur i gcrích an scéil. Athraíonn Mac Grianna rithim, luas agus stíl na hinste de réir a chéile go dtí go bpléascann ar an léitheoir idir abairtí loma tuairisciúla agus agalla de chomhrá gearrtha. “Bhí Cill Dé ina sheasamh scoite amach ón scaifte, hata cruaidh dubh air agus bata dubh draighin lena scorróig. Bhí sé ag breathnú go géar. “Glóir don Athair, don Mhac agus don Spiorad Naomh. Gabh isteach chugam, a leanbh.” “Tá mé ag gabháil isteach chugat.” Chuir sí a cos isteach go fíor-imeall an fháinne. D’éirigh croí Bríde. Ba í a leanbh féin a bhí ann i ndiaidh an iomláin. Ach dá gcuireadh an tachrán fiche cor di féin, isteach san fháinne ní thocfadh sí. “In ainm an Tiarna Íosa Críost, cé tú féin?” “Is mé an DIABHAL.” “A Chill Dé an ghalláin, beidh daor ort!” arsa an t-Anspiorad, agus d’imigh sé. Bhí Cill Dé ag maíomh go bhfaca sé caor thine ag éirí ón trá agus ag gabháil i bhfarraige i mbéal Toir Ghlais.”46 Feictear ciútaí eile den chur chuige nua seo ina lán eile dá ghearrscéalta sa leabhar céanna. In ‘Sracadh’, mar shampla, soláthraíonn Mac Grianna tosach tobann don scéal a scaoileann breis fuinnimh agus úire faoin insint agus críochnaíonn an scéal céanna san aimsir láithreach, rud a thugann le tuiscint don léitheoir nach bhfuil ann ach ‘eipeasóid’ amháin i saga síoraí na beatha - leanann an saol seo ar aghaidh. “Níl aon lá fhad is bheas Gael fa chladaigh Thír Chonaill nach mbeidh trácht ar an tsracadh a bhí in Eoghainín Shéarlais in Uaigh.” 47 Baineann Mac Grianna úsáid éifeachtach as an chomhdhéanamh dlúth, as aontacht ama (i. tarlaíonn an gníomh in aon tráthnóna stoirmeach amháin), aontacht áite agus tar éis buaic an scéil a bheith bainte amach, tar éis d’Eoghainín lámh in uachtar a fháil ‘An Grá agus an Ghruaim’ Brún agus Nualláin, teor. (c. 1959) (lch. 3) Idem (lch. 11) 47 Idem (lch. 50) 45 46 9 ar an fharraige mhíshuaimhneach, tagann an scéal gan mhoill chun deiridh ina dhiaidh sin, rud atá inmholta go mór i ngearrscéal ar bith. Is mór an trua nár éirigh le Mac Grianna mórán a scríobh lena shaol de dheasca a easláinte meabhrach. Cé gur scríobh Mac Grianna a lán aistí d’irísí liteartha a linne48 féin agus cé go raibh sé i mbun aistriúchán don Ghúm49, is beag eile a tháinig uaidh idir na blianta 1933 go 1940. Scríobh Mac Grianna cúpla leabhar taistil: ‘An Bhreatain Bheag’ (1937) agus ‘Na Lochlannaigh’ (1936). Agus ba é a dhírbheathaisnéis bhréagach (‘pseudo-autobiography’50) ‘Mo Bhealach Fein’ a tháinig ar an saol sa bhliain 1940 a thugann spléachadh eile dúinn den ghinias ealaíne atá i bpeann Mhic Ghrianna. Léiríonn an aiste mhagúil dhírbheathaisnéiseach seo an míthaitneamh aicídeach a bhí aige don chine daonna i gcoitinne. Is géachúiseach cruinn mar a ionannaíonn Máirín Nic Eoin an spiorad agus na fadhbanna pearsanta a bhí go comhuaineach ina n-inspioráid agus ina gcreach lábáin dó mar scríbhneoir. “While the voice may be interpreted as that of a modern artist frustrated by the materialism and absurdity of contemporary life, a sense of antipathy towards others pervades the work and the narrators sense of unease and displacement is revealed as fundamentally pathological and ultimately disabling.”51 Ag an am céanna, caithfear a admháil go n-éiríonn le Mac Grianna na heachtraí is gruama agus is foréigní dá scéalta a chur inár láthair le binneas stíle údarásach agus le héadroime dhána neamhchoitianta. “Fóill! Fóill!” ar sise, agus ba í a bhí dána. “Níl tú ag imeacht go dtuga tú mo chuid féin domsa.” “Seo, seo!” arsa mise. “Níl pingin rua agat orm agus ná síl go bhfuil tú ag dul a shuí i mo bhun. Ní ligfinn d’aon duine dá bhfaca mé riamh sin a dhéanamh.” Agus thug mé iarraidh siúl thart léi. “Hóigh, ‘Chearúill!” ar sise. “Hóigh, ‘Chearúill!” Goidé a bhí mac ach taobh amuigh den doras, díreach romham. Chuir sé a lámh le doras an ghloine agus tháinig sé isteach. Chuir sé lámh ar mo mhála…. Tharraing mé mo lámh agus chnag mé an boc bricliath beannaithe. Thug mé dorn millteanach dó. Shíl mé gur bhris mé a raibh de ailt i mo láimh. Thit sé maol marbh mar bhuailfí le tua chatha gallóglaigh é. Agus bhí léim an dorais agamsa.” 52 Tar éis do Mhac Grianna filleadh abhaile go Dún na nGall, chuaigh an galar intinne a bhí air i ndonas go mór. Dá dheasca an ghalair úd b’eigean dó an 30 bliain deireanach dá shaol a chaitheamh in Ospidéal Galar Meabhrach Naomh Conaill, i Leitir Ceanainn. Is féidir a rá, mar sin, go raibh thart ar 15 de bhlianta (1920 – c1935) mar scríbhneoir chruthaitheach san iomlán aige.53 48 Fáinne an Lae, An tUltach, agus irisí eile Ba é an Gúm an príomhtheach foilsitheoireachta do scríbhneoirí na Gaeilge in aimsir Mhic Ghrianna agus tugadh obair do Mhac Grianna agus do scríbhneoirí eile ar aistriúcháin go Gaeilge de shaothair údar mór idirnáisiúnta, amhail: Joseph Conrad, Walter Scott, Anton Chekhov agus araile. 50 Máirín Nic Eoin ‘Contemporary prose and Drama in Irish 1940 – 2000’ (lch. 272) The Cambridge History of Irish Literature (volume II: 1890 – 2000) Cambridge University Press, 2006 51 Idem (lch. 271) 52 ‘Mo Bhealach Féin’ le Seosamh Mac Grianna, An Gúm, Athchló 1997, (lgh. 17-18) 53 Bhí dhá úrscéal ag Mac Grianna ‘An Druma Mór’ nár foilsíodh go dtí 1969 agus ‘Dá mBíodh Ruball ar an Éan’ (1940) nár éirigh leis choíche a thabhairt chun críche. 49 10 Séamus Ó Grianna (1889 – 1969) Deartháir le Seosamh Mac Grianna ea ba Séamus Ó Grianna (ainm cleite: Máire). Is é ‘Cioth is Dealán’ a foilsíodh den chéad uair i 1927 atá ina chnuasach is iomráití dá ghearrscéalta suas go dtí inniu. Ba é an locht is mó a bhí ar shaothar Uí Ghrianna ná gur scríobh sé an iomarca gan smaoineamh ceart ná cóir a dhéanamh ar fhairsingiú réimse a chuid téamaí ná ar cén fhorbairt ar chuí a dhéanamh ar na plotaí seanchaite a bhí á nochtadh de shíor aige ina chuid scéalta. Cé gur thaitin saibhreas inaitheanta na teanga féin mar aon le deismireachtaí galánta den bhéaloideas áitiúil lena lán léitheoirí i nGaeltachtaí Thír Chonaill faoin am ina raibh Ó Grianna i mbun a chuid scríbhneoireachta, ní raibh aon fhiúntas liteartha i ndáiríre sna scéalta a chum sé mar fhicsean cruthaitheach don phobal léitheoireachta i gcoitinne. Mar sin is féidir, ní amháin, litríocht ‘pharóisteach’ a thabhairt ar a scéalta agus litríocht theoranta maidir lena ‘spriocdháta’ ábharthachta agus ama. Bhí díomá agus aiféala mór ar Ó Grianna féin ag deireadh a shaoil mar ghníomhaí liteartha agus mhóidigh sé an lá ar chuir sé peann le pár chun saothar ar bith a scríobh i nGaeilge.54 Caithfear a rá freisin gurb anam cráite diomaíoch a bhí in Ó Grianna mar dhuine freisin agus mothaítear go raibh searbhas agus míshástacht dulta chun ainchinn ar fad ann faoi dheireadh a aistir ealaíne, cé gur duine a bhí lán de spleodar agus de dhíograis é i dtosach a shaoil.55 Más fíor gurb é ‘Cioth is Dealán’ an cnuasach dá ghearrscéalta is buaine, dhéanfaí leatrom an-mhór air mura luafaí gur foilsíodh dhá chnuasach déag eile dá scéalta idir na blianta 1940 agus 1968 amháin ach sin ráite, is fíor freisin go ngnáthaíonn na scéalta úd a tháinig uaidh sa tréimhse sin an raon teoranta céanna de théamaí simplí tuaithe, i. an grá gan sásamh mar a léirítear idir Éamonn Ghráinne Duibhe agus Nóra Ní Cheallaigh sa scéal ‘An Aisling Bhréige’ agus tréigean, brón, grá agus greann tuaithe mar a sholáthraítear don léitheoir i scéalta mar: ‘Grásta Ó Dhia ar Mhicí’ agus ‘Manús’. Scríobh Seán Bán Mac Meanman (1886 – 1962) sa dóigh chéanna agus tháinig trí chnuasach uaidh sa chéad leath den fhichiú haois ‘Scéalta Goiride Geimhridh’ (1915), ‘Fear Siubhail a’s a Chuid Comharsanach agus Faoinse Eile’ (1924) agus ‘Indé agus Indiu’ (1929). Amhail scéalta Uí Ghrianna, níl iontu ach ábhar léitheoireacht de réir foirmle maoithní atá fréamhaithe go daingean i dtraidisiún an bhéaloidis. Bhain Pádraig Ó Siochfhradha (1883 –1964) cáil amach dó féin le foilsiú a chnuasaigh de ghearrscéalta greannmhara faoi mhuintir an Daingin. Scéalta cumasacha traidisiúnta mar: ‘Flúirsín’, ‘Liam na Giúise’, ‘An Traonach’ ‘Moladh Beirte na Faille Móire’ agus ‘Leite Dhonncha Pheig’. Ach arís ní scéalta na litríochta móire atá sa chnuasach taitneamhach seo ach oiread. Imeachtaí simplí greannmhara gan dochar mór, scríofa ag cainteoir dúchais in nGaeilge bhinn nádúrtha atá iontu. Scríobh deartháir leis, Micheál Ó Siochfhradha dornán de scéalta aoracha freisin atá imithe as cló le fada: ‘An Turas’ a cháineann lucht bhailithe an bhéaloidis agus ‘Glóire Bhaile an Phludaigh’ faoi chúrsaí polaitíochta sna fichidí. fch. ‘Comhar’ i litir chuig an Eagarthóir, Nollaig 1969, lch 4. fch. ‘The Cambridge History of Irish Literature’ foilsithe 2006, san alt: ‘The Irish Renaissance 1880 –1940’ by Philip O’Leary, lch. 244 “But in our period (i. suas go dtí 1940), he (i. Séamus Ó Grianna) was still deeply, if not always generously committed to the revival of the language and the development of its literature.” 54 55 11 Tomás Bairéad (1893 – 1973) Bhí Bairéad, cainteoir dúchasach agus mac feirmeora as Conamara, ina iriseoir sa ‘Galway Express’ ó 1918 go dtí gur tugadh post dó san Irish Independent i 1922. I 1945 rinne The Independent eagarthóir na Gaeilge de. Tháinig ‘An Geall a Briseadh’ a bhí ina théacs scoile uaidh sa bhliain 1932, i 1936 d’fhoilsigh sé ‘Cumhacht na Cinneamhna’ agus ‘Cruithneacht agus Ceannbhán’ i 1940. Tá sé de bhua ag Bairéad go n-éiríonn leis imeacht ó theorainneacha Ghaeltacht na Gaillimhe ina chuid scéalta. Ní annamh go mbíonn téamaí uilíocha ilghnéitheacha le tabhairt faoi deara a chuimsíonn tráthanna suaite éagsúla i stair na hÉireann. Mar shampla, baineann an scéal ‘Ciarán Cathach’ le haimsir Chromail, ‘An Crochadóir nár hÍocadh’ le heachtraí urghránna i mBaile Átha Cliath san 19ú haois agus ‘An Dath a d’Athraigh’ le haimsir Chogadh an Neamhspleáchais. Tá a lán scéalta an údair seo lonnaithe i suíomh cathrach agus is minic gurb é an chruálacht agus an mhíthrócaire a imríodh ar na boicht agus ar mhná na tíre ach go háirithe atá léirithe iontu. In ‘Saibhreas na gCon’, mar shampla, feictear conas go gcaitheann fir oibre Bhéal Feirste níos fearr lena gcuid cúnna ná mar a chaitheann siad lena mná céile. Agus sa scéal ‘Cáit a’ Mheadhoin Oíche’ a gcuireann ‘Nóra Mharcais Bhig’ le Pádraic Ó Conaire i gcuimhne dúinn, léirítear cruachás chailín óig atá brúite faoi chois ag éagóir agus leimhe na haimsire ina maireann sí. Tá triúr scríbhneoirí eile gur fiú a lua anseo, is iad: Micheál Ó Gríobhtha (1869 – 1946) as contae an Chláir le suim aige in genre na bleachtaireachta. Tagann cnuasach de scéalta breátha sa genre seo uaidh in ‘Lorgaireacht’ (1927) agus Peadar Mac Fhionnlaoich (1856 – 1942) a fhoilsíonn ‘An Cogadh Dearg agus Sgéalta Eile’ i 1924. Déanann Máiréad Ní Ghráda (1896 – 1972) foilseachán cumasach freisin ‘An Bheirt Dearbhráthar agus Scéalta Eile’ (1939) ina scrúdaítear den chéad uair i litríocht na Gaeilge torthaí géara tragóideacha don tír de dheasca an Chogaidh Chathartha. Cé go bhfoilsíonn León Ó Broin (1902 – 1990) a lán beathaisnéisí agus leabhar staire i nGaeilge agus i mBéarla araon: ‘Parnell’ (1937), ‘The Unfortunate Mr Robert Emmet’ (1958), ‘Na Sasanaigh agus Éirí Amach na Cásca’ (1967) agus ‘Michael Collins’ (1980), tagann ceithre chnuasach de ghearrscéalta uaidh: ‘Árus na nGábhadh agus Sgéalta Eile’ (1923), ‘Béal na hUaighe agus Sgéalta Eile’ (1929) agus ‘An Rún agus Sgéalta Eile’ (1932). Ionann agus Tomás Bairéad scríobhann Ó Broin ar théamaí nár glacadh leo faoin am inar scríobhadh iad mar ábhar feiliúnach do lucht léite na Gaeilge. Amhail ‘Cáit a’ Mheadhoin Oíche’ le Tomás Bairéad, insíonn an scéal ‘Is Fearr Dia na Mná’ faoi bhean thorrach neamh-phósta a bhfuil uirthi leanbh a bhreith i ngort fuar geimhriúil gan dídean ina haonar. Scrúdaíonn scéalta eile dá chuid as a chnuasach: ‘Ag Sracadh leis an Saol’ téamaí dorcha eile na sochaí, amhail an féinmharú a bhain agus a bhaineann fós go mór le saol réalaíoch na tíre. Sórt eisceachta is ea Micheál Mac Liammóir (1899 –1978) i measc scríbhneoirí uile a aimsire, údar a scríobh faoi shuímh andúchasacha agus faoi charachtair rúndiamhra as an ghnáth arbh fhéidir leo ceisteanna fealsúnachta agus saothair liteartha ó údar idirnáisiúnta a phlé gan dua agus pearsana oilte deisbhéalacha a raibh eolas saibhir snasta acu ar chúrsaí ealaíne an domhain mhóir. Tá a lán scríofa ag Mac Liammóir ar théamaí a bhaineann le cúrsaí amharclainne agus is minic go bhfuil blas láidir de shaol an údair féin le mothú ina chuid scríbhneoireachta, bíodh sin i mBéarla nó i 12 nGaeilge. Cé go bhfoilsíonn Mac Liammóir a lán drámaí agus cuntais bheathaisnéiseacha amhail: ‘Ceo Meala Lá Seaca’ (1952) agus ‘Aisteoirí Faoi Dhá Sholas’ (1956), ní thagann ach cnuasach amháin de ghearrscéalta as Gaeilge uaidh: ‘Lá agus Oidhche’ (1929). Tarlaíonn eachtraí ó scéalta Sheáin Uí Chiosáin (1896 – 1982) timpeall a cheantair dhúchasaigh féin i gContae Chorcaí mar is léir ó theideal a chnuasaigh ‘Sgéalta Cois Laoi’. Is é an greann agus an t-aor na príomhthéamaí a bhaineann le saothar Uí Chiosáin. An ceann is iomráití ná ‘An Múinteoir Gaeidhilge’ – scéal faoi mhúinteoir na Gaeilge atá santach fimíneach agus ina cheap magaidh ag cách. Tá ilgnéitheacht fhairsing ag baint le réimse téamach Uí Chiosáin áfach agus cé go bhfuil an greann caillte inniu i gcuid dá scéalta a bhaineann le daoine a bhí mbéal an phobail faoin am inar scríobhadh iad56 tá ábhar neamhchoitianta go minic le sonrú i scéalta amhail: ‘An Fear a Bhuail Umam i Montréal’ faoi dhuine a mhaíonn gur bhuail sé le Leon Trotsky nuair a bhí sé i gCeanada agus ‘Mona’ faoi Chinsealacht na tíre. Foilsíonn Roibeárd Ó Faracháin (1909 –1984) ‘Fíon gan Mhoirt’ (1938) – cnuasach de scéalta a bhaineann le saol na cathrach i mBaile Átha Cliath. Fearacht Seán Ó Ciosáin, tá an greann agus an t-aor mar chuid dílis dá stíl agus dá chur i láthair. Ina scéal cáiliúil ‘Imtheachta Chlub na gCleasaidhthe’ tá suim láidir ag príomhcharachtar an scéil i scannáin ghangstaeirí Mheiriceá agus tosaíonn sé ag déanamh aithris ar chanúint na ngangstaeirí céanna as Chicago cé nach raibh sé riamh i Meiriceá fiú. Ba é ‘Bullaí Mhártain’ an chéad chnuasach de ghearrscéalta ó fhoilsiú ‘Dúil’ le Liam Ó Flaithearta a bhog croí agus anam léitheoirí gearrscéalta na Gaeilge. Donncha Ó Céileachair (1918 – 1960) agus a dheirfiúr, Síle Ní Chéileachair (1924 – 1985) a bhí ina gcomhúdair ar an chnuasach seo. Cé nach bhfuil an ginias liteartha nó an doimhne shíceolaíoch chéanna sa chnuasach seo agus a bhí in ‘Dúil’, caithfear a rá go seasann ‘Bullaí Mhártain’ amach thar a bhfuil á scríofa ag údair eile faoin am seo in genre an ghearrscéil. Éiríonn go mór leis na húdair seo stíleanna difriúla a thástáil go héifeachtach de réir ábhair agus téamaí na scéalta féin. Ó stíl chomhrá shimplí in ‘Fiosracht Mhná’ go stíl ionbháúil thuairisciúil in ‘An Bráthair Seán’ nó ‘An Phiast’. Ach b’fhéidir gurb í an ghontacht mar aon le luas insint na scéalta a threisíonn cumarsáid éifeachtach na mothúchán réalaíoch ina gcuid carachtar. Is cuma más é an Bráthair Seán agus é ag imeacht go himníoch as Gairdíní poiblí i nGlas Naoidhean nó an ‘Phiast’ Frainc Mac Aindriais ag fáil íde béil óna bhean chéile i dtaobh glas gan mhaith a bheith ar an doras. An tÚrscéal – foirm phróis dhéanach Cé go raibh iarrachtaí ar scríobh úrscéalta sa Ghaeilge i dtosach na fichiú haoise. is amhlaidh nár tháinig fás fiúntach choíche ar an fhoirm sin i litríocht nua-aimseartha na Gaeilge. Foirm choimhthíoch ba ea í do scríbhneoirí na Gaeilge, agus do thraidisiún liteartha na Gaeilge i gcoitinne agus má tháinig dornán de scríbhneoirí cáiliúla chun saothair phróis fhada shofaisticiúla a chruthú go háitrithe sa dara leath den chéad57, ní féidir a rá go raibh choíche an réimse, an ilghnéitheacht ná an cf. mar shampla ‘An Bheirt Intleachtóirí’ ina bhfuiltear ag magadh faoi na húdair Chorcaíocha; Frank O’Conor agus Seán O’Faoláin. 57 Ní mór dom a admháil gur dearcadh pearsanta é seo agus nach tuairim ghinearálta í ach oiread ach feictear domsa gur ciorcal cuibheasach teoranta na scríbhneoirí úd a chuaigh i mbun saothar arbh fhéidir úrscéalta a thabhairt orthu sa chiall liteartha den fhocal sin, orthu siúd atá: Máirtín Ó Cadhain, Seán Mac Maoláin, Séamas Ó Grianna, Eoghan Ó Tuairisc, Diarmaid Ó 56 13 fhoirfeacht chéanna ag baint leis an fhoirm liteartha seo mar a bheadh ag a macasamhla sa Bhéarla. Bhí cúpla cúis leis seo. I dtosach báire, cé go raibh réamhshaothair úrscéalaíochta ar siúl chun deireadh na naoú haoise déag faoi mar a mhíníonn Cathal Ó Háinle ina aiste chumasach chríochnúil: ‘An tÚrscéal nár Tháinig’58 níor éirigh choíche le scríbhneoirí forbairt chuí a dhéanamh ar an fhoirm liteartha seo de dheasca an mhíshuaimhnis pholaitiúil agus díláithriú chultúr dhúchasach na tíre a bhí faoi lán seoil faoin am ar cuireadh tús leis an genre seo. Cé go raibh an Ghaeilge mar theanga dhúchasach ag sciar maith den daonra faoi am, ní raibh scríobh ná léamh na teanga ag cuid mhór den phobal. Sa dara háit, ba é traidisiún an bhéaloidis a bhí go mór i réim sna ceantair úd ina labhraítí an Ghaeilge agus nuair a dhéantaí na chéad iarrachtaí den úrscéalaíocht, bhí anáil láidir an traidisiúin bhéil ag teacht trasna ar iarrachtaí na n-údar céanna.59 Úna Ní Fhairceallaigh (1874 –1951) Ba í Úna Ní Fhairceallaigh ar na chéad scríbhneoirí a rinne iarracht ar úrscéal a chumadh sa Ghaeilge nuair a foilsíodh ‘Grádh agus Crádh’ di sa bhliain 1901 agus ‘An Cneamhaire’ cúpla bliain ina dhiaidh sin i 1903. Is ar éigean, áfach, gur féidir ‘úrscéalta’ a thabhairt ar na saothair seo ó nach bhfuil iontu ach cúpla gearrscéal gléasta suas mar úrscéilíní. Ba é ‘Séadna’ leis an Athair Peadar Ua Laoghaire an chéad úrscéal ‘sui generis’ a foilsíodh i 1904 a chuir tús leis an mbóthar fada achrannach i dtreo an úrscéil nua-aimseartha60. Ach is cuma cén cáineadh a rinneadh ar an gcéad iarracht seo, níl aon dabht gur sholáthair sé ábhar saibhir léitheoireachta do lucht léite na Gaeilge i dtosach na hoise agus do ghlúin nua d’fhoghlaimeoirí i scoileanna na tíre. Úrscéal Stairiúil Seachas an dírbheathaisnéis agus ‘scéalta liteartha béaloidis’ amhail Séadna, chuir an tAthair Pádraig Duinnín tús leis cineál saothair eile ar bun lena úrscéal stairiúil ‘Cormac Ua Conaill’ (1901). Is móide gur scéal simplí eachtraíochta é ná léiriú ficsin ar shaol casta polaitiúil na séú haoise déag. Ach luíonn an ficsean seo taobh le taobh leis an leabhar ‘Niamh’ 1907 le Peadar Ó Laoghaire nach dtugann mórán eolais chruinn dúinn ach oiread ar aimsir Bhrian Boraimhe61 ach leabhar mar sin féin é a scríobhadh le hintinn an údair dírithe ar úrscéal stairiúil a chruthú. Níl aon amhras ach gurbh é an t-úrscéal stairiúil an cineál úrscéil ba thúisce sa tréimhse thosaigh idir 1907 agus lár na fichiú haoise: 1903 -‘Mac Finghín Dubh’ le Pádraig Ó Séaghdha (Conán Maol), 1903 – ‘An Gioblachán’ le Tomás Ó hAodha 1920 - ‘Mo Dhá Róisín’ le Séamus Ó Grianna, 1922 - ‘Tusa a Mhaicín’ le Fionn Mac Cumhaill, 1923 - ‘Róisín Bán an tSléibhe’ le Nioclás Tóibín, Suilleabháin, Breandán Ó Doibhlin, Liam Ó Catháin, Breandán Ó hÉithir, Alan Titley, Séamas Ó Conghaile, Pádraig Standún, Lorcán Ó treasaigh, Dónall mac Amhlaigh, Robert Schumann, Séamas Mac Annaidh. 58 Cathal Ó Hainle ‘An tÚrscéal nár Tháinig’ in Promhadh Pinn (leathanaigh 74 –98) Maighn Nuad 1978 59 Tógaimis mar shampla ‘Séadna’ le Peadar Ua Laoghaire atá fréamhaithe go daingean i dtraidisiún an bhéaloidis. Thug de hÍde saothar ‘sui generis’ air agus tugadh a lán ainmneacha eile ó shin dó, amhail ‘scéal tuaithe’, ‘a Sage’, ‘úrscéal nua-aimseartha turgnamhach féinthagarthach’. 60 cf. leathanach 2 den aiste seo. 61 cf. ‘The Prose Literature of the Gaelic Revival 1881-1921, Ideology and Innovation’ le Philip O’Leary lch. 182: “The novel is rife with anachronisms and howling inaccuracies, most notably perhaps the introduction of a papal legate to tenth-century Ireland and the consistent interpretation of Brian’s campaigns against the Norse and Norse-Irish, about whom Ua Laoghaire seems to have virtually known nothing, as a straightforward struggle between Irish Christianity and Scandinavian paganism..” 14 1928 - ‘An Rábaire Bán’ le Nioclás Tóibín, 1928 - ‘Buaidh na Treise: ‘Cogadh Gaedheal re Gallaibh’ le Micheál Ó Gríobhtha, 1929 - ‘Pádhraic Mháire Bhán’ le Seán Ó Ruadháin, 1931 - ‘Eoghan Rua Ó Néill’ le Seosamh Mac Grianna, 1933 - ‘Toil Dé’ le hÉamonn Mac Giolla Iasachta, 1933 - ‘Bun an Dá Abhann’ le Seán Ó Ciarghusa 1933 - ‘Paidí Ó Dálaigh’ le Alín de Paor, 1934 - ‘An Bhruinneall Bhán’ le Diarmuid Ua Laoghaire, 1934 - ‘Tadhg Ciallmhar’ le Diarmuid Ó hÉigeartaigh, 1934 - ‘Ar scáth na Croiche’ le Niall Ó Domhnaill, 1936 - ‘An Seod Do-Fhághala’ le hÚna Bean Uí Dhíocsa (‘Blath Aitinne’), 1937 - ‘Brian’ le Peadar Ó Dubhda 1937 ‘Éan Corr’ le Seán Mac Maoláin 1938 - ‘Iolar agus Sionnach’ le Seán Mac Maoláin, 1939 - ‘An t-Airidheach’ le Aindrias Ó Baoighill, 1939 - ‘Na Rosa go Bráthach’ le Fionn Mac Cumhaill D’fhéadfaí a rá gur scéalta eachtraíochta lonnaithe i gcomhthéacs stairiúil a bhí sna saothair thuasluaite. Tá eachtraí an úrscéilín ‘Grádh agus Crádh’ suite i gCabhán sa bhliain 1798, sa saothar le Conán Maol ‘Mac Finghín Dubh’ tarlaíonn an eachtraíocht go léir in aimsir na bpéindlithe agus pléann cuid mhór de na húrscéalta eile le tréimhse de shuaitheadh polaitiúil tar éis Éirí Amach 191662. B’fhéidir gurbh é ‘Iolar agus Sionnach’ an eiseamláir thíopúil den chineál úrscéil stairiúil a bhí á scríobh sa tréimhse seo. Seo mar a dhéanann Alan Titley an scéal a mheas maidir le fiontar Mhic Mhaoláin in ‘An t Úrscéal Gaeilge” “…dhein Seán Mac Maoláin gach dícheall freastal ar thráth na staire agus ar thráth rómánsaíochta le chéile in Iolar agus Sionnach. Tá sé ráite go moladh Máirtín Ó Cadhain dá chid mac léinn saothar Shéain Mhic Mhaoláin a léamh ‘ionas go mbeadh a fhios acu an dóigh le gan tabhairt faoi úrscéal’. Ba dheacair gan géilleadh tamall den chosán do sháiteán an Chadhnaigh… Tá idir rómánsaíocht ghrá agus rómánsaíocht tíre imigéiniúla le fáil, mar sin, in Iolar agus Sionnach rómánsaíocht a cheanglaíonn an gnáthléitheoir, an náisiúnachas Éireannach, saol na tuaithe agus daoine deasa go léir le chéile in aon phraisimín amháin a d’fhágfadh go mba chóir go mbeadh Seán Mac Maoláin i mbéal an phobail mar scríbhneoir a shásaigh na mianta ba choitianta agus nár éiligh dua thar meon. Ar nós madra na n-ocht gcos, téann sé tamall den bhóthar le cách ach ní fhanann sé fada go leor ag cogaint ar chnámh ar bith chun lánsásamh a thabhairt uaidh d’aon leathléitheoir ar bith.” 63 Éamonn Mac Giolla Iasachta (1887 – 1986) B’fhéidir gurb é an saothar misniúil ‘Toil Dé’ le hÉamonn Mac Giolla Iasachta; scéal a thosaíonn ó thús Chogadh na Saoirse agus a scrúdaíonn na coinníollacha polaitiúla mar aon leis na ceisteanna aicme úd a mhúnlaíonn náisiúnachas an fheirmeora ghustalaigh, Máirtín Mac Cárthaigh agus a mhic, Diarmuid, atá ina chéad úrscéal de cháilíocht nua sa chatagóir staire seo. Éiríonn le Mac Giolla Iasachta imeachtaí a úrscéil a tharraingt ar stáitse i bhfad níos scóipiúla agus i slí urrúnta áititheach nárbh fhéidir le scríbhneoir ar bith eile a dhéanamh go dtí seo. cf. ‘Mo Dhá Róisín’ le S. Ó Grianna, ‘Tusa a Mhaicín’ le F. Mac Cumhaill, ‘Toil Dé’ le E. Mac Ghiolla Iasachta, ‘Paidí Ó Dalaigh’ le Alín de Paor, ‘Brian’ le P. Ó Dubhda, ‘Éan Corr’ le Seán mac Maoláin, agus eile. 63 ‘An tÚrscéal Gaeilge’ Alan Titley, An Clóchomhar Tta, 1991 (lgh. 348 & 350) 62 15 “Tá sé (i. Toil Dé), mar sin, ar cheann den bheagán úrscéalta Gaeilge a bhaineann leis na blianta corraithe úd nach bhfuil scáth air roimh an gcanbhás leathan, roimh an tuairisc uileghabhálach, roimh charachtair nach bhfuil dubh ná bán ach riabhach ina gcaidreamh le chéile agus ina smaointe polaitiúla.”64 Ach is é an buntáiste is mó a bhaineann le peann oilte Mhic Ghiolla Iasachta ná an saibhreas fairsing tuairimíochta atá le sonrú aige i gcarachtair ilghnéitheacha an leabhair. “..is ceann de bhuanna an leabhair é nach coiscreach ar shaoirse tuairimíochta na linne atá reacaireacht an scéil ach go bhfaighimid leithéidí Anna, a bhfuil Diarmuid go tugtha i ngrá léi, agus an tAthair Feargus Ó Grádaigh nach ngéilleann orlach ná milliméadar féin do reacht na Breataine ar Éirinn, ach ina dteannta sin go bhfaighimid chomh báúil céanna tuairimí Sheáin Mhic Shuibhne ar dhlíodóir é agus ar ‘chuma leis cúrsaí poilitidheachta, ach bhíodh sé an-dhían ar na hóglaigh os rud é gurbh iad ba chiontach, dar leis, le drochstaid na hÉireann.’ ” 65 An tÚrscéal Sóisialta Clúdaíonn an chatagóir seo réimse leathan d’fhadhbanna sainiúla a bhain leis an tír sa chéad leath den fhichiú haois. Scrúdaíonn Máirín Nic Eoin ina hollsaothar ceannródaíoch: ‘Trén bhFearann Breac’ (2005) an dlúthchaidreamh idir saoltaithí mhuintir na hÉireann agus an litríocht dhúchais, go háirithe an anáil fhorleatach a bhí ag an díláithriú fisiciúil (i. an éigeantacht imirce), an díláithriú cultúir (i. caill na teanga dhúchais66 go teanga Ghallda) ar shaothair fhormhór scríbhneoirí na Gaeilge. Eiseamláiríonn an t-úrscéal cáiliúil úd: ‘Deoraidheacht’ le Pádraic Ó Conaire téama forleathan na deoraíochta agus anáil dhiúltach an díláithrithe chultúrtha a tharla sa tír agus a chothaigh go mion minic mothú an uiríslithe nó náire threascrach i gcroí phríomhcharachtair na scéalta a scríobhadh. “Is Éireannach i Londain é príomhcharachtar an scéil, Micheál, duine a d’fhág an baile nuair a theip air aisling na hóige a fhíoradh – a grá geal a phósadh agus socrú síoséi ina cheantar dúchais i nGaillimh. Tá sé imithe ar strae ó shin, ní amháin ón mbaile is óna mhuintir féin ach thar theorainneacha an ghnáthshaoil amach. Is mar dhuine gonta gortaithe a chastar orainn ag tús an leabhair é. Fágtar ar leathláimh agus ar leathchois i dtimpiste bóthair é agus, tar éis dó an t-airgead cúitimh a bhí dlite dó a scaipeadh ar dheoch is ar dhroch-chomhluadar, níl an dara suí sa bhuaile aige ach é féin a cheangal le hainniseoirí eile atá fágtha, mar atá sé féin, ina bfánaithe truamhéileacha ar imeall shaol an ghnáthphobail. Nuair a fhostaítear mar chuid de thaispeántas ainriochtán i seó taistil é, glacann sé leis an uirísliú breise a bhaineann lena ról mar fheic saolta agus gléasann é féin sa fheisteas áiféiseach a bhronntar air, bréagriocht a mhéadaíonn ar an dreach míchumtha atá air cheana féin.”67 Tá crógacht áirithe maidir le téamaí gnéis faoin am seo le sonrú sa chatagóir seo den úrscéal. Cáineadh ‘Deoraíocht’ go mór as an chur síos oscailte (mar a tuigeadh é faoin am sin) a rinneadh ar an dlúthchaidreamh collaí a tharlaíonn idir Micheál agus bean mhór ramhar68 lena mbuaileann sé ag an seó taistil. Ba é deireadh an scéil don 64 ‘An tÚrscéal Gaeilge’ Alan Titley, An Clóchomhar Tta, 1991 (lch. 367) idem (lch. 368) 66 Ciallaíonn ‘caill na teanga’ ní amháin modh dúchasach cumarsáide trí bhíthin na Gaeilge ach béasanna, nósanna, modhanna maireachtála, féiniúlacht, cultúr sa chiall is fairsinge den fhocal. 67 ‘Trén bhfearann Breac’ Máirín Nic Eoin, Bord na Leabhar Gaeilge (2005) (lch. 124 – 125) 68 ‘Pádraic Ó Conaire – Scéal a Bheatha’ An tSiúr Eibhlín Ní Chionnaith, Cló Iar-Chonnachta, 1995: “The book is an elaborate effort to analyse the working of his (i. Micheál) perverse mind. In the course of his adventures he joins a travelling show. The fat woman of the show falls in love with him. At page 46 she brings him a bottle of whiskey. Suddenly she grasps him and begins to squeeze him and to kiss him till the perspiration pours from the top of his head, on his nose and mouth and she became weak and 65 16 Chonaireach áfach ná gur cuireadh bac ar úsáid an úrscéil sin mar théacsleabhar in institiúidí léinn na tíre69. Bhí an mhíshástacht chéanna i ndán do leabhar Sheáin Uí Chaomhánaigh (Sean an Chóta) freisin nuair a foilsíodh ‘Fánaí’ i 1927, scéal faoi eachtraí imircigh i Minnesota Mheiriceá ó bhí sleachta áirithe faoin chaidreamh idir an príomhcharachtar agus an cailín lena raibh sé luaite iomarcach agus míchuí dar leis na húdaráis (i. striapachas, breith taobh amuigh den phósadh, ginmhilleadh, agus eile). Cáineadh úrscéal le hÉamonn Mac Giolla Iasachta chomh maith: ‘Cúrsaí Thomáis’ (1927) de dheasca na heaspa moráltachta agus codanna áirithe eile a measadh faoin am a bheith mí-oiriúnach do lucht léite na Gaeilge. Ach, daar le hAlan Titley, seasann an t-úrscéal seo le Mac Giolla Iasachta amach in airde thar a mbíonn á scríobh sna fichidí ag scríbhneoir ar bith eile. “Ba róbhaol go samhlófaí, áfach, gurbh ábhar éadrom ar fad nach mór a bhí le fáil i ngabháil na bhfichidí murach Cúrsaí Thomáis (1927) le hÉamonn Mac Giolla Iasachta a bhfuil scamhard agus taitneasc agus foladh agus cothú thar an gcoitiantacht ann óm thaobh toirt agus cúlra agus iomláine na ndaoine agus sásamh na léitheoireachta ann. Úrscéal is ea é ina ndéantar nochtadh glan ar sciar de shaol na tuaithe lasmuigh de cheantar Gaeltachta i dtús na haoise.”70 Cé go bhfuil an chuid is mó de na húrscéalta sóisialta agus fiú den litríocht Ghaeilge i gcoitinne géilliúil nó umhal don Eaglais Chaitliceach, ní chloíonn Mac Giolla Iasachta leis an meon seo ina shaothar próis71. Déanann carachtar dá chuid, mar shampla Stiofán Mac Conamara, a dhearcadh liobrálach a phlé go neamheaglach leis an sagart gan géilleadh ná gan aon leithscéal a ghabháil as ucht a chuid tuairimí neamhchoinbhinsiúnacha. Úna Bean Uí Dhíosca (1880 -1958) Údar eile gur fiú a lua anseo ná Úna Bean Uí Dhíosca (Bláth Aitinne) a d’fhorbair stíl réadúil éifeachtach ina cuid saothair phróis. Ní foláir ach go mbaineann a húrscéal ‘Cailín na Gruaige Duinne’ (1933) go mór le catagóir an úrscéil shóisialta cé go gcuireann sí a dearcadh cróga polaitiúil um síochánachas chun cinn ar shlí nár éirigh le mórán scríbhneoirí eile a dhéanamh sna tríochaidí, ná fiú sna seascaidí féin. Ionsaíonn Bean Uí Dhíosca “Gamhain Óir” a linne féin, nuair a cháineann sí lucht Éirí Amach na Cásca as a ndul i muinín modhanna foréigin chun a n-aidhmeanna polaitiúla a bhaint amach72. Ní raibh moille ná leisce ar Bhean Uí Dhíosca ach oiread scríobh go dúshlánach ládasach in aghaidh tabúnna agus réamhchlaonta a haimsire féin agus ba í duine de na chéad údair a chuaigh i mbun ceisteanna íogair na clainne agus an phósta bhriste. Feictear cosúlachtaí idir carachtair mná de chuid Uí Chonaire nó Cáit thréigthe in ‘Teangabháil’ le Liam Ó Fhlaithearta73 agus suíomh phríomhphearsa an scéil a bhfuil uirthi éalú óna céile brúidiúil agus ina dhiaidh sin exhausted from her exertions and he was as weak and exhausted as herself… On one occasion she finds him in dire distress and brings him to the room she occupies. She puts him on the bed, begins to fondle his fingers, ‘the look of love and tenderness grows more and more in her eyes till you would imagine she could bear it no longer but should do something besides merely sitting there. Suddenly she starts up and begins to kiss him’… Dots represent the subsequent stage of the proceedings. The hero’s last recollection before falling asleep is that her cheek is still pressed against him and she is still warmly kissing him. Page 131 he runs away with the fat woman and they live together for some time without the formality of marriage.” (lgh. 370 – 371) 69 cf.‘Pádraic Ó Conaire – Scéal a Bheatha’ An tSiúr Eibhlín Ní Chionnaith, Cló Iar-Chonnachta, 1995 (lch. 373) 70 ‘An tÚrscéal Gaeilge’ Alan Titley, An Clóchomhar Tta, 1991 (lch.44) 71 Scríobh mac Giolla Iasachta idir shaothair liteartha i mBéarla agus i nGaeilge. In Cúrsaí Thomáis’ (1927) agus in ‘The Gael’ (1919) déantar seasamh in aghaidh an mheoin cheartchreidmhigh Chaitlicigh ar bhealach neamhghnách don aimsir sin. 72 Úna Bean Uí Dhíosca, litir san Iris ‘Fáinne an Lae’ 26ú Nollaig 2005 73 cf. ‘An Bhean A Ciapadh’ cf. an pósadh ifreanda idir Máire Ní Fhionnachta agus an Búrcach agus suíomh Cháit atá díolta ag a hathair mar a bheadh ‘banbh muice’ sa scéal ‘Teangabháil’ as ‘Dúil’ le Liam Ó Flaithearta. 17 cóipeáil leis an dúlagar frithghníomhach a dhéanann í a threascairt a bheag nó a mhór tar éis na deighilte trámaí a bhaineann di. Uilliam Ó Riain (1867 – 1942) Forbraíonn Uilliam Ó Riain an t-úrscéal sóisialta ar bhealach nua réabhlóideach i dtosach na haoise i 1913 le foilsiú a leabhair ‘Caoimhghin Ó Cearnaigh’. Bhí fadhbanna móra ag Ó Riain le foilsitheoir de chuid Chonradh na Gaeilge nach raibh sásta an t-úrscéal a chur i gcló ó bhí ‘an iomarca smaointe agus fealsúnachta ann’ 74. Ní raibh anseo, áfach, ach nochtadh eile den tseanargóint theasaí faoin am sin idir na ‘Traidisiúnaithe’ agus na ‘Forásaigh’. Is léir ón úrscéal nua-aimseartha seo nach bhfuil Caoimhghin, príomhcharachtar an scéil, toilteanach glacadh le freagraí paiteanta saonta na hEaglaise traidisiúnta chun a intinn chiaptha a shásamh: “Neamh mar ríoghacht mhór os cionn na spéire, Naomh Pádraig agus a chairde ag féachaint anuas go grádhmhar ar Éirinn, aingil ag teacht anuas chun chun ruaig a chur ar an diabhal… Fáiríor! B’fhada an lá ó smuainigh sé amhlaidh. Cheap a sheacht sinnsear gur mar sin a bhí an sgéal; chreid a dhaoine muinnteardha an rud céadna fós. I bhfad uathu bhí seisean ag dul agus bhí uaigneas air d’á bharr.” 75 Tá an ceart ag Titley nuair a dhearbhaíonn sé nach coimhlint shóisialta agus bhéascna amháin atá in adharca a chéile ar leathanaigh an leabhair seo ach “coinbhleacht idir dhá chóras mhachnaimh a bhfuil ceann díobh tugtha agus socair agus an ceann eile le fionnachtain agus guagach.”76 Leanann an t-údar an téama céanna sa dara úrscéal dá chuid ‘An Bhóinn agus an Bhóchna’ a foilsíodh i sraitheanna san irisleabhar ‘An Claidheamh Soluis’ idir na blianta 1915 agus 1916. Ach má bhí an t-údar sásta dul in ngleic leis an saol mór sa chéad saothar, léiríonn ‘An Bhóinn agus an Bhóchna’ gur fearrde don té dul ar thuras inmheánach más mian leis saol spioradálta a bhaint amach dó féin. Piaras Béaslaí (1883 – 1965) D’fhoilsigh Piaras Béaslaí úrscéal eachtraíochta polaitiúil sa bhliain 192877 ina bhfuil an príomhcharachtar agus a chomhghuaillithe ag iarraidh a dtír dhúchais ‘Amora’ a shaoradh ó ansmacht agus anfhorlann ‘Kratónia’. Dhearbhaigh Béaslaí gur scríobh sé an t-úrscéal seo roimh 1912, ach fiú más ea agus iarracht ar scéal fáthchiallach é, tá laigí stíle mar aon le carachtracht gan mórán dealraimh á lot mar shaothar ealaíne é. Scríobh Séamas Mac Conamara úrscéal amháin “An Coimhthigheach’ (1939)78 faoi dhúshláin an tsaoil chrábhaidh, agus aisteach go leor, a theagmhaíonn móitífeanna d’ úrscéal eile cáiliúil ‘L’Étranger’ le hAlbert Camus a tháinig amach 4 bliana níos déanaí: uaigneas, coimhthíos, mothú bheith stoite amach ón phobal mór, tamall príosúnachta éagóraí, féin-amhras, léargas éifeachtach ach neamhghnách ar an saol don aimsir ina maireann sé. An tÚrscéal Bleachtaireachta agus Ficsean Fantaisíochta Níor éirigh go ró-mhaith i dtosach na haoise seo caite le scéalta bleachtaireachta agus ficsean-eolaíochta, bheadh ar lucht léite na Gaeilge fanacht go dtí na daicheadaí agus na caogaidí nuair a d’fhoilsigh an Gúm sraith de scéalta eachtraíochta agus ‘An tÚrscéal Gaeilge’ Alan Titley, An Clóchomhar Tta, 1991 (lch. 519) ‘Caoimhghin Ó Cearnaigh’ le Uilliam Ó Riain, Baile Átha Cliath, 1913 (lch. 23) 76 ‘An tÚrscéal Gaeilge’ Alan Titley, An Clóchomhar Tta, 1991 (lch. 518) 77 Foilsíodh an scéal i sraitheanna san iris sheachtainiúil ‘Weekly Freeman’ roimhe sin i 1921 78 Fuair Séamas Mac Conamara bás go hanabaí i 1936 (27 mbliana d’aois) agus foilsíodh an t-úrscéal trí bliana tar éis a bháis. 74 75 18 bleachtaireachta le Cathal Ó Sándair (1922 – 1996) chun an folús léitheoireachta sin a líonadh ach caithfear a admháil, faraor, nár thuill lucht scríofa na litríochta éadroime choíche cothrom na Féinne ó phinn criticeoirí na Gaeilge. “Ní aireofaí Cathal Ó Sádair i measc úrscéalaithe tábhachtacha na Gaeilge fiú dá mba ag scríobh do dhaoine fásta a bhí sé. Ní aireofaí ar an gcuntar céanna is nach n-airítear na húdair mhóra Béarla, mar shampa, a chaiteann a gcuid dúthrachta le ‘litríocht tráchtála’ sensational literature, formula literature, popular literature, Trivialliterature ar thraidisiún conónacha an Bhéarla.”79 Deartháir le Flann O’Brien (Myles na gCapaleen) ea ba Ciarnán Ó Nualláin (1910 – 1983). I 1939 d’fhoilsigh sé a chéad úrscéal bleachtaireachta “Oidhche i nGleann na Gealt” ina n-éiríonn leis an mbleachtaire, Parthalán Mac Mórna. I measc na scéalta bleachtaireachta eile ó thosach na haoise ar a gcuimhnítear fós atá: ‘Lorgaireacht’ le Micheál Ó Gríobhtha, ‘An Doras do Plabadh’ le Seoirse Mac Liam agus maidir le ficsean eolaíochta faoi am céanna, is fiú, b’fhéidir, an t-úrscéilín ‘Tost” (1927) le Uilliam Ó Riain lua atá roinnte suas i gcodanna ama. Tá dhá thréimhse dheireanacha an scéil lonnaithe sa todhchaí: 1938 agus 1975 agus éiríonn leis an údar plota measartha inchreidte a chruthú ina bhfuil tír na hÉireann faoi ionsaí ag dhá ollchumhacht mhóra. Cé go bhfógraíonn Uachtarán na hÉireann staid neodrachta na tíre, ní fada áfach go dtarraingítear Éire in ainneoin a tola isteach sa chogadh agus tosaíonn tréimhse throm fhorghabhála sa tír. Fulaingíonn laoch an scéil céasadh agus ciapadh sula bhfuasclaítear é agus an tír arís buíochas le hionradh misniúil Éireannach i gcomhar leis an “dá Mheiriceá” ina “n-oll-longa Ponncánacha”. An Fhilíocht (1900 suas go dtí 1940) Mar a dúradh ag tosach na haiste seo, seachas an dírbheathaisnéis80, ba í an fhilíocht an rogha ba choitianta le litríocht nua-aimseartha a chur ar fáil. Ach i dtosach na haoise bhí easpa inspioráide agus leisce mhór ar fhilí scaradh le seantraidisiúin na bhfilí clasaiceacha. I 1911 tháinig Piaras Béaslaí, Risteárd Ó Foghladha, Torna agus an tAthair Pádraig Ó Duinnín le chéile chun a ndearcadh liteartha ar conas mar ba chóir dul i mbun scríobh na filíochta a phlé. An fhadhb is mó a bhain le dearcadh chuid mhór de na tosaitheoirí seo ná go raibh siad faoi dhraíocht ag saothair na bhfilí móra dúchasacha agus níor éirigh leo iad féin a shaoradh a ndóthain go leor ó bheith á n-adhradh as cuimse ar fad. “Bíodh nár rugadh sa Mhumhain le trí chéad bliadhain aon Homerus ná Virgilius, ná fós aon Dante ná aon Molière, ní hfágann soin ná gur cheart dúinn spéis do chur sna filidhibh do chuir dia chugainn, a gcáil do leathadh agus a lorg a leanmhaint. Ach cé gur mór í cáil na mórfhileadh do gineadh i dtíorthaibh áirithe thar lear, níor sáruigheadh riamh ár bhfilidhne, filidhe na Mumhan, ar cheol is ar bhinneas, Níoer sáruigheadh riamh iad ar a ndílseacht dá dtír dúthchais ní amháin le linn a séin is a sonais acht le linn a cruadhtain is a cruadhcháis.”81 Is sampla maith a t-athfhriotal thuas den mheascán de thírghrá, mhaoithneachas, áibhéil agus anacronach a bhí go forleathan i measc aos ealaíne na tréimhse seo. Is beag file ar éirigh leis nó léi briseadh saor ón mheon coimeádach seo, meon a chuir 79 ‘An tÚrscéal Gaeilge’ Alan Titley, An Clóchomhar Tta, 1991 (lch. 65) D’fhéadfaí cinnte argóint áititheach a dhéanamh nach litríocht í i ndáiríre genre na dírbheathaisnéise ach foinse béaloidis agus teangeolaíochta chun caint mhuintir na Gaeltachta a chaomhnú. 81 As óráid thionscantach a rinne an tAthair Duinnín ag Cúirt na hÉigse i 1911, luaite ag Frank O’Brien ina shaothar: ‘Filíocht Ghaeilge na Linne seo’ Baile Átha Cliath, 1968 80 19 faoi deara sruth flúirseach d’eagráin de sheandánta in ionad saothar nua filíochta a chur ar fáil: 1906 – ‘Filidhe na Máighe’ curtha in eagar ag an Athair Ó Duinnín 1910 – ‘Amhráin Phiarais Mhic Gearailt’ curtha in eagar ag Risteárd Ó Foghludha 1912 – ‘Cúirt an Mheadhon Oidhche’ curtha in eagar ag Risteárd Ó Foghludha 1916 – ‘Amhráin Dhiarmada Mhic Sheáin Bhuidhe Mhic Charrthaigh’ ag Torna 1918 – ‘Saothar Filidheachta an Athar Pádraigín Haicéad’ ag Torna Pádraig Mac Piarais (1879 – 1916) Ba é Pádraig Mac Piarais an chéad fhile i mblianta tosaigh na hAthbheochana arbh fhéidir file nua-aimseartha a thabhairt air. Cé nár chum sé ach 16 dhán san iomlán, ba é an chéad fhile den tréimhse sin a dhírigh isteach ar théamaí pearsanta dá chuid féin i ndánta ina mothaítear dáiríre agus baint mhacánta le saol agus le cúraimí a linne. Mar chomhartha air sin, murab ionann agus filí eile a thagann roimhe, is é an Piarsach an chéad fhile a bhaineann úsáid leathan as an chéad phearsa ina chuid dánta: Fada liom do theacht, A shean-eachlaigh Dé, A chara na gcarad, Dom scaradh lem phéin …. Rann do rinneas i mo chroí Don ridire, don ard-rí, Rann do rinneas do mo ghrá Do rí na rí, don tseanbhás. …. Cé go bhfuil an tsimplíocht agus an dáiríre le fáil mar thréithe bunúsacha dá fhilíocht, ní ionann sin is a rá nach bhfuil éifeacht agus cumas aige ciútaí liteartha sofaisticiúla a fhí isteach ina chuid véarsaíochta chun teachtaireacht an dáin a chur ina luí ar an léitheoir ar bhealach cumasach neamhghnách. Tógaimís an dán is iomráití dá chuid ‘Fornocht do Chonac Thú’. Ní amháin gur dán tagrach é seo atá mar mhacalla ar fhoirm na hAislinge Polaitiúla agus ar fhilíocht Aogáin Uí Rathaille go háirithe82 ach is léir ó láimhseáil agus ó chur i láthair athchóirithe genre na hAislinge go bhfuil blas úrnua agus ceardaíocht níos sofaisticiúla ag baint le saothar an Phiarsaigh. Fornocht do chonac thú a áille na háille, Is do dhallas mo shúil ar eagla go stánfainn. Do dhallas mo shúil, is mo chluas do dhúnas; do chruas mo chroí, is mo mhian do mhúchas. Do chualas do cheol, a bhinne na binne, Is do dhúnas mo chluas ar eagla go gcloisfinn. Do thugas mo chúl ar an aisling do chumas, ‘s ar an ród so romham m’aghaidh do thugas. Do bhlaiseas do bhéal a mhilse na milse, Is do chruas mo chroí, ar eagla mo mhillte. Do thugas mo ghnúis ar an ród so romham, ar an ngníomh do chím, ‘s ar an mbás do gheobhadh. cf. “Gile na Gile” le hAogán Ó Rathaille (c.1665 – c1727): “Gile na gile do chonnarc ar slí in uaigneas, criostal an chriostail a goirmroisc rinn-uaine, binneas an bhinnis a friotal nár chríonghruama, etc..” 82 20 Feictear an file ag druidim níos giorra don fheiniméan a chuireann faoi dhraíocht é, abraimis spéirbhean ‘álainn’, ‘binn’, ‘milis’ agus déantar é seo trí bhíthin struchtúr an dáin féin mar is léir dá mbeadh an ‘spéirbhean’ i bhfad uaidh (cf. an chéad véarsa) gur radharc a gheobhadh sé uirthi i dtosach báire. Agus ansin sa dar véarsa de réir mar a thiocfadh sí i ngiorracht dó cloisfeadh sé glór a spéirmhná. Chaithfeadh sí bheith ina seasamh díreach in aice leis go bhféadfadh sé í a phógadh nó a bhlaiseadh mar a tharlaíonn sa tríú véarsa. Níl an ghluaiseacht i dtreo an fhile ráite go hoscailte ach tá sé intuigthe ó struchtúr an dáin féin. Agus níl spéirbhean an Phiarsaigh tagtha ar cuairt lena thionlacan go Tír na nÓg nó chun é a shaoradh ó chruatan an tsaoil mórthimpeall mar a tharlaíonn go mion minic sna hAislingí clasaiceacha 83 ach chun deireadh a chur lena chuid aislingí féin (cf. véarsa 5 thuas). Maireann an dán seo agus saothar eile an Phiarsaigh toisc go n-éiríonn leis oscailteacht agus fírinne nua a thabhairt isteach i bhfilíocht na Gaeilge, tréith a fhorbraíonn filí sa dara leath den aois chéanna. Níl amhras ach go raibh an Piarsach ina cheannródaí nuair a scrúdaíonn sé ceisteanna a bhaineann le caidreamh collaí agus imeacht na soineantachta. Is minic a dhéanann sé codarsnacht idir an grá neamhurchóideach idir an duine fásta agus páiste agus an grá collaí ‘peacúil’ idir fear agus bean. A Mhic Bhig na gCleas A mhic bhig na gcleas Is maith is feas dom Go ndearnais mí-ghníomh: Can go fíor do locht. Maithim dhuit, a linbh An bhéil dheirg bhig: Ní dhaorfar liom neach Ar pheaca nár thuig. ….. Tá cumhracht id phóig, Nachar fríth fós liom, I bpógaibh na mban, Ná i mbalsam a gcorp. Tá éis eachtraí Éirí Amach na Cásca nuair a daoradh Mac Piarais chun báis, gan amhras tá léamh fháidhiúil ar dhánta amhail ‘Fornocht do Chonac Thú’ agus ‘Cad Chuige Dhíbh dom Chiapadh’ “Níl sásamh i ndán dom mhianaibh lem ré, Óir ní sásamh an sásamh do mhianas inné, ‘s is cíocraí an chonairt den tsásamh do fuair – ‘S go síoraí ní chodlód go gcodaíod san uaigh.” 84 cf, ‘Úirchill an Chreagáin’ le hArt Mac Cumhaidh (1738 –1773), ‘Im Aonar Seal Ag Siúl A Bhíos’ le hEoghan Rua Ó Súilleabháin, 84 cf. véarsa deiridh as an dán: ‘Cad Chuige Dhíbh dom Chiapadh’ le Pádraig Mac Piarais. 83 21 Ach is féidir a rá gur rómánsaí amach is amach a bhí in Mac Piarais agus go raibh an chuid mó dá fhilíocht tógtha suas le seantéamaí liriciúla amhail soineantacht na hóige, an truailliú a thagann le haois, peaca agus an íobairt fola, agus an bás mar chara do chroí cráite an fhile féin. Bhí a lán filí i dtosach na haoise ag scríobh dánta a bhí lán den tírghrá agus ag díriú isteach ar íobairt lucht Éirí Amach na Cásca. Tá cuid mhór den fhilíocht siúd maoithneach agus thar fóir le moladh agus le laoch-adhradh caoch. Scríobh an tAthair Ó Duinnín (1860 - 1934) ‘Spiorad na Saoirse’ (1919) mar chomóradh ar lucht íobairt na Cásca. Ó pheirspictíocht an lae inniu tá ábhar an dáin iomarcach, leadránach agus ró-fhada ar fad85. Bhí Liam S Gógan (1891 – 1979) ag scríobh filíochta tírghrá freisin ach tá an stíl i gcuid mhaith dá dhánta tur agus neamhshuimiúil86. Ach gan amhras tá cúpla seoid ina measc. Tháinig ‘Na Coisithe’ amach i gcnuasach filíochta dar teideal: ‘Cuisle na hÉigse’87 (1920) curtha faoi eagar ag Éamon Cúirtéis. I gcoim na hoíche cloisim iad, Na coisithe ar siúl; Airím iad, ní fheicim iad, Ní fios cá mbíonn a gcuaird. I gcoim na hoíche dorcha Is an uile ní ina shuan, Airím teacht na gcoisithe I lár an bhaile chiúin. An daoine iad nach sona dhóibh, Nó anama i bpunc? Nach aoibhinn dóibh an t-ionad sin 'Na gcónaíd go buan? I gcoim na hoíche dorcha, Is cách 'na thoirchim suain, Sea cloisimse na coisithe Ag teacht 's ag imeacht uaim. Tá pearsantacht nádúrtha agus baint shothuigthe sa dán thuas le gnáththaithí shaolta an duine an is comhartha príomha é sin in éifeacht agus buaine na ndánta uile a mhair ón aimsir sin i gcuimhne lucht léite na Gaeilge, sin agus gur roghnaíodh an chuid is fearr de na dánta as bailiúchán an Chuirtéisigh do théacsleabhair agus do churaclaim scoileanna na tíre. Thosaigh an t-acadamhaí Osborn Bergin (1873 – 1950) ag cumadh filíochta thart ar an tréimhse seo chomh maith. I dtosach báire, chum Bergin a chuid filíochta i stíl chlasaiceach ardnósach ach le himeacht aimsire thosaigh seisean freisin ag dul i muinín ghnáthchaint na ndaoine. B’fhéidir gurb é ‘Maidin i mBéara’ a foilsíodh i 1918 ar na píosaí is fearr uaidh. Ach acadamhaí a bhí ann níos mó ná file nó scríbhneoir ealaíne. Cé go bhfuil clisteacht agus cruinneas ag baint lena bhfuil scríofa ag Bergin, ní ábhar suime iad, don chuid is mó, taobh amuigh de cheardaíocht oilte fhoirfe an údair féin. 85 Aisling ina bhfuil ceithre mhíle líne san iomlán Ar na cnuasaigh a d’fhoilsigh Liam S. Gógan atá: Nua-Dhánta (1919), Dánta agus Duanóga (1929), Dánta an Lae Indiu (1936), Dánta Eile (1946), Dánta agus Duanta (1952), agus Duanaire a Sé (1966). 87 Bailiúchán den fhilíocht úd a bhí á scríobh idir na blianta 1900 agus 1920 , curtha in eagar ag Éamon Cuirtéis. Luaite ag Frank O’Brien in ‘Filíocht na Linne Seo’ lch. 102 “Bhí tuiscint mhaith ag an gCuirtéiseach ar na lochtanna a bhain le go leor den fhilíocht a bhí á scríobh ag an am agus d’éirigh leis rogha mhaith, mar a shíl sé, a dhéanamh idir na céadta dán.” 86 22 Drámaíocht suas go dtí na daichidí Maidir le drámaíocht bhí tosach mall i nualitríocht na Gaeilge. Bhí dhá chineál dráma coitianta i dtosach na haoise – drámaí troma stairiúla agus drámaí gearra greannmhara. Ba é Doughlas de hÍde a bhí ina scríbhneoir den scoth maidir le sceitsí drámaíochta éadroma. Rinne Lady Gregory aistriúcháin de shaothair drámaíochta de hÍde go Béarla agus bhí gnaoi an phobail ar na drámaí grinn sin i measc a lucht fhéachana sa dá theanga. Scríobh an tAthair Ua Laoghaire ‘Bás Dhálláin’ (1901), ‘An Bealach Buidhe’ (1906) faoi thaoiseach Gaelach na séú haoise déag, Aodh Ó Néill, agus ‘Tain Bó Cuailnge ‘na Dhráma’ (1915). Foilsíodh a lán drámaí stairiúla troma gan mórán siamsa iontu agus mar aon leis sin drámaí éadroma gairide. Tugaim dhá liosta de réir na genres sin thíos: Drámaí Stairiúla: 1901 1906 1906 1908 1908 1909 1913 1922 1929 1931 1935 ‘Creideamh agus Gorta’ ` ‘Ar Son Baile agus Tíre’ ‘Seabhac na Ceathramhan Caoile’ ‘’Mac Carthaigh Mór’ ‘An Foghmhar’ ‘Deirdre’ ‘Cú Roí’ ‘Teachtaire ó Dhia’ ‘An Danar’ ‘An Bhean Cródha’ ‘Na Gaduithe’ leis an Athair Duinnín le Tomás Ó hAodha le Tomás Ó hAodha le Pádraig na Léime le Tomás Ó Ceallaigh le Tomás Ó Ceallaigh le Seán Ó Ceallaigh leis an Athair Duinnín le Piaras Béaslaí le Piaras Béaslaí le Gearóid Ó Lochlainn Sceitsí Drámaíochta agus Drámaí Grinn Gearra: 1900 1902 1902 1902 1913 1915 1915 1927 1934 1936 1936 1937 1938 ‘Tadhg Saor’ ‘Casadh an tSúgáin’ ‘An Tobar Draoidheachta’ ‘Eilís agus an Bhean Déirce’ ‘Cluichí Cártaí’ ‘Fear Milliún Púnt’ ‘an Sgaothaire’ ‘An Fear as Buenos Ayres’ ‘An Fear Fograidheachta’ ‘Blúire Páipéir’ ‘San Am soin’88 ‘An tÉirighe Amach’89 ‘Baintighearna an Ghorta’ leis an Athair Duinnín le Doughlas de hÍde leis an Athair Duinnín le Peadar Mac Fhionnlaoich le Piaras Béaslaí le Piaras Béaslaí le Piaras Béaslaí le Piaras Béaslaí le Piaras Béaslaí le Piaras Béaslaí le Séamus de Bhilmot le Gearóid Ó Lochlainn le Séamus de Bhilmot Seasann Pádraic Ó Conaire amach leis na drámaí a scríobh seisean, drámaí ina scrúdaítear taobhanna dorcha shícé an duine i ndrámaí mar ‘Bairbre Ruadh’ (1908) agus ‘An tdhacht’ a foilsíodh in An Cladheamh Soluis i 1915. Bhí dornán de dhrámaí na dtéann isteach sa dá chatagóir thuas, drámaí béaloidis, amhail ‘Diarmaid agus Gráinne’ le Micheál Mac Liammóir a tháinig amach don chéad uair i 1928 nuair a 88 89 Ní raibh an dráma seo foilsithe go dtí 1944 Ní raibh an dráma seo foilsithe go dtí 1944 23 osclaíodh an amharclann cháiliúil sa Ghaillimh An Taibhdhearc, agus dráma nó dhó ar fhadhbanna sóisialta mar atá léirithe i ndráma le Gearóid Ó Lochlainn ‘Bean an Mhilliúnaí’(1923). An DaraTréimhse (1939 – 1970) Is féidir prós clasaiceach a thabhairt ar an tréimhse seo ó chloíonn údair an úrscéil a bheag nó a mhór le prionsabail thraidisiúnta chlasaicigh an genre úd, is é sin: plota, cúisiúlacht, trédhearcacht urlabhraíoch, gníomhaíocht agus leanúnachas inste, etc.. Sna daichidí feictear san úrscéal trasdul soiléir ó anáil na stíle béaloidis beathaisnéise go ficsean nua-aoiseach, cé gur mall an claochlú sin agus nár éirigh le cuid mhaith de scríbhneoirí Gaeltachta a nasc leis na seantraidisiúin liteartha a bhriseadh choíche.90 Tháinig líon áirithe de scríbhneoirí fiúntacha taobh amuigh den Ghaeltacht chun cinn sna daichidí agus sna caogaidí araon. Orthu siúd atá: Tarlach Ó hUid (1917 –1990) Rugadh Tarlach Ó hUid i Londain de shliocht Aontachta ba ea é. D’éirigh Ó hUid ina Phoblachtach go hóg ach cuireadh faoi ghlas é i gCúige Uladh le linn an Dara Cogaidh Dhomhanda. Scríobh sé cúpla leabhar dírbheathaisnéise faoin tréimhse seo dá shaol ‘Ar Thóir mo Shealbha’ (1960) agus ‘Faoi Ghlas’ (1985). D’fhoilsigh Ó hUid a chéad úrscéal “Bealach chun a’ Bhearnais” i 1949 mar gheall ar Mheiriceánach Gorm de shliocht Éireannach a tugadh chun na nIndiacha Thiar. Chuir Ó hUid ‘An Dá Thrá’ amach i 1952, scéal faoi phobal deighilte agus “Adios” a bhí foilsithe aige i 1975, leabhar ina scrúdaítear fadhbanna an phósta mheasctha agus anáil na coimhlinte míleata ar mhuintir phobail dheighilte. Ní féidir a rá gur litríocht líofa snasta atá sna leabhair seo. Tá an stíl údarásach agus is iomarcach lámh an údair sa scéal go mion minic. Seán Mac Maoláin (1884 – 1973) Is amhlaidh mar atá an scéal maidir le Seán Mac Maoláin as Contae Aontroma freisin. Tháinig an t-úrscéal ‘Iolar agus Sionnach’ uaidh i 1938 a thosaíonn le hEoghan Mac Alastair agus é ar a bhealach ar ais go hÉirinn chun tús a chur le réabhlóid. Tarraingíonn an Mac Alastair Tarlach isteach sa chomhcheilg in aghaidh rialtais na tíre. Buaileann an léitheoir le lucht na comhcheilge i gcúlsheomra tí tábhairne i mBéal Feirste. Ar fhilleadh Tharlaigh go gleannta Aontroma, déanann an t-údar, Mac Maoláin, iarracht an grá a fhí isteach i mbréidín an scéil pholaitiúil ach teipeann air a bheag nó a mhór an dá théama a cheangal go sásúil lena chéile. Tháinig naoi n-úrscéal lagspreosacha eile uaidh idir na blianta 1937 agus 1953, ina measc Slis den tSaol (1940), Nuala Ní Néill (1942), Algoland (1947), Iomramh Ghlómair (1952) agus ‘Na hoileáin séanmhara’ (1953). Liam Ó Flaithearta (1896- 1984) Ach ba é Liam Ó Flaithearta a d’fhorbair téamaí uileghabhálacha shaothar a sheancharad, Phádraic Uí Chonaire, san aon chnuasach amháin a tháinig uaidh dá Ba í Nóra Ní Shéadhadh (1905 –1975) ceann de scríbhneoirí mná gur cóir a lua mar cheannródaí den úrscéal nua-aoiseach i dtosach na tréimhse seo. D’fhoilsigh sí ‘Thar Bealach Isteach’ faoina saol féin mar mhúinteoir ón mhórthír nuair a bhí sí ag obair ar na Blascaodaí ag deireadh na bhfichidí ach tháinig úrscéal cruthaíoch rómánsach ‘ Peats na Beantreabhaighe’ óna peann freisin i 1945. Ach, ag an am céanna, níor éirigh faraor le scríbhneoirí eile amhail Máire iad féin a shaoradh go sásúil ó réimse cúng de phlotaí tuaithe ina gcuid scríbhneoireachta choíche. 90 24 scéalta i nGaeilge: ‘Dúil’. Éiríonn le Ó Flaithearta ceisteanna a bhaineann le beatha, bás agus nádúr an duine a iniúchadh go grinn i gcaitheamh na scéalta seo go léir. Tosaíonn an chéad scéal sa chnuasach faoi ainm theideal an leabhair féin: ‘Dúil’ le naíonán óg ag lámhacán óna chrios compordach in aice a mháthar féin chun gligín a d’éalaigh uaidh a fháil ar ais. Ar a shlí titeann an naíonán agus tá fonn goil air go dtí go dtugann sé ga gréine faoi deara a ruaigeann an fonn béicíola láithreach mar titeann sé faoi dhraíocht áilleacht gha gréine atá os a chomhair amach. Déanann an naíonán iarracht ar ghreim a fháil ar an cholún solais ach in aisce dar ndóigh. Cé gur ‘aisling bhréige’ ar bhealach an ‘an cuirtín glégeal le áilleacht a chuid seod’, cineál meabhalscáile dá shórt, stadann croí an linbh le scanradh agus iontais nuair osclaítear radharc sciamhach an domhain mhóir trí fhuinneog an tí: “Amach uaidh agus amach, do shroich éadan an domhain gan teora, amach thar an ngairdín bláthach, síos trí ghleann mór doimhin a bhí brataithe le crainnte agus suas arís thar sléibhte arda ag a raibh na beanna gorma buailte le díon cumasach na spéire agus seod mór cruinn amháin ag lonradh ansin thuas…”91 Leanann scéalta eile sa leabhar seo an smaoineamh céanna; cumas na dúile atá mar chuid dílis den bheatha chun dul i ngleic le cruatan ar bith agus easpa na dúile seo a chuireann faoi deara an bás, mar a léirítear sa scéal ‘Mearbhall’ atá faoi thábhairneoir a dhiúltaíonn don saol, ‘Teangabháil’ ina dtugann príomhcharachtar an scéil droim láimhe dá fhíorghrá, Cháit, de dheasca cladhaireachta anama agus ‘An Buille’ ina dtaispeántar cumas dúile nádúrtha an bhuachalla óig, Neidín, grá agus féin-fheasacht a athmhúscailt i gcroí a athar bhuartha. “Bhreatnaigh mé taobh mo láimhe clé agus chonaic mé éadan fir idir an dá ghiall de dhoras oscailte na cistine. Bhuail scanradh mé. Níor lear dom ar dtús, mar gheall ar an lagar solais, go raibh aon chorp greamaithe den éadan; ceannaghaidh bhuí crochta gan fostú ar an aer dorcha. ‘Ó! A Dhiabhail Álainn!’ adeir mé liom féin agus creathú beag faiteach ag rith síos le clár mo dhroma. ‘Teach tábhairne na marbh!’ ” 92 “Ar dtúis chuimhnigh sí (i. Cáit) ar theangabháil a láimhe lena láimh agus ar theangabháil a brollaigh lena bhrollach. Chuimhnigh sí ar an meisce a chuir an teangabháil sin ag gluaiseacht trína fuil. Ansin do chuimhnigh sí ar an gcladhaireacht a chonaic sí ina shúile. Tháinig dólás ifrinn ar a hanam leis an dara cuimhniú, mar ba shoiléir di gurbh é an chéad teanghabháil an teangabháil deireannach. Tháinig scread go dtí béal a scornaí, ach ní dheachaigh sé níos faide aníos. Bhí an dólás ró-dhoimhin anois le aghaidh caoineacháin.” 93 “Scairt Éamonn (i. athair Neidín) amach ag gáirí nuair a bhí an carr amuigh ar an mbóthar mór. Áthas a bhí air go raibh carthannas anois idir é féin agus a mhac; ach lig sé air féin gurbh é an dea-mhargadh cúis a ríméid. Moladh le Dia! Ba é seo an chéad uairriamh a mhothaigh sé comhchion idir é féin agus a mhaicín aisteach, a bhí chomh doimhin agus chomh diamhrach leis an bhfarraige.” 94 Forbairt nua ea ba an cnuasach seo de ghearrscéalta ar thosach cumasach Uí Chonaire maidir le cur ar fáil litríochta nua-aoisí don Ghaeilge. Scrúdaíonn Ó Flaithearta gach gné den ‘dúil’ in iompar an ainmhí agus, níos suimiúla fós, i mbeatha nádúrtha an duine féin - ní mar thairge de chultúr faoi leith, ná mar ghníomhaí staire, ná mar fch. ‘Dúil’ (lch. 14) le Liam Ó Flaithearta, foilsithe ag Sáiséal Ó Marcaigh, Baile Átha Cliath, (1989) fch. idem ‘Mearbhall’ (lgh. 52-53) fch. idem ‘Teangabháil’ (lch. 127) 94 fch. idem ‘an Buille’ (lch. 83) 91 92 93 25 shaoránach i ngréasán polaitiúil a aimsire féin ach mar dhuine nádúrtha i gcoimhlint bheo shíoraí lena thimpeallacht nádúrtha nó/agus lena chaidreamh le daoine eile. Is minic go ndéantar botún so-thuigthe nach n-idirdhealaíonn Ó Flaithearta idir daoine agus ainmhithe ina chuid scéalta95 ach bheifí ag dul amú go mór, dar liomsa dá gcreidfí é sin. Sa dara scéal dá leabhar ‘An Seabhac’ ina n-íobraíonn seabhac a bheatha féin chun ál a neide a chosaint ó fhoghlaeirí aille, is léir nach féidir leis an éan creiche ach iompar de réir dúile a nádúir ainmhíoch féin, de réir a eisinte beithígh. Sa tslí seo dearbhaíonn Ó Fhlaithearta go dtagann an eisint roimh an eiseadh i ríocht na nainmhithe. Ach níl a fhios ag Cáit ná ag an léitheoir cé hé Beartla Choilm Bhríde go dtí go ndéanann Beartla a rogha idir an fód a sheasamh i gcoinne ionsaí Pháidín, athair Cháit, nó géilleadh dó. Is i ngéilleadh Bheartla do Pháidín a chruthaítear eisint an fhir óig. Tá an comhartha céanna den eiseachas clasaiceach seo le blaiseadh sa chuid is mó de na scéalta sa leabhar a bhaineann le saol an duine, is cuma más tábhairneoir é a dhiúltaíonn don saol (cf. mearbhall), nó buachaill óg ag seasamh an fhóid in aghaidh feirge a athar (cf. An Buille). Léiríonn cnuasach Uí Fhlaithearta tábhacht na dúile mar rogha i gcruthú na beatha i gcoitinne; rogha a dhéanann ainmhí de réir eisinte réamhbhunaithe a nádúir ainmhíoch ach rogha shaor oscailte a bhíonn ag an duine; rogha a chruthaíonn nádúr eisidh an duine agus treo a chinniúna pearsanta.96 Má tá locht ar bith le fáil ar shaothar Uí Fhlaithearta is é a laghad. Níor tháinig ach fíorbheagán uaidh i nGaeilge agus is amhlaidh nach dtiocfadh comharba ar bith a bheadh ar chomhbhrí leis maidir lena ghinias liteartha go dtí deireadh na seascaidí agus nuair a chuaigh Máirtín Ó Cadhain i mbun an ghearrscéil liteartha i ndáiríre lena thriológ chumasach: ‘An tSraith ar Lár’, ‘An tSraith dhá Thógáil’ agus ‘An tSraith Tógtha’ 97 Faraor, bhí ‘dul amú’ go mór ar Phádraic Ó Domhnalláin a bhí ina eagarthóir ar an irisleabhar ‘Fáinne an Lae’ nuair a thairg seisean i mí Iúil 1925 gur scríbhneoir úr ar thosach a aistir liteartha sa Ghaeilge a bhí in Liam Ó Flaithearta. “Muna bhfuil dul amudha mór orainn atá sgríobhnóir úr againn a árdóchas an Ghaedhilg go hárd i gcúrsaí litridheachta.” 98 Séamus Ó Néill (1910 – 1981). Tá foirfeacht stíle agus éifeacht áirithe liteartha le sonrú i saothair Shéamuis Uí Néill Sa chéad úscéal dá chuid: “Tonn Tuile”(1947) ina dtarlaíonn eachtraí i mBaile Átha Cliath in aimsir an chogaidh, léirítear an príomhcharachtar mar dheoraí maoithneach atá ag cur thar maoil le dearcaí agus ráitis phostúla mursanta faoi conas mar ba chóir an saol a chaitheamh agus praghas an uile ní ar eolas aige. Feoitear na cluasa ar 95 cf. Creideann léirmheastóirí áirithe nach ndéanann Ó Flaithearta idirdhealú ró-mhór idir daoine agus ainmhithe agus gur féidir “daoine a chur i leaba na n-ainmhithe ina scéalta, agus a mhalairt” cf. “Ag Blaiseadh na Litríochta”, Mercier 1971, le Pádraic Breatnach, lch.16. Agus tagann Frank O’Connor leis an tuairim chéanna in “The lonely Voice” ar leathanach 38: “His (i.scéalta Uí Flaithearta) best stories deal with animals and the nearer his characters approach to animals the happier he is in dealing with them.” 96 cf. “Léachtaí Choláiste Phádraig ‘Imeachtaí Nua sa Ghearrscéal Nua-Aoiseach’ Nótaí ar Léachtaí ar ‘Dúil’ le Garry Bannister, ForSaí, 2005. 97 Bhí Máirtín Ó Cadhain ag scríobh gearrscéalta ó 1939 amach (m.sh. ‘Idir Shúgradh agus Dáiríre’ (1939), An Braon Broghach’ (1948) agus ‘Cois Caoláire’ (1953)) ach ba tar éis tréimhse fhada príosúnachta (1939 –1944) agus lena cheapadh ina léachtóir le Gaeilge i gColáiste na Tríonóide i 1956 gur fhág Ó Cadhain an t-úrscéal ar leataobh mar phíomhfheithicil liteartha agus go ndeachaigh se i muinín an ghearrscéil mar uirlis phríomha a ghníomhaíochta ealaíne. 98 Luaite ag Philip O’Leary in ‘The Cambridge History of Irish Literature’ foilsithe 2006, san alt: ‘The Irish Renaissance 1880 – 1940’ (lch. 245) 26 léitheoir ar bith inniu a bheadh ag léamh tuairimíocht phatrarcach an chainteora faoi mhná, faoin phósadh agus faoina chuid aidhmeanna buirgéiseacha gan chiall. Níl eilimint den ghreann ná de chaint ‘ó-na-fiacla-amach’ ag baint le stíl Uí Néill. “Ní mór cuimhneamh i gcónaí agus ‘Tonn Tuile’ a léamh againn fad láimhe os ár gcomhair nach aoir atá ann. Níl aon ní ann a údaraíonn dúinn a cheapadh go mb’fhéidir go bhféadfadh nach raibh an t-údar lán dáiríre faoi gach cor dá chuir a chuid carachtar díobh….. Is cinnte go gcuirfeadh sé feiminigh le craobhacha agus fear ar bith eile a bhfuil meas aige ar mhná mar dhaoine seachas mar bhábóga” 99 Tá an dara húrscéal dá chuid Máire Nic Ártáin (1959) i bhfad níos éifeachtaí mar shaothar ealaíne. Tá an t-úrscéal seo faoi chailín óg Caitliceach, Máire Nic Ártáin a thiteann i ngrá le buachaill Protastúnach, Seoirse Mac Giolla Ruaidh. Cruthaíonn Ó Néill carachtair atá inaitheanta, buan agus fírinneach fiú do léitheoirí an lae inniu. Tagann leis an údar daonnacht agus soghontacht a chuid carachtar a chur i láthair an léitheora ar bhealach nádúrtha, inchreidte agus tuisceanach. Is giota scríbhneoireachta líofa, snasta a dhéantar ag an bhuaicphointe sa scéal nuair a thuigeann Máire nárbh fhéidir léi glacadh ná maireachtáil go suaimhneach le cultúr atá coimhthíoch di ar gach shlí - cultúr na nOráisteach. Cé nach bhfuil aon chreideamh láidir ag Máire féin sa Chaitliceachas, ná fiú aon bhraon den náisiúnachas ag preabadh ina cuisleanna, ní féidir léi dul i dtaithí ar an chultúr iasachta seo. Úsáideann Ó Néill imeacht Sheoirse i measc sluaite plódaithe an mhórshiúil Oráistigh ar an dara lá déag d’Iúil mar chúlráid chumasach i gcomhair nochtadh na tuisceana uaigní seo i gcroí Mháire. Is léir di anois nárbh fhéidir léi choíche bheith ar a compord i measc daoine mar iad agus go mbeadh na sluaite céanna i gcónaí mar bhalla dosháraithe idir í féin agus Seoirse. “Níor thóg Máire a súile de an fhad a bhí sé as a hamharc, ach ní fhaca seisean ise. Ní thiocfadh leis ins an áit ina raibh sé. Agus de réir mar a bhí sé ag imeacht leis síos an tsráid, d’airigh Máire mar a bheadh sé ag imeacht uaithi go deo. Bhí sé mar a bheadh sé caillte go deo i measc na sluaite fear sin, na sluaite síoraí sin a bhí ag triall leo thaisisti, mar a chonacthas di anois nach raibh tús ná deireadh leo. Agus bhuail uaigneas í féin i measc na sluaite daoine a bhí ag brú thart uirthi. Bhí sí léi féin ina measc. Ní raibh aon duine ansin a raibh aithne aici air, ní raibh aon duine ansin a dtiocfadh léi labhairt leis, ní raibh aon duine ansin ar mhaith léi labhairt leis. Go tobann d’aithin sí sin nár theastaigh comhluadar na ndaoine seo uaithi…. Agus ní raibh dúil aici níos mó ins na órshnáithe, ná ins na scafógaí, ná ins na ribíní. Bhí a fhios aici anois cad chuige ar bhain sí an ribín de Sheoirse an mhaidin sin. Bhí an ribín sin ag teacht idir í agus Seoirse.”100 Máirtín Ó Cadhain (1906 – 1970) Chuir Máirtín Ó Cadhain tús lena shaol liteartha le foilsiú a chéad chnuasaigh de ghearrscéalta i 1939 ‘Idir Shugradh agus Dáiríre’ agus ‘An Braon Broghach’ naoi mbliana níos déanaí, i 1948. Sna gearrscéalta ón tréimhse seo dá shaothar léiríonn an Cadhnach saol traidisiúnta na hÉireann, mar shampla, sna trí scéal ba cháiliúla uaidh: 'An Taoille Tuile', 'An Bhearna Mhíl', agus 'An Bóthar go dtí an Ghealchathair'. Is sna scéaltas seo a scrúdaítear cruachás na mban i sochaí phatrarcach sheanfhaiseanta a bhí le sonrú in Éirinn faoin am sin. Is beag an greann a fheicimid sna scéalta seo agus is é an tréith is príomha i saothar Uí Chadhain ná an easpa éadroime agus troime dhorcha a stíle. Ach má tá an t-ómós do bhantracht fhadfhulangach na tíre le féiceáil i 99 An tÚrscéal Gaeilge le Alan Titley (lch. 174) Máirín Nic Ártáin, (1959) (lch,148) 100 27 gcuid mhaith dá ghearrscéalta, tá sin imithe go huile agus hiomlán nuair a fhoilsíonn Sáirséal agus Dill faoi dheireadh na ndaichidí a ollsaothar treascrach ‘Cré na Cille’. Cré na Cille Le foilsiú an úrscéil: ‘Cré na Cille’ cuirtear tús le ré nua i litríocht na Gaeilge. Cé go mbaineann úrscéal Uí Chadhain leis an ré chlasaiceach, sa tslí go bhfuil réalachas áirithe ag baint le carachtracht na bpríomhphearsan, cúisiúlacht na n-eachtraí agus soiléire na cumarsáide idir an t-údar agus lucht léite an tsaothair, is léir freisin go bhfuil eilimintí den genre nua d’úrscéal neamhréalaíoch ag gobadh amach as Cré na Cille; bachlóga óga an phróis mheitificseanúil a bheadh faoi lánbhláth faoi dheireadh na haoise céanna, ina bhfeicfear imeacht iomlán ón phlota, cúl leis an dóchúlacht, an t-imeartas teanga chun tosaigh, agus cur i láthair athfhillteach gan aon tagairt do shaol réalaíoch an léitheora. Luann Ó Háinle blaiseadh den eispéireas seo i léamh leabhair Uí Cadhain. “Ní scéal faoi shaol na Gaeltachta é… ach scéal faoin duine. Ní féidir é a léamh mar scéal Gaeltachta, mar níl sé cosúil leis an scéal sin…”101 Ní amháin saibhreas agus caighdeán liteartha an tsaothair féin ach éadóchas an údair as easpa fiúntais an duine i gcoitinne agus aoir bhinbeach shóisialta is ea Cré na Cille. Bíonn príomhcharachtar an scéil, Caitríona Pháidín tógtha suas go huile agus go hiomlán lena cúraimí suaracha leithliseacha féin, cúraimí atá neadaithe i réimse ainnis dá dearcaí cúnga aineolacha ar an saol. Comhráite neamhfhiúntacha, cúraimí táireacha, agus buile as cuimse, in ainneoin go bhfuil gach duine de charachtair an leabhair marbh, adhlactha agus i reilig an bhaile. Is féidir a rá nach amháin gur aoir bhinbeach saothar Uí Chadhain ar nádúr leamh an duine ach gur meafar an scéal do staid an chultúir dhúchasaigh sa tír freisin; cultúr atá ag lobhadh mar bíonn meon an chultúir sin sáite sa bhéaloideas, sa sean-nós, san aimsir chaite iontaisithe nach nathraíonn a dhealramh choíche (amhail na carachtair mharbha i gCré na Cille) agus in ionad an chomhoibrithe thairbhigh, in ionad an chomhluadair chaoin mhánla, bíonn lucht na teanga de shíor ag déanamh giob geab ar a chéile. Is é sin - easpa tacaíochta, díth trua, teip iomlán ar dhul i ngleic leis na fadhbanna cuí a bhíonn ag bagairt orthu mar phobal eitneach is ea cúlráid, spreagadh, anam agus teachtaireacht an úrscéil seo. Leanann an tseanfhala agus an mhíníneacht éigiallta ar aghaidh fiú nuair atá an bheatha féin imithe i léig. B’fhéidir go bhfuil Ó Cadhain ag iarraidh nod a thabhairt don léitheoir go raibh na carachtair go léir marbh i gcónaí agus nár athraigh aon rud iontu sa reilig ach amháin a n-áit chónaithe. Ach is cur síos bríomhar ionraic gan mhaoithneachas ar bith é Cré na Cille. Is féidir na príomhthréithe seo a leanas a ionannú le Caitríona Pháidín agus b’fhéidir leis na carachtair uile go pointe áirithe: (a) easpa iomlán suime i saol ná i bhfadhbanna daoine eile mura mbaineann siad lena hábhair bhuartha agus a hoibseisiúin ghalracha féin; (b) mailís urchóideach dá gaolta agus dá comharsana (b) uaigneas agus coimhthíos; (c) easpa bealaigh éalaithe ón ifreann lena mbíonn sí de shíor ag iomrascáil; (d) foilmhe sceirdiúil na reilige i bhfuaire a hanama/ easpa teasa agus compoird; (e) easpa cumarsáide ina caidreamh le carachtair eile sa reilig; (f) a spleáchas iomlán ar imeachtaí a bhíonn i gcónaí lasmuigh dá smacht. Is ciúta cliste an reilig agus na coirp bheith ag caint. Oibríonn an ciúta seo mar cuidíonn sin le díriú isteach ar an mbás beo gan dóchas agus ar na cúiseanna a faoi deara é. Tá blas stíle Dostoevsky le blaiseadh tríd an scéal mar cé Jan Erik Rekdal, An Gaeilige Agus Cré na Cille le Cathal Ó Háinle in ‘Criostalú’ Aistí ar Mháirtín Uí Chadhain, Coiscéim, BÁC, 1998 (lch. 103) 101 28 nach mbíonn mórán airde tugtha don ‘dath áitiúil’ ná d’ilghnéitheacht shaibhir phearsantacht an duine, ná do ‘phlota an scéil’ ná fiú do ghluaiseacht fhisiciúil na gcarachtar, dírítear aire an léitheora ar theachtaireacht an tsaothair, ar cheisteanna eiseacha agus moráltachta i gcoitinne. Mar a deir Úna Ní Éinrí Phaidín: “Is ‘puipéad’ í [i. Caitríona Pháidín], agus gach uile phearsa eile chomh maith, mar ní thugann Ó Cadhain ach taobh amháin dá gcarachtair dúinn..” 102 Níl sé d’aidhm ag Ó Cadhain fíorcharachtair bheo ina steillbheatha a chruthú don léitheoir. Níl sa mháistir scoile nó in Nóra Sheáinín agus a cuid ‘novelettes’ ach scigaithris ar aircitíopaí paiteanta beagchúiseacha a iompraíonn a léargas féin ar ghanntanais anama éagsúla agus ar thoradh síceolaíoch na nganntanas céanna ar shonas nó ar easpa sonais an chine dhaonna i gcoitinne. Cuireann cuid de na rachtanna feirge seirbhe nó monalóga diabhalta radhairc as an scannán ‘The Exorcist’ i gcuimhne do dhuine. Réabann eascainí ina gcaise as béal na gcarachtar mar ráig reatha d’urlacan. “Luí fada gan faoilte air! Seacht n-aicíd déag agus fiche na hÁirce air! Calcadh fiodáin agus stopainn air! Camroillig agus goile treasna air! An cneas naon air! An Bhuí Chonaill air! Pláigh Lasarus air! Éagnach Job air! Galar na muc air! Snadhm ar bundún air! Glogar Chaoláin ní Olltáir ann! Galraí sean-aoise na Caillí Béara air! Dalladh gan aon léas air agus dalladh Oisín ina dhiaidh sin! Tochas Bhantracht an Fháidh air! An galra glúiníneach air! Deargadh tiaraí air! Gath dreancaidí air!…”103 Dar le Alan Titley is é an sliocht seo thuas a thagann ó bhéal an mháistir de dheasca an éada threascraigh a shleamhnaíonn air ó bhíonn a bhean ag suirí anois le fear an phoist ná “buaic reitric an leabhair”104 agus b’fhéidir go bhfuil cuid den cheart aige, cé go bhfuil a lán codanna eile sa leabhar céanna ina ritheann an teanga go caithréimeach solabhartha chun a críche ainnise gan dóigh. Má tá an ceart ag Titley “go bhfuil Cré na Cille ar cheann de na húrscéalta is simplí, is loime agus is neamhdhúshlanaí sa Ghaeilge”105 is é sin gur “ghoid Neil, an iníon ab óige, an fear a raibh Caitríona ag tnúth leis agus mar a pósadh Neil roimpi. Mar do chruaidh Caitríona in aois agus i seirbhe; gur phós sí fear ar shon bheith pósta agus fear a bheith aici; mar do chuir sí faobhar claoidhimh a theangan agus a hintinne in éadan Neil; go dtí ná raibh de chuspóir saoil aici ach dólás Neil, agus nár shólás léi a sólás féin mara gcuirfeadh sé dólás ar Neil..”106 ní féidir, dar liomsa, aontú gur ‘micreacosma den taobh míthaitneamhach de shaol tuaithe na hÉireann mar a fheictear i gCois Fharraige’107 príomhaidhm an úrscéil seo. Dá mb’fhíor a leithéid ní bheadh ann ach doiciméad sóisialta ficsin curtha ar fáil do lucht léite na Gaeilge i dteanga shaibhir údair chumasaigh ó Chonamara. Níl dabht dar liomsa go bhfuil i bhfad níos mór ná ‘scéal simplí’ á chur in iúl ‘trí mheán an ghrinn’ Feictear san úrscéal seo aoir bhinbeach, fealsúnacht nua, ach treoirphlean d’imeacht úrnua i bprós nua-aimseartha na Gaeilge.108 102 Stair Litríocht na Gaeilge, BÁC, 1970 (lch.86) Tógtha as Cré na Cille agus luaite ag Alan Titley ina leabhar ‘An tÚrscéal Gaeilge’ (lch 314) 104 idem (lch. 314) 105 idem (lch. 307) 106 idem (lch 316) 107 idem (lch 318) 108 Níl sa léaráid thíos ach cúig cinn de na gluaiseachtaí móra in genre forleathan na húrscéalaíochta. Is féidir cinnte a lán foghrúpaí eile a lua, amhail: an t-úrscéal stairiúil, an ficsean-eolaíochta, an dírbheathaisnéis, etc.. Anuas air sin, níl ach cúpla sampla ionadaíoch d’úrscéalta tugtha faoi gach ceann de na genres luaite 103 29 Cré na Cille (1949) aortha sóisialta meitificsean díláithriú Caoin Tú Féin (Ó Súilleabháin 1967 Maeldún (Ó Súilleabháin 1972) Schnitzer Ó Sé (Mac Amhlaigh 1974) Lig sinn i gcathú (Ó hEithir 1976) Ó Thuaidh (Ua Maoleoin 1983) Stiall Fhial Feola (Alan Titley1985) Muintir An Branar gan Cur (Ó Súilleabháin 1971) (Ó Doibhlin 1979) Kinderszenen Desiderius a dó (R. Schumann 1987) (P. Ó Cíobháin 1995) Aistear Ar Bhruach na Laoi (Ó Súilleabháin 1982) (L. Ó Muirthile 1995) Mo dhá Mhicí Slán le Luimneach (Mac Annaidh 1986 (C. Ó Coigligh 1998) Amuigh Liom féin (Ó Conaola 1988) Sracfhéachaint (Ó Treasaigh 1985) Cuaifeach mo londubh Buí (Mac Annaidh 1983) Rubble na Mickies (Mac Annaidh 1990) An Cúigiú Díochlaonadh (Dáibhí Ó Cróinín 1994) An Dr Áthas (L. Mac Cóil 1994) Seacht Lá na Díleann (Daithí Ó Muirí 1998) pop-fhicsean litríocht ard-réime Mé féin agus Síle Meirscrí na tréibhe (Ní Shúilleabháin 1978) (A. Titley 1976) An Tobar Ar Gach Maoilinn tá Síocháin (R. Ó Baille 1996) (P. Ó Cíobháin 1995) An Taistealaí An Fear Dána (Ó Laighléis 1998) (A. Titley 1993) An Phluais Ama Éagnairc (Claire Dagger 1999) (P. Ó Siadhail 1994) An Clár Amanda (Mac Aodha Bhuí 2000) Nílim a rá gurb é ‘Cré na Cille’ spreagadh ná fiú bunrúta na ngluaiseachtaí liteartha thuasluaite mar is léir go raibh eiseamláirí cumasacha ar fáil de chuid de na genres sin á bhforbairt i bhfad roimh theacht ar an saol úrscéal Uí Chadhain.109 Mar sin féin, bhí na heilimintí de na genres úd a tháinig faoi bhláth ó na caogaidí agus seascaidí ar aghaidh fuinte, snoite, agus canta i dteanga dhúshlánach shaibhir an Chadhanaigh, i saothar dosháraithe a thairg spléachadh gléineach ar réimsí nua fairsinge i dteilgean liteartha na teanga. Molaim nárbh fhéidir as sin amach dul i mbun ealaín na húrscéalaíochta mar a rinneadh ó thús na hathbheochana choíche ar an mbealach céanna arís, díreach mar a tharla i gcumadh na filíochta tar éis fhoilsiú ‘Eireaball Spideoige’ le Seán Ó Ríordáin i 1952. Aortha Sóisialta Is sna haortha sóisialta a thosaigh an fhrith-insint a bhí ag tabhairt ionsaí faoi insint oifigiúil ón Ghúm110 agus ba iad ‘An Béal Bocht’ (1941) le Miles na gCopaleen an chéad aoir bhinbeach a d’éirigh leis baint faoin idé-eolaíocht fhrithghníomhach a bhí faoi lánréim faoin am. Ní féidir liom aontú le Máirín Nic Eoin nuair a dhearbhaíonn sí nár athraigh ‘An Béal Bocht’ forbairt na scríbhneoireachta sa Ghaeilge111 áfach mar ba é príomhghnó agus ceann de na príomhaidhmeanna in ‘Cré na Cille’ ná forbairt dhian fheanntach fhaobhrach a dhéanamh ar an aoir áiféiseach ropánta de chuid Miles na gCopaleen ocht mbliana roimhe sin. Pádraig Ó Maoileoin (1913 – 2002) Thosaigh Pádraig Ó Maoileoin a ghairm mar úrscéalaí lena chéad aoir shóisialta ar chúrsaí gnéis agus ar an bpósadh in Éirinn. Cé gur tháinig ‘De Réir Uimhreacha’ Mar shampla, foilsíodh ‘An Béal Bocht’ le Miles na gCopaleen sa bhliain 1941, bhí popfhicsean nó scéalta eachtraíochta á scríobh ag údair mar Annraoi Ó Liatháin, Eoghan Ó Grádaigh, Seán Ó Mulláin, Críostóir Ó Floinn, agus go háirithe ag Cathal Ó Sandair ó thosach na ndaichidí ar aghaidh. 110 Teach foilsithe Oifigiúil an Stáit a bunaíodh sa bhliain 1925 111 The Cambridge History of Irish Literature, lch. 272 “One would imagine that the publication of a work such as An Béal Bocht’ would radically alter the course of Irish Language writing, and yet this was far from the case.” 109 30 (1968) a bhí bunaithe ar a thaithí sna Gardaí Síochána, agus an Novella i 1978 ‘Fonn a Níos Fiach’ atá fréamhaithe go daingean i dtraidisiún an bhéaloidis, ba é ‘Ó Thuaidh’ ina bhfeicimid tionchar ealaíne Uí Chadhain arís, mar is aoir i bhfad níos géire agus níos iomláine é ina bpléann Ó Maoileoin ar bhealach níos aithní airdeallaí na haircitíopaí leitheadúla a fhaightear i sochaí thuaithe ar bith. Meig a chaomhnaíonn oidhreacht thraidisiúnta agus an seansaol, Iarann ar theip air an saol a bhlaiseadh mar ba chóir ina óige, an Meiriceánach, Bod-Bod a bhíonn ag iarraidh teacht i dtír ar bhuntáistí an tsaoil nua-aoisigh, fear an rachmais nach n-éiríonn leis an fhile a stopadh. Díreach mar atá déanta in ‘Cré na Cille’, dírítear isteach ar charachtracht na bpearsan agus ar anáil na n-eachtraí ar phearsana an scéil. “.. ó Thuaidh (1983), a work which turns the images of island life associated with Blasket Island literature into a comic farce and provides an antidote to the nostalgia and sentimentality of the autobiographical accounts of pining ex-islanders. The book is a farcical account of how an American visitor to the area attempt to turn ‘Oileán Ban’ (the Great Blasket Island) into a sex holiday camp called Paradise Island. The ex-islanders now living on the mainland, are only too willing to sell their island and its heritage to the highest bidder, but the scheme is eventually thwarted by language revivalists (from Cork) and by Michael the Poet, son of Peig Sayers (who appears anachronistically – she died in 1958 under the name of Meig in the book).112 De réir mar a dhéantar forbairt ar an aoir thraidisiúnta, feictear claochlú buan ag druidim le húdair na nGaeltachtaí ach go háirithe agus méadú mór ar scríbhneoirí cumasacha sa Ghalltacht. Ní gá ach sracfhéachaint a thabhairt mheon Shéamais Uí Ghrianna (Máire) (1889 –1969) sa dara leath dá shaol, ar Liam Ó Flaithearta (1896 – 1984) nár fhoilsigh ach cnuasach amháin de ghearrscéalta i nGaeilge, ar shaothair Mháirtín Uí Chadhain féin le deimhniú go raibh ciniceas agus éadóchas á lonnú ina saothair. Is cuma más oileánaigh iad atá “only too willing to sell their island and its heritage to the highest bidder” nó más coirp iad a bhíonn ag giob geab ar a chéile gan smaoineamh dá laghad ina gceann le breathnú amach ar an bpictiúr mór tragóideach a bhíonn á mbá de réir a chéile mar thonn thuile. Bhí eilimintí den aoir le haireachtáil in ‘Dialann Deoraí’ le Dónal Mac Amhlaidh (1926 – 1989) nuair a tháinig sé amach i 1960 agus ina úrscéal: ‘Diarmaid Ó Dónaill’ (1965) faoi fhear óg agus é ag teacht in aois a thuisceana i gcathair Chill Chainnigh ach ba é a úrscéal ‘Schnitzer Ó Sé’ ina ndéantar ceap magaidh gan trua ar dhomhan liteartha na hÉireann i gcoitinne buaic liteartha Mhic Amhlaigh gan aon dabht. Mar shampla dá chumas magaidh agus a bheagchúram de ‘bha sácráilte liteartha’ na tíre, is leor féachaint ar an scigaithris a dhéanann Mac Amhlaidh ar fhilíocht an Ríordánaigh113 An mó Schnitzer i Schnitzer? An mó de Schnitzer ionainn go léir? Mar is follas go bhfuilimid schnitzeraithe a bheag nó a mhór faoi seo, gach mac máthair againn a bhuail leis. Is í an chaint arm catha Schnitzer, gléas ár dtreascartha. Is lena theanga a dhéanann Schnitzer schnitzerú ar an saol ina thimpeall…” 114 Ach ba é Alan Titley (1947 - ) a d’fhorbair an téagar toiciúil ‘trom-mhiotalach’ a bhí á mhaíomh go neamheaglach i saothair Uí Chadhain roimhe. Thug Titley, áfach, stíl dána acmhainneach Uí Chadhain amach as suíomh na Gaeltachta agus isteach i Máirín Nic Eoin ‘The Cambridge History of Irish Literature’ Volume II: 1890 – 2000, lch. 283 cf. ‘Rian na gCos’ le Seán Ó Ríordáin: ‘Níor saolaíodh mé, gur cailleadh é, Is mó mé i mise amháin, cailltear le gach focal mé, ach éirím le gach anáil…” 114 ‘Schnitzer Ó Sé’ le Dónal Mac Amhlaidh, BÁC, 1974, lch.61 112 113 31 gceartlár cathartha an tsaoil nua-aimseartha115. Is eiseamláir mhaith í den saol-radharc fairsing scóipiúil seo atá dealbhaithe ag Titley ina shaothair ná:‘Stiall Fhial Feola’ a tháinig óna pheann i dtosach na n-ochtóidí. Ní stiall chúng ach stiall fhiall fhairsing, mar a thugann an teideal le tuiscint dúinn, atá san úrscéal seo, cailéideascóp ilchineálach lánléargais ar an saol mar atá agus ní mar ba chóir dó bheith. Má bhíonn carachtair mar Caitríona Pháidín agus Bríd116 de shíor ag tnúth le saol nó rud éigin níos fearr, bíonn carachtair Titley i mbun a ndéanta. Úrscéal nó aoir é ‘Stiall Fhial Feola’ ina leathann an t-údar amach os ár gcomhair coiméide dhubh le cruinneachán de charachtair ilghnéitheacha ghreannmhara: ó cholúnaí chrá croí a bhíonn ag tnúth go díocasach le sásamh gnéasach ina beatha phearsanta agus sagart aduain le tuairimí aisteacha claonta dá chuid féin ar thransubstaintiú Coirp Chríst. Má fhaigheann saothair Uí Chadhain locht ar an duine féin agus ar an saol gruama a bhíonn á chaitheamh ag carachtair a chuid leabhar, nó más fíor don Ollamh Declan Kiberd gur “breithiúnas..’ atá le fáil ‘sna scéalta is fearr”117 de chuid Uí Chadhain, ceiliúrann aortha Titley ar a chanbhás mór ealaíne an saol gan aon velvet glove air, ach ag an am céanna, gan aon bhinbe nó seirbhe croí le blaiseadh i bpeann ach oiread. Bíonn an saol á phéinteáil ag Titley - ‘warts an’ all’. Mar sin, is féidir a dhearbhú gurb é an Cadhnach, gan aon amhras, a chruthaigh an tathchló ionsaitheach úrnua ar an aoir thraidisiúnta agus is cinnte dearfa freisin gurb é Titley a d’fhorbair agus d’úsáid an t-aor nua i gcomhthéacs fadhbanna sóisialta a linne féin, fadhbanna a bhíonn ag baint fós leis an phobal náisiúnta agus idirnáisiúnta, bíodh sin sna cathracha móra nó i mbaile beag iargúlta faoin tuath. Aithníonn muid mar léitheoirí na múinteoirí coimeádacha bunscoile agus, tuigimid an colúnaí chrá croí lena fear céile mídhílis. Is carachtair iad ó leathanaigh an tsaoil mar a fheicimid inniu é, murab ionann agus carachtair, amhail: Caitríona Pháidín in ‘Cré na Cille’ nó Bríd sa scéal ‘An Bóthar go dtí an Ghealchathair’. Aorthóir den chruth Cadhnach céanna ea ba Breandán Ó hEithir (1930 –1990) nuair d’fhoilsigh sé a chéad úrscéal Gaeilge Lig Sinn i gCathú (1976) mar amhail Ó Cadhain, ní ar phlota ná ar fhoirm atá príomhaire an údair ach ar phearsantacht na gcarachtar agus a gcaidreamh le carachtair eile dá scéal. Leathnaítear agus géaraítear an fócas seo sa dara húrscéal uaidh Sionnach ar mo Dhuán (1988) faoi iarrachtaí na príomhphearsan, Piaras, atá ag iarraidh fáil amach cén fáth go bhfuil sé faoi ghlas in ospidéal meabhairghalair. Díreach mar a tharlaíonn in Lig Sinn i gCathú, ní áirítear mórán teagmhais idir na heachtraí a bhíonn ag teacht ina gcaise mhire ar a chéile agus mothaítear neamhaird an údair ar choinbhinsiúin liteartha chlasaiceacha. Ach má bhí Lig Sinn i gCathú ag tabhairt faoi shaol polaitiúil na gcaogaidí, bhí Sionnach ar mo Dhuán lonnaithe go daingean san am inar scríobhadh é – aoir chomhaimseartha a bhí ag déanamh fonóide faoi institiúidí léinn, eagraíochtaí stáit agus eaglaise, fheachtais athbheochana, chúrsaí polaitíochta agus aos ‘gairmiúil’ na tíre go léir. ‘Is é greann bearrtha Uí hEithir mórbhua an tsaothair seo (Sionnach ar mo Dhuán). Is é a nochtann an áiféis, an cur i gcéill, an fimíneacht, an bladhmann, an leisce, an níos-lú-ná115 Is fíor go roghnaíonn Ó Cadhain cúlráidí cathartha i ngearrscéalta áirithe dá chuid, m.sh. An Pionta, agus An Seanfhear as a chnuasach Cois Caoláire, ach i ndáiríre is gnáth gur cúlra cuibheasach cúng teoranta é mar bheadh an Cadhnach ag iarraidh díriú isteach ar shaol síceolaíoch an duine aonair a atá ag iarraidh teagmháil shásúil a bhaint amach le daoine eile nó tuiscint a fháil ar na himeachtaí a bhíonn ag tarlú dó/ di. 116 príomhcharachtar as gearrscéal Uí Chadhain: ‘An Bóthar go dtí an Ghealchathair’ ina mbíonn Bríd ag tnúth le saol eile seachas an bóthar de ‘naoi míle fhada fánacha’ go dtí an baile mór agus a bheadh le déanamh aici go deireadh a saoil, go dtí go bhfuil sí ina seanbhean liath agus “go mbeadh gialla sceirdiúla aici agus géaga tarraingthe agus faghairt ina súile..” 117 c.f. Mion na Ciontachta Scrúdú ar stíl Ghearrscéalaíochta Mháirtín Uí Chadhain, le Declan Kiberd, Irisleabhar Mhá Nuad 1972, lch. 47. 32 macántacht, an mór is fiú, i saol príobháideach na gcarachtar féin agus i saol poiblí na ninstitiúidí. Crochann sé an greann go tamhaiste idir an áiféis agus an ainnise a thugann ha ócáidí is mó truamhéil slán ó maoithneachas.” 118 Litríocht idir dhá Thraidisiún, Litríocht an Díláithrithe I ndáiríre, is cultúr basctha, briste, measctha agus bacach, cultúr dúchais na hÉireann. Bíonn an dá chultúr i síorachrann le chéile agus ag an am céanna ag maireachtáil ar, agus á chothú, a chéile. Saghas caidrimh shiombóisigh shuntasaigh idir cultúr eachtrannach atá lonnaithe go buan daingean mar phríomhchreatlach chumarsáide shochaí an lae inniu agus seanchultúr díshealbhaithe, mar scáil nó smior i gcnámha na creatlaí nua a bhíonn de shíor ag tabhairt beatha agus fuinnimh don chultúr coitinn agus do litríocht ach go háirithe. Bíonn blas láidir an tseanchultúir le mothú i saothair scríbhneoirí an Bhéarla, amhail, Yeats, Kavanagh, Wilde, Shaw, Binchy, etc. ach ag am céanna mothaítear anáil an chultúir ghallda ar scríbhneoirí móra na Gaeilge freisin. Ach ní féidir éalú ón fhíric fhollasach, a thuig Máirtín Ó Díreáin 119 agus nár thuig Seán Ó Ríordáin120 nach bhfuil ceachtar den dá chultúr neamhspleách ná saor óna chéile as seo amach. Cé go dtosaíonn litríocht na deoraíochta i bhfad roimh theacht ar an saol shaothair Uí Chadhain nuair a thagann amach an chéad úrscéal nua-aimseartha sa Ghaeilge, ‘Deoraíocht’ le Pádraig Ó Conaire i 1910, d’fhéadfaí a rá, gan mórán leatroim a imirt ar údair eile, nach raibh iarracht á dhéanamh ag údair sa chéad leath den aois seo caite ar anáil an chultúir Ghallda a léiriú ina saothair féin, ach a mhalairt ar fad, bhíothas de shíor ag iarraidh éalú ón ‘Bhéarlachas’121, chomh fada agus arbh fhéidir leo. Ba pheaca mór marfach é ‘anáil an Bhéarla’ bheith le blaiseadh ar scríbhneoireacht na Gaeilge.122 Ach thug Cré na Cille cead ní amháin anáil an Bhéarla a admháil ach tairbhe a bhaint as i gcumadh agus i gcur i láthair an tsaothair féin, an ‘fhírinne’ theangeolaíoch shóisialta agus chultúrtha a cheiliúradh123 mar thaisce, in ionad na seantuisceana coimeádaí gurb aicíd dhochrach í an Béarla gur gá a sheachaint ar ais nó ar éigean. Ba é Máirtín Ó Direáin a bhí ina shiombail liteartha de ghlúin fhilí sa Tréimhse Réamh-Ríordánach agus ar cheann de na scríbhneoirí ba thraidisiúnta a bhí de shíor ag streachailt leis an ‘díláithriú’ cultúrtha sa tír. File cumasach ea ba Ó Direáin a bhí ag obair i mBaile Átha Cliath ach a fuair a inspioráid ealaíne, mar a thuig sé féin é, ó shaol a óige ar oileán mara. Chonaic sé é féin mar dheoraí i saol anaithnid, i gcultúr gallda agus an seanchultúr a thug beocht agus spreagadh dó ag dul i léig: cf. Nic Pháidín 1979, luaite ag Alan Titley in ‘An tÚrscéal Gaeilge’, BÁC, 1991, lch. 510 Dán de chuid an Díreánaigh ‘Mo Cheirdse’ a thugann le fios dúinn cén tuairim a bhí aige faoi chumadh filíochta agus é idir dhá chultúr. Ionannaíonn Ó Direáin é féin le hiascaire a bhíonn ar lorg éisc agus fiafraíonn an t-iascaire seo: “Cá ndeachaigh duán is baoite? Cá ndeachaigh dorú is slat? Is mo bhaisc éisc cár chaill, - Idir dhá chladach, Atáid na héisc uaim, Idir dhá chleacht, Mo dheis a chaill.” 120 Cé gurb é filíocht Uí Ríordáin a rinne an chéad chéim i dtabhairt le chéile an dá chultúir nuair a foilsíodh a chuasach réabhlóideach “Eireaball Spideoige” (1953), chúlaigh sé ón suíomh sin san fhilíocht a d’fhoilsigh sé sna seascaidí, c.f. ‘Fill Arís’ 121 D’fhoilsigh Seán Mac Maoláin paimfléad i 1958 - ‘Lorg an Bhéarla’ i gcomhar scríbhneoirí Galltachta a bheadh ag scríobh i nGaeilge mar chúnamh dóibh chun droch-anáil an Bhéarla a sheachaint ina gcuid oibre. 122 Ba é seo an cáineadh ba mhó a rinneadh ar shaothair scríbhneoirí lasmuigh den Ghaeltacht nár fíorGhaeilge a bhí á scríobh acu, agus ba chuma cé chomh cumasach is a bhí na húdair sin, Críostóir Ó Floinn agus Seán Ó Ríordáin ina measc, c.f.’Filíocht Sheáin Uí Ríordáin’ irisleabhar ‘Feasta’ (Márta 1953) lch. 17 – 19., 123 Is minic tríd an úrscéal go mbaineann a Cadhnach úsáid as an mBéarla nó an Fhraincis chun aidhmeanna ealaíne a chur i gcrích agus ní leasc leis intriachtaí mar ‘smashing, How thrilling!, Honest a scaipeadh tríd an chaint, m. shampla, lch 302 “Upon my word! Tá mé shocked! Cé a cheapfadh go deo é faoi Jeaic!” 118 119 33 Deireadh Ré Fir na scéal mo léan! Is an bás dá leagadh, Mná na seál dá leanacht Is mise fós ar marthain, I measc na bplód gan ainm, Gan ‘Cé dhár díobh é’ ar a mbéal Ná fios mo shloinne acu. Ní háil liom feasta dar m’anam! Dáimh a bhrú ar chlocha glasa, Ní fáilteach romham an charraig, Mé ar thóir m’óige ar bealach, Mé im ‘Oisín ar an crága, Is fós ar fud an chladaigh, Me ag caoineadh slua na marbh. Is traidisiún é seo a mhaireann suas go dtí an lá inniu mar théama i saothair fhilí áirithe na nGaeltachtaí. Ionannaíonn Cathal Ó Searcaigh le dearcadh agus mothúcháin na deoraíochta seo ina lán dá dhánta féin. I ndán amháin dar teideal ‘Máirtín Ó Direáin’, molann Ó Searcaigh oidhreacht an fhile shinsearaigh agus luann sé eochairfhocail lena cháil, focail mar fhuascailteoir, éirí amach, dhaorsmacht, shaoránaigh, chearta agus phoblacht – focail iad atá luchtaithe ar fad maidir le stair mhuintir na hÉireann agus focail iad fosta a dhúisíonn go mion minic maoithneachas agus an tírghrá ach go háirithe: Máirtin Ó Díreáin Is tusa fuascailteoir a ghríosaigh is a threoraigh le do theacht éirí amach na bhfocal As daigne díchuimhne shaoraigh tú iad ó dhaorsmacht le heochair d’inchinne Saoránaigh iad anois, a bhfuil a gcearta acu go beacht i bpoblacht do dháin. 124 Litríocht Ard-Réime v Litríocht na nDaoine Bhí dhá chur chuige shuntasacha le tabhairt faoi deara ag teacht chun cinn sa dara leath den fhichiú haois maidir leis an sórt Gaeilge bá chóir a úsáid i scríobh na litríochta. Bhí grúpa amháin de scríbhneoirí a dhiúltaigh go glan seasmhach géilleadh do thionchar an Bhéarla, scríbhneoirí amhail: Breandán Ó hEithir (1930 – 1990), Eoghain Ó Tuairisc (1919 – 1982), Diarmaid Ó Súilleabháin (1932- 1985) Pádraic Breathnach (1942-), Siobhán Ní Shúilleabháin, Ciarán Ó Coigligh, agus Alan Titley. Maidir le Titley, dhearbhaigh an léirmheastóir, Seán Ó Tuama go: “…scríobhann Alan Titley ar chuma a d’aiteodh ort nach ndeachaigh aon trá riamh ar fhorbairt na Gaeilge, agus go raibh cúpla milliún léitheoir aige a bhí seanoilte dá réir sin ar na ciútaí uile foclaíochta is machnaimh atá ag iomlasc go mearbhallach meidhreach ar fud a chuid scríbhneoireachta.”125 124 125 cf. ‘Ag Tnúth leis an tSolas’ le Cathal Ó Searcaigh, Cló Iar-Chonnachta Teo. 2000, lch 158 ‘An Domhan a Chruthaigh Titley’ alt le Seán Ó Tuama in Comhar (Nollaig 1987), lch.17. 34 Thóg Titley an criticeas seo ar bord nuair a chuaigh sé i mbun a ollsaothair léirmheastóireachta: ‘An tÚrscéal Gaeilge’. Seo mar a scríobh Titley faoina úrscéal féin ‘Méirscrí na Treibhe’ a tháinig amach i 1978: “Ní mheáim nach bhfuil an ceart ag na léirmheastóirí a dúirt go raibh an friotal ann róchasta, róthiubh, róthachtaithe chun go bhféadfaí aon taitneamh cóir a bhaint as, ach bhí mé ag iarraidh cuid den sclogadh is den rabairne sin a bhain leis an áit is leis an gcultúr a raibh mé go domhain ann a chur in iúl, is nach bhfuil a amhlachas le fáil in aon ní a bhfuil taithí againn san Eoraip air.”126 D’fhéadfaí ‘nuálaí coinbhinsiúnach’ a thabhairt ar Eoghan Ó Tuairisc (1919 – 1982) mar cé gurbh é a rinne an chéad úrscéal staire nua-aoiseach sa Ghaeilge i 1962 le foilsiú ‘L’Attaque’ faoi Éirí Amach 1798, níl aon bhlas den chultúr Gallda sa tír le blaiseadh sa téacs féin. Tosaíonn an scéal le Máirtín Caomhánach ag carnadh móna le cúnamh a mhná céile nua-phósta. Tá a mbothán suite ar an mhoing agus saol crua gan mórán acmhainne saoil ag feitheamh leo nuair a thagann marcach ina dtreo le teachtaireacht go bhfuil fórsaí na bhFrancach tagtha go Cill Ala. Is leasc le Máirtín a phíce a thógáil anuas, a bhean óg Sadhbh, an saol a bhí roimhe a fhágáil agus a aghaidh a thabhairt ar chogadh. Déanann Ó Tuairisc cur síos lom cumasach ar an mháirseáil thubaisteach a bhí le déanamh ag dream a bhí go haineolach ar fad ar chúrsaí saighdiúireachta ó Bhéal Átha an Fheá go dtí Caisleán an Bharraigh agus ar bhás tragóideach Mháirtín féin. Gaeilge shaibhir ard-réimeach thraidisiúnta atá san úrscéal seo ach is imeacht nuálaíoch é freisin. “Ceannródaíocht dhána fhorchéimniúil thraidisiúnta dhúchais nua-aimseartha ba ea ‘L’Attaque’ mar fhiontar liteartha ach chuaigh saibhreas na n-iliomad snáth in achrann na miontuisceana a bhí ag iarraidh é a thabhairt chun a cló socair féin ar ais.”127 Bhí Ó Tuairisc ag obair ar úrscéal dar teideal ‘Dé Luain’ i 1965 nuair a fuair a bhean chéile, Una McDonnell bás agus ghoill a himeacht go mór ar an scríbhneoir. Níor tháinig aon rud eile uaidh go ceann tamaill fhada. De dheasca bhás a mhná tá mothú den neamhiomláine ag baint leis an dara saothar mór a tháinig uaidh128. In ‘Dé Luain’ déanann Ó Tuairisc cur síos ar 24 huaire roimh léamh an Fhorógra ag Éirí Amach na Cásca i 1916. Soláthraíonn Ó Tuairisc monalóg inmheánach dá phríomhcharachtair mar modus narrandi sa leabhar chun meon, scrupaill, anbhá agus éifeacht an úrscéil a chur i gcrích. Léirítear laigí agus éiginnteacht aidhmeanna na bpearsan mar aon lena ndeacrachtaí pearsanta ar bhealach réalaíoch, inchreidte áititheach. Nochtar na ‘laochra’ mar dhaoine coitianta i gcúinsí staire a bhí thar bheith neamhchoitianta. Tar éis blianta fada den dúlagar trom agus den éadóchas treascrach, bhuail Eoghan Ó Tuairisc faoi dheireadh leis an scríbhneoir Rita Kelly (1953 -). Pósadh iad i 1972 agus chuaigh chun cónaí i dteach loca ar an Bhearbha in aice le contae Cheatharlach. Sa dara tréimhse dá shaol liteartha, d’athraigh stíl agus coinbhinsiúnachas an údair amach is amach. D’fhoilsigh Ó Tuairisc ‘An Lomnochtán’ i 1977; úrscéal de chineál nua ea ba é a léirigh smaointe an phríomhcharactair i nGaeilge ‘neamhfhoirfe’ na cathrach. San úrscéal seo, taispeántar agus scrúdaítear úsáid na Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht. Bíonn an teanga féin faoi anailís ag an údar agus í curtha ina ‘An tÚrscéal Gaeilge’ le Alan Titley, BÁC, 1991, lch.59 ‘An tÚrscéal Gaeilge’ le Alan Titley, BÁC, 1991, lch.403 128 cf. Máirín Nic Eoin, ‘The Cambridge History of Irish Literature’ Volume II 1890 –2000, lch.290 126 127 35 comhthéacs nua-aoiseach mar chomhartha d’aicme shóisialta áirithe agus d’oideachas an chainteora. Tá eilimintí den dírbheathaisnéis le mothú go láidir tríd síos agus láithreachas neamhchoitianta don aimsir inar scríobhadh é. Bhain foilsiú an tsaothair seo geit as léirmheastóirí agus léitheoirí araon. Sa bhliain 1981, tháinig cnuasach filíochta dá chuid amach ‘Dialann sa Díseart’, obair chomhpháirteach lena bhean chéile a bhí ann, agus dráma inar léiríodh anáil an Phiarsaigh ar a ghlúin féin. Údar eile a bhain úsáid fhorleathan as an mhonalóg inmheánach ea ba Diarmaid Ó Súilleabháin (1932 - 1985). Tá a úrscéal ‘Dianmhuilte Dé’(1964) suite i leithinis Bhéarra i gContae Chorcaí agus taiscéaltar náisiúnachas teasaí an phríomhcharachtair, Ceilpí le linn Chogadh na Saoirse (1919 –1921). Má tá easpa amháin ar an leabhar seo is é an easpa leanúnachais i gcarachtracht laoch an chuntais, Ceilpí, a imíonn as an scéal ar feadh scaití fada agus nuair a thagann ar ais, a mbíonn athruithe suntasacha móra tagtha air gan mhíniú ná cúiseanna intuigthe leo: “Cé gur fíor gur carachtar mór é Ceilpí, ‘Scafaire fir’… céadabairt an scéail, is geall le broc buanríogach na féachaintí a fhaighimid air. Tá sé linn chomh feolmhar iltoiseach ar feadh tamaill den tslí, ach go háirithe i dtús an scéil, ach imíonn sé as rí-mhinic ar ais i bpoll folaigh de chuid ceapadóireacht an údair; nó mar a tharlaíonn idir an chéad an dara cuid den leabhar, téann sé as radharc ar fad ar chuma go mba dhóigh leat gur fhág an scríbhneoir sleachta fada dá scéal sa chiseán bruscair. Nuair a dhéanann sé athbheochan air ina dhiaidh sin is cosúil le hiarlais é a chuir na sióga Súilleabhánacha ina áit fad is a bhí sé ar theitheadh i ngan fhios don intinn fhuar chumadóireachta.” 129 Tá an scéal curtha inár láthair ar bhealach traidisiúnta go leor agus is frithchaitheamh é ar an deighilt mhór idir aicmí éagsúla sa tír faoin am. Nuair a phósann Ceilpí Peig, ní fada gur léir an difríocht mhór atá eatarthu maidir le meon agus a gcúlráid shóisialta. Ní mór do Cheilpí teitheadh as an ceantar nuair a shamhlaítear dó gur mharaigh sé báille i ngriolsa. Blianta fada ina dhiaidh sin nuair a fhilleann sé abhaile agus a chlann tógtha suas dó ag Peig, éiríonn coimhlint dhosheachanta idir Peig agus Ceilpí ata stiúradh a gclann mhac i dtreo an náisiúnachais mhíleata. In ‘Caoin Tú Féin’ (1967) léiríonn Ó Súilleabháin dúinn fear meánaosta atá ina mhúinteoir i mbaile beag tuaithe in oirdheisceart Chúige Laighean. Má scrúdaíonn Ó Súilleabháin an deighilt chultúrtha, aicmeach agus shóisialta sa chaidreamh idir na carachtair in Dianmhuilte Dé, díríonn sé a aire cumadóireachta ar an deighilt inmheánach sa phríomhcharachtar féin, Ian Ó Murchú, in ‘Caoin Tú Féin’. Is duine atá stoite amach óna phobal féin, Ian Ó Murchú, duine atá caillte i dteoiricí na n-údar idirnáisiúnta atá léite aige. Fear a chaill a raibh fiúntach aige, i ndáiríre; a bhean, Bea agus a chlann. Is coimhthíoch anois é sa tsochaí ina bhfuil sé, b’fhéidir ar nós an charachtair, Meursault as an úrscéal ‘l’Étranger’ de chuid Albert Camus. Ach cur i gcéill agus easpa dáiríreachta atá mar phríomhthréithe in Ian Ó Murchú. Mothaítear nach bhfuil ach smeareolas agus tuiscint intleachtach amháin ag Ó Murchú agus a chairde cabaireachta. Bíonn tagairtí do Dharwin, Kierkegaard, Nietzsche agus a lán eile á bplé ag Ó Murchú agus ag a chompánaigh óil chun cur lena bhfiúntas féin nó chun óinseacha éaganta an bhaile a mhealladh. Ach is léir don léitheoir ó thús nach ndeachaigh agus nach rachaidh choíche aon tuairim dá gcuid níos faide ná cúis ábhar cainte foilmhe. 129 ‘An tÚrscéal Gaeilge’ le Alan Titley, BÁC, 1991, lch.360 36 Tá eilimintí den úrscéal ‘Ulysses’ le James Joyce le sonrú sa tríú mórshaothar ó pheann an tSúilleabhánaigh ‘An Uain Bheo’(1968). San úrscéal seo, feictear ní amháin fadhbanna sóisialta agus ceisteanna faoin fhéiniúlacht á bhforbairt ag Ó Súilleabháin ach tugtar isteach eilimintí den dírbheathaisnéis i bhfoirm an charachtair darb ainm Darach, a bhí fearacht an t-údar féin bainteach leis na Sealadaigh agus a chaith tamall i bpríosún de bharr a idéal polaitiúil. Amhail Bloom in ‘Ulysses’, is Giúdach díláithrithe é Louis Stein, príomhcharachtair an chuntais. Ní féidir le Louis aireachtáil go compordach i measc cúraimí buirgéiseacha na sochaí móire ina thimpeall. Iniúchann an t-úrscéal caidreamh Louis Stein le scothaicme na cathrach lena n-éadaí faiseanta faoi lipéid dhearthóirí cáiliúla, agus a gcuid carranna galánta, a gcapaill agus a gcomhrá síoraí ar an ardlitríocht. Mar Bloom, bíonn Louis Stein á lorg féin ina thaithí shaolta laethúil agus amhail Bloom freisin, is turas inmheánach síoraí é a thugann léargas dó ar an domhan comhaimseartha atá ina thimpeall, domhan nach bhfuil sé in ann i gcónaí ionannú leis ach domhan, mar sin féin, as a n-eascraíonn beatha, tuiscint agus dóchas éigin dó ó am go chéile. Is ionsaí fíochmhar polaitiúil é Maeldún (1972) ar an statis quo sa tír. Díríonn Ó Súilleabháin a ghlór searbhasach binbeach ar an ábharachas saolta, ar an éilít nua pholaitiúil ata tagtha chun cinn agus atá faoi draíocht ag an “…Bladar flóiríní, scillingí, pinginí agus leathphinginí nua…”130. Is déistineach leis an Súilleabhánach “na fir hurdígurdí; na fir ‘mhóra’ ón gceannchathair; na fir a fuair leidíní luachmara Stoic mí roimh ré; na Pleanálaithe Áitiúla ‘trí mheán na Gaeilge’…”131 . Léirítear meoin agus tuairimí an údair trí na carachtair thábhachtacha i gcaitheamh an úrscéil seo – Rónán, Súilí agus an Mairnéalach. Is trí shúile Rónáin a fheicimid iompar agus meoin lucht an rachmais a thagann anuas ar Bhailethaca, ionad saoire ficseanúil ar chósta iarthair na tíre ina dtarlaíonn eachtraí an chuntais go léir. An gliúcaí nó voyeur, Súilí a bhíonn ag sleamhnú is ag fánaíocht thart an samhradh ar fad i gclós páirceála na gcarbhán agus ar fud an cheantair chun speiceáil a dhéanamh ar an aos óg. Agus duine i mbun trasfhoirmithe atá i gcarachtar an mhairnéalaigh; pearsantacht theibí atá ann agus é ag imeacht ó shaol corpartha go saol neamhchorpartha. Úsáideann Ó Súilleabháin na carachtair seo go léir chun gnéithe éagsúla den suíomh i mBailethaca a léiriú don léitheoir. Is é Rónán guth an údair intuigthe, Súilí – spiorad leamh féimhithe mímhorálta na haoise nua agus oibríonn guth an mhairnéalaigh mar bhreitheamh oibiachtúil neamhfhéinchúiseach ón taobh amuigh den saol fisiciúil. Feicimid arís tionchar shaothar Uí Chadhain nuair a thagann cnuasach de ghearrscéalta Uí Shúilleabháin amach i 1971. Sna gearrscéalta seo ní chuirtear mórán béime ar struchtúr clasaiceach an úrscéil thraidisiúnta. Déantar beagbheann ar phlota, agus baintear úsáid fhorleathan as siombalachas impriseanaíoch. Is minic gur trasfhoirmiú nó claochlú de shaghas éigin a bhíonn i lár báire ag an Súilleabhánach. B’fhéidir gurb é a úrscéal ‘Aistear’(1982) caithréim liteartha na húrscéalaíochta maidir le saothair uile Uí Shúilleabháin. In ‘Aistear’, is é aga an bháis, nó an nóiméad idir beatha agus bás téama an úrscéil ó thús deiridh. Má tá carachtair Chré na Cille marbh agus adhlactha, tá pearsana úrscéil Uí Shúilleabháin ar tí bás a fháil nó ar thairseach na síoraíochta. 130 131 Maeldún Sairséal agus Dill, BÁC, 1972, lch, 23 Idem. 37 Maidir le saothair Uí Shúilleabháin i gcoitinne, is féidir a rá go ndearna sé forbairt dhearfa ar nuálaíochtaí liteartha Uí Chadhain: an oidhreacht fola, nasc an duine lena thalamh dúchais, díomá agus anbhuain i leith nádúir an duine choitinn, an náisiúnachas réabhlóideach mar aon le hilghuthachas na hinste i bhfabraic an chuntais féin. Is é an fhadhb is mó a bhaineann le saothar scríbhneoirí mar Ó Shúilleabháin mar a deir Seán Ó Tuama maidir le Diarmaid Ó Súilleabháin “[he] has been the most dedicated writer of novels in recent times. His untraditional use of Irish and his experimental modes of narration make him also, one suspects, our most unread novelist of recent times.” D’fhéadfaí a rá gur féidir an breithiúnas seo a chur i léith lán údar eile i gcatagóir na hArdréime; úrscéalta de chuid Uí Chadhain, Alan Titley, Chiaráin Uí Choigligh, Shéamuis Mhic Annaidh, Dháibhí Uí Chróinín, agus eile. San úrscéal le Ciarán Ó Coigligh ‘Slán le Luimneach’(1998) ina ndéantar cur síos ar thaithí dhuine amháin agus ar an saol atá ina thimpeall ina cheantar dúchais i gContae Luimnigh ní fheicfear aon ghéilleadh don Bhéarlachas ach oiread ná don saol mar atá. Úsáideann Ó Coigligh fiú na hainmneacha Gaeilge do na sráideanna Luimnigh agus cuireann sé a chuid carachtar i dtimpeallacht nach bhfuil smid den Bhéarla le blaiseadh ann. Is fiú Pádraic Breatnach (1942-) a lua mar mháistir ar genre an ghearrscéil. Tháinig sraith de ghearrscéalta uaidh ó na seachtóidí amach: ‘Bean Aonair agus Scéalta Eile (1974), ‘Buicéad Poitín agus Scéalta eile’ (19780, ‘An Lánúin agus Scéalta eile’ (1979), ‘Ar na Tamhnacha’ (1987), ‘Iosla agus Scéalta eile’ (1992). Is breá leis an Breatnach díriú isteach ar na carachtair ina chuid scéalta agus tá eilimint de stíl Chekov le blaiseadh i gcuid mhaith acu. Éiríonn leis teannas, beocht agus drámatacht a chothú le gontacht na hinste cur i láthair dinimiciúil. Liam Prút (1940) Aistristheoir agus múinteoir as Tiobraid d’Árainn is ea Liam Prút a bhfuil mórán filíochta scríofa aige132 ach is mar scríbhneoir próis a bhfuil cáil agus clú ar an údar seo mar shíceolaí fealsúnachta ar ceisteanna a bhaineann leis na teorainneacha idir an ‘féin’ agus an ‘eileacht’. In ‘Désirée’ (1989) scrúdaíonn Prút cad a tharlaíonn nuair a thiteann ballaí teorann an ‘fhéin’ anuas agus an duine ar thóir na heileachta agus conas a eascraíonn an féin-cuardach i ndáiríre as an tóraíocht sin. Is ábhar gruama tromchroích prós an údair seo a chuireann na domhain is dorcha de shaothar Uí Chadhain i gcuimhne dúinn. Tá ‘Désirée’ fréamhaithe i seantraidisiún na tóraíochta agus bhuaigh an leabhar duais an Oireachtais i 1988. Thaitin an t-úrscéal ‘An Leanbh sa Lamborghini’ (1996), go mór le hAlan Titley a deir ar chúl an leabhair gur saothar é ‘a bhfuil cló agus séala na healaíne ar gach leathanach de’. Más fíor sin, níl dabht ar bith gurb é ‘Geineasas’ (1990) atá ina shaothar is láidre agus is léirsteanaí ar aigne agus shaol an duine éagumasaigh a scríobhadh i mBéarla ná i nGaeilge in Éirinn ar feadh na haoise seo caite. Úrscéal gairid é ‘Geineasas’ ina ndéantar cur síos ar dhuine a rugadh gan teanga, gan lúth cos ná lámh. Is éachtach an tuiscint agus an ionbhá a 132 cf. ‘Fíon as Seithí Óir’ (1972), ‘Asail’ (1982), An Dá Scór’(1984), agus an ‘An Giotár Meisce’(1988) 38 chruthaítear san úrscéal seo idir an príomhcharachtar agus an leitheoir trí úsáid loime na teanga agus trí mháistreacht stíle an údair chumasaigh seo. Pádraig Ó Cíobháin (1951- ) Baineann Pádraig Ó Cíobháin go mór le traidisiún liteartha Uí Chadhain lena chúram dúghafa le teanga agus ciall aistreach an fhocail i mbéal an duine. Úsáideann Ó Cíobháin stíl shoiléir réalaíoch mar atá le sonrú sa chnuasach dá ghearrscéalta ‘Le Gealaigh’ (1991) agus ina chéad úrscéal: ‘An Gealas i lár na Léithe’ (1992). Tá teanga na saothar seo ag cur thar maoil le nathanna bríomhara, agus le caint nádúrtha mhuintir na Gaeltachta ar bhealach atá thar bheith inléite agus beoga. Rinne Ó Cíobháin fairsingiú mór ar réimse tagartha a shaothair nuair a foilsíodh an t-úrscéal ‘Desiderius a dó’ i 1995, mar cé go bhfuil carachtair agus suímh scéalta ‘Le Gealaigh’ agus a úrscéil ‘An Gealas i Lár na Léithe’ lonnaithe ina cheantar dúchais i gCorca Dhuibhne, tagann blas misniúil fairsingithe iltíreach chun blátha niamhraigh in ‘Desiderius a dó’. San úrscéal ‘Cadhnach’133 seo atá roinnte ina dhá 'eipeasóid' le hidirlinn ghairid mar nasc idir an dá eipeasóid sin, is léir go bhfuil aire Uí Chíobháin dírithe ar cheisteanna agus go dteastaíonn uaidh fadhbanna ionannais agus muintearais a iniúchadh trí thagairtí sainiúla d’eispéiris amhlaidh ó litríochtaí iasachta theangacha eile trí mheán sruthanna comhfheasa monalóg fadaithe. Drámaíocht sa Dara leath den Fhichiú hAois Cé go raibh neart drámaíochta amaitéaraí ar siúl sna Gaeltachtaí agus i hallaí paróiste na tíre sna caogaidí agus ar aghaidh, is fíor nár éirigh leis na scríbhneoirí a ndóthain de lucht féachana a thaobhú chun ionad buan drámaíochta dá gcuid féin a bhaint amach sa phríomhchathair. Ba é An Comhar Drámaíochta134 a chuir tús le ré nua i gcúrsaí drámaíochta Gaeilge sa tír. Bhí Earnán de Blaghd (i. Earnest Blythe 1889 – 1975) a bhí ina bhainisteoir ar Amharclann na Mainistreach idir na blianta 1941 – 1967 a rinne iarracht ar lucht féachana nua a mhealladh chuig an drámaíocht i nGaeilge le stáitsiú geamaireachtaí go bliantúil don aos óg agus drámaí beaga Gaeilge aon-ghnímh roimh phríomhdhrámaí fógartha na hAmharclainne. Tháinig An Compántas Amharclainne ar an saol i 1944 agus ba é Tomás Mac Anna135 a thuig gur gá modhanna nua amharclainne a chur i bhfeidhm chun lucht féachana a mhealladh chuig seónna drámaíochta i nGaeilge. Bhain Mac Anna úsáid fhorleathan as teicnící amharclannach ilghnéitheacha amhail ceol, damhsa, feisteas agus imeartais stáitse 133 Is ciútaí cosúla a úsáideann Ó Cadhain go cruthaíoch in Cré na Cille ná an scéal a bhriseadh suas in eipeasóidí agus guthaítear an sruth chomhfheasa smaoinimh i monalóga fada Chaitríona Pháidín. 134 Cuireadh An Comhar Drámaíochta ar bun i 1923 chun drámaí i nGaeilge a chur chun cinn i mBaile Átha Cliath agus chun gluaiseacht na drámaíochta Gaeilge a chomhordú ar fud na tíre. Ba é Gearóid Ó Lochlainn a bhí ina chéad léitheoir don Chomhar agus stáitsigh seisean idir aistriúcháin ó Bhéarla agus dhrámaí nua Gaeilge i gcaitheamh na bhfichidí. Aistríodh an Comhar Drámaíochta ón Gate go dtí ‘An Phéacóg’ i dtosach na dtríochaidí ach bhí sé d’aidhm fós ag ceannródaithe mar Phiaras Béaslaí agus Mhicheál Mac Liammóir, drámaí Gaeilge bheith ar siúl acu go rialta ann. I 1942 chuaigh an Comhar Drámaíochta faoi phátrúnacht Ernest Blythe, a bhí ina stiúrthóir ar Amharclann na Mainistreach faoin am sin. Ón uair ar chaill An Comhar Drámaíochta a neamhspleáchas ealaíne, tháinig laghdú agus meath ar a éifeacht agus cuireadh deireadh leis an fhiontar óg drámaíochta sa bhliain 1942. 135 Rugadh Tomás Mac Anna i 1926 i nDún Dealgáin agus chaith sé tamall mar oifigeach custaim (1945 – 1947). Drámadóir turgnamhach cruthaitheach a scríobh drámaí i mBéarla agus i nGaeilge ea ba Mac Anna agus ba eiseana bhí ar cheann de na scríbhneoirí a scríobh agus a léirigh na geamaireachtaí na Nollag d’Amharclann na Mainistreach sna caogaidí agus seascaidí. 39 An Meitificsean (1980 Cad is Meitificsean ann? Freagraíonn Máirín Nic Eoin an cheist sin ina halt ‘Ag Taisteal gan Mhapaí’136 nuair a deir sí gur ‘..mar gheall ar ‘Cuaifeach mo Londubh Buí’ a thuigeann léitheoirí na Gaeilge go beacht anois cad is meitificsean ann.” Is cinnte go bhfuil an ceart go huile agus go hiomlán ag Nic Eoin nuair dhearbhaíonn sí “gur mhúin an saothar féin dúinn conas é a léamh.”137 Ach is féidir na pointí coitinne thíos a thairiscint mar threoir, gan cúnamh ar bith ó shaothar Mhic Annaidh, don té a bheadh ag iarraidh dul i ngleic leis an genre rúnda neamhghnách seo. easpa tagrachta don saol réalaíoch – (Ní bheadh a fhios ag an léitheoir cá dtarlaíonn eachtraí an scéil. Bíonn féin-thagracht agus toise fáthchiallach le go minic le sonrú sa mheitificsean.) easpa réalachais chlasaicigh – (Go minic cruthaítear réaltacht fhíorúil dá sórt agus ní dhéantar iarracht ar bith ficseanúlacht an tsaothair a cheilt.) easpa cúisiúlachta – (Ní bhíonn aon leanúnachas loighciúil i bhforbairt an scéil de ghnáth. Is féidir le rudaí tarlú gan aon chúis ná chiall a bheith leo.) easpa dóchúlachta – (Tarlaíonn rudaí nach féidir tarlú.) easpa soiléire – (Ní bhíonn ‘trédhearcacht urlabhraíoch’ sa scéal – ciallaíonn sin gur minic gur féidir leis an teanga í féin bheith ina príomhchúram sa saothar, in ionad oibriú na cumarsáide trédhearcaí.) Baineann na heasnaimh sin go léir atá luaite thuas le saothair údar an mheitificsin i gcoitinne. ‘S éard atá san alt gearr seo ar an fhicsean neamhréalach, ná sciuird timpeall dornán de shaothair údar áirithe; saothair Mhichíl Uí Chonghaile, Dhaithí Uí Mhuirí, Lorcáin Uí Threasigh, Dhara Uí Chonaola agus Dháibhí Uí Chróinín agus iad a thabhairt faoi spotsolas anailíse gairide. Micheál Ó Conghaile Cé gur scríobh Micheál Ó Conghaile a dhóthain de shaothair an réalachais, i. scéalta a bhí lonnaithe i saol laethúil inaitheanta léitheora ar bith138, is fíor freisin gur tháinig oiread áirithe de shaothair uaidh nárbh fhéidir ach meitificsean nó ficsean draíochta a thabhairt orthu. D’fhoilsigh Ó Conghaile dhá chnuasach de ghearrscéalta meitificseanúla: ‘An Fear a Phléasc’ agus ‘An Fear nach ndéanann Gáire’. Sna chnuasaigh seo faightear eiseamláirí de na gearrscéalta is neamhréalaí agus is aistí a scríobhadh riamh i dteanga na Gaeilge: scéal faoi bheirt fhear ag comhrá faoi fhear eile a phléasc agus codanna de scaipthe ar fud na cathrach; scéal faoi fhear a réitíonn ar an chuid a bhfuil fágtha dá shaol a chaitheamh i leithreas a thí mar ‘ní fhaigheann daoine bás i leithris’; scéal ina gcloisimid ó dhuine nár saolaíodh fós; scéal faoi fhear atá ar deighilt óna scáil féin; scéal faoi fhear ar a dtosaíonn fear eile bheith ag ithe agus é ar a shlí abhaile ón siopa. 136 cf. An Prós Comhaimseartha , Léachtaí Cholm Cille XXXVI, lch. 101 idem. lch. 101 138 cf ‘Mac an tsagairt’ (1986) & ‘Sna Fir’(1999) 137 40 An deacracht atá le neamhréalachas Uí Chonghaile dar liomsa is ea an easpa grinn, agus an easnamh iomlán de shos faoisimh in insint an scéil. Mothaítear tríd síos atmaisféar tromluíoch na saothar uile faoi mar a bheadh an t-údar ag iarraidh an imní agus an éiginnteacht a ghríosú i gcroí an léitheora le íomhánna uafara ó réigiúin íochtair a neamhchomhfheasa. Daithí Ó Muirí Arís, maidir le Daithí Ó Muirí, bíonn muid ag taisteal i gcríocha anaithnide diamhra gan talamh slán ar bith le fáil faoinár gcosa. Ní bheadh a fhios ag an léitheoir cá mbeadh eachtraí na scéalta ag titim amach ina chnuasach ‘Seacht Lá na Díleann’ a tháinig amach i 1998. Má aithnítear difríocht idir saothair mheitificseanúla agus saothair den fhicsean draíochta, baineann scéalta Uí Mhuirí leis an dara campa, ar ndóigh. Tá toise fabhalscéalaíochta ag baint le formhór na scéalta sa chnuasach seo. San léirmheas cuimsitheach a rinne Antain Mac Lochlainn ar na scéalta seo139 nochtann sé ‘truailliú agus milleadh an phlainéid’ mar theachtaireacht fháthchiallach an teideal-scéil agus ionannaíonn Máirín Nic Eoin tagairt sa scéal céanna do streachailt an duine de dheasca ‘cúinsí seachtracha’ taobh amuigh dá smacht mar a tharla tar éis ‘mhórthragóid an tsunami.’140 Sa scéal ‘Deich Nóiméad chun a Deich’ as an chnuasach céanna measctar an réalachas agus an neamhréalachas lena chéile. Léirítear fear agus bean nár chodail lena chéile tar éis oíche ólacháin agus iad ag ól tae as mugaí go míchompordach ó tá an dúil chollaí tráite. Tá dearadh d’éin ar thaobhanna na mugaí as a mbíonn siad ag ól. Ansin tugann Ó Muirí toise neamhréalach isteach nuair théann siad ina dhiaidh a cheile isteach chun urlacan a dhéanamh sa leithreas agus caitheann siad amach as a mbéal na héin úd a bhí ar na mugaí ‘idir chleití agus chnámha’. Tá dhá chnuasach eile gur féidir a lua anseo freisin ‘Uaigheanna agus Scéalta eile’ agus Cogaí. Sa chéad chéad chnuasach, tá na scéalta roinnte ina cheithre chuid: (1) Uaigheanna; (2) Suíocháin, (3) Litreacha, (4) Scéalta. Tá atmaisféar faoi leith ag baint le gach roinn díobh: ó scéalta aisteacha gruama faoi uaigheanna go dtí cuntais spraíúla eachtraíochta i scéalta deiridh an tsaothair. Sa chnuasach ‘Cogaí’ bíonn téama gach scéil ag tagairt do choimhlint nó do chaidreamh achrannach éigin. Tá cúpla ceann de na scéalta atá, maidir lena n-ábhar gránna, go fuafar ar fad ach ní bhaineann sin dá n-éifeacht ná d’ealaín oilte an údair. Sa scéal Cosaint, mar shampla, iarrtar ar an léitheoir bheith comhpháirteach i ngníomh déistineach an scéil141: “Ag an bpointe seo ba mhaith liomsa – an scríbhneoir – labhairt leatsa – an léitheoir. Níl sé i gceist agam aon chur síos a dhéanamh ar an mbail a cuireadh ar na conablaigh agus ar na coirp sin. Ba mhaith liom go mbainfeá úsáid as do shamhlaíocht féin. Tá cúnamh ar fáil duit. Sna siopaí feicfidh tú irisí faoi dhúnmharfóirí agus a modhanna dúnmharaithe, tá leabhair faoi chéasadh sa stair, cur síos ar na fearais, na baill choirp, agus mar sin de. Agus, ar ndóigh, tá na scannáin ann, gheobhaidh tú iad ar fístéip mura bhfuil siad á dtaispeáint sna pictiúrlanna. Ach ní leor aithris ar a bhfuil ar fáil duit ansin. Ma chuireann do chuid taighde olc ort, ní mór duit an t-olc sin a shárú, agus an sárú a shárú arís go mbeadh olc thar olc ort. 139 cf. Comhar Deireadh Fomhair 23/ lch. 4 Léirmheas ar Seacht Lá na Díleann, le hAntain Mac Lochlainn cf. An Prós Comhaimseartha , Léachtaí Cholm Cille XXXVI, lch. 107 141 Táthar ar tí céad beithíoch agus céad duine a mharú agus na coirp a threascairt ar bhealach ainnis ainriochtach chun scéin agus uafás a chur ar a namhaid. Iarrann an t-údar intuigthe ar lucht léite an leabhair taighde dá gcuid féin a dhéanamh chun ‘cabhrú leis’ an beart a chur i gcrích - Cogaí le Daithí Ó Muirí, Cló Iar-Chonnachta, 2002. lgh. 87 -88 140 41 Thíos faoi seo tá spás bán. Ba mhaith liom go scríobhfá an céasadh a shamhlaigh tú ansin, nó pictiúr a tharraingt, sula leanfaidh tú leis an léamh, má bhíonn an fonn sin fós ort.” Ciallaíonn an sliocht thuas nach neamhghníomhach ról an léitheora ach gur rud gníomhach an breathnú féin, gur cuid den chruthaíocht an tomhaltóir mar gan an léitheoir níl aon fhiúntas ná bheatha sa téacs atá ann. Lorcán Ó Treasaigh Bíonn an locht céanna ar shaothar meitificseanúil Uí Threasaigh mar a bhíonn ar an chur chuige a fheicimid i saothair neamhréalacha Uí Chonghaile – is é sin an easpa grinn nó an easnamh den éadroime sa chaidreamh idir an téacs agus an léitheoir. Fearacht Ó Conghaile, is féidir le Ó Treasaigh saothair réalacha den chéad scoth a chur ar fáil más mian leis142 ach sa chnuasach ‘Sracfhéachaint’(1986), cnuasach de ghearrscéalta ina soláthraítear ‘sracfhéachaintí’ carachtar éagsúil agus iad i ngleic le cuimhní ar a dtimpeallacht, ar a gcomhluadar, ar dhlúthchaidrimh de gach cineál agus ar an uaigneas duairc a leanann na cuimhní sin, ní fhaightear aon ghíoc de sholas ná de dhóchas ná den fhaoiseamh féin. Caithfidh mé a rá nach scéalta iad (más scéalta gur féidir a thabhairt orthu) a fhanann i mo chuimhne tar éis dom iad a léamh, má thuigim iad sa chéad áit. In ‘Ag Sracadh’ tugtar cur síos ar leadrán fadálach laethúil na beatha, in ‘Blúirí’ tugtar cuntas dúinn ar fhisiciúlacht na hoibre ar láithreán tógála agus in ‘Aontíos’ faightear cur amach ar chaidreamh príobháideach an teaghlaigh. Tháinig úrscéal osréalaíoch uaidh ‘An dealbhóir sa nGairdín’ i 1991 a scrúdaíonn, de réir dealraimh, aigne an ealaíontóra agus is cinnte go bhfuil draíocht áirithe ag baint leis mar phíosa léitheoireachta. Is úrscéal eipeasóideach é Bás san Oirthear’ (1992) ar a bhfuil struchtúr coinbhinsiúnach go leor, i. foirm litreach ach arís ní mhothaítear aon ghreann ná spraoi sa leabhar seo ach oiread. Tá an t-úrscéal ag cuardach téama na coimhlinte idir na glúnta difriúla I dtosach an úrscéil, mar chabhair don léitheoir, soláthraíonn Ó Treasaigh réamhrá mínitheach ar chúlra cultúrtha an chainteora, Caoilte Ó Broin. Ach déanann Ó Treasaigh an téama céanna a fhorbairt i bhfad Éireann níos sásúla san úrscéal is déanaí uaidh: ‘Céard é English’ – úrscéal atá lonnaithe i réaltacht a bheadh intuigthe agus inchreidte ag léitheoir ar bith a bhfuil taithí chomhaimseartha aige/ aici ar an saol nua-aoiseach in Éirinn. Dara Ó Conaola Tá úire agus fuinneamh nua i stíl Uí Chonaola. Bíonn cuid mhaith dá shaothair scríofa sa chéad phearsa, agus oibríonn cleas an aithriseora neamh-iontaofa go rímhaith aige in ‘Amuigh liom féin’ (1988) ina léirítear aigne an linbh i gcaoi nádúrtha inchreidte éifeachtach. Tá gontacht stíle agus spleodar teanga a mheallann léitheoir ar bith isteach ina chuid scéalta. Ba mhór an t-imprisean a rinne an scríbhneoir óg Gaeltachta seo lena chéad leabhar ‘Mo Chathair Ghríobháin’ (1981). Is í an snáithe is dual dó a ritheann tríd an leabhar seo ná an easpa smachta a bhíonn ag an duine ar a c(h)inniúint féin. Bíonn ar na carachtair dá ndeoin féin ag dul i dtreo réamhbheartaithe chun ceann scríbe áirithe a bhaint amach. Sa leabhar seo agus i saothair uile Uí Chonaola, faightear i gcónaí blaiseadh den bhéaloideas ar an stíl. Is é, dar ndóigh, cathair ghríobháin aigne an údair atá léirithe sa saothar seo. Ní fhéadfaí meitificsean a thabhairt ar shaothair Uí 142 cf. ‘Céard é English’ (2002) úrscéal beoga réalach faoi theaghlach gaelach i suíomh uirbeach 42 Chonaola, áfach, ach réalachas le heilimintí airithe den fhicsean draíochta agus den eileacht aduain mhealltach atá mar chuid dílis dá bhuanna mar ealaíontóir. Dáibhí Ó Cróinín Cuireann an t-úrscéal ‘An Cúigiú Díochlaonadh’ (1994) le Daithí Ó Cróinín scéal gaisce an bhéaloidis i gcuimhne duit. Scéal osnádúrtha é, ficsean draíochta faoi reacaire darb ainm Leopold Ó Laoghaire a sheoltar ar aistear aisteach aduain isteach i saol eile. Úsáideann Ó Cróinín an greann go forleathan agus andúchasaí allúrach a stíle chun réaltacht eile a chruthú go fírinneach dearfa don léitheoir. Tá an t-úrscéal seo bunaithe ar an choincheap de shíorghluaiseacht ó shuíomh go suíomh ina gcasann carachtair choimhthíocha le Leopold, ionann mar a tharlaíonn do K. in ‘Das Schloss’ le Franz Kafka, ach carachtair a bhíonn níos aistí fós. Mar shampla, na firíní beaga meigeallacha, baill aon-ainm an Choiste Gnó, agus feictear é i lochtaí, hallaí agus seomraí de gach uile shórt agus é ag cadráil le lucht a gcónaithe. Tá toise aorach magúil ag rith tríd leabhar, dar ndóigh. Is léir go bhfuil an t-údar ag déanamh fonóide den choiste téarmaíochta a bhíonn ag iarraidh sa leabhar seo an saol a rangú de réir catagóirí gramadaí. Is í éifeacht an tsaothair seo ná an t-eispéireas coitinn a bhíonn ag cainteoirí na Gaeilge maidir leis an ‘mhodh choinníollach’ agus ‘na ceisteanna teanga síoraí’. Éiríonn go breá leis an saothar seo ó tá sé dírithe ar, agus múnlaithe do, Ghaeilgeoir ar bith a bhfuil eolas aige nó aici ar réaltachtaí laethúla lucht labhartha na teanga nó a tháinig aníos trí chóras scolaíochta na tíre seo. Séamus Mac Annaidh Aistríodh Cuaifeach mo Londubh Buí’ (1983) go Rúisis agus bhí tóir agus díol mór ar an aistriúchán sin sa Rúis143 mar sin is féidir a rá nach i dteanga na Gaeilge amháin atá a fhiúntas mar shaothar liteartha le fáil. Is é an leabhar freisin, de réir Mháirín Nic Eoin, a thug an téarma ‘meitificsean’ ar mhapa na litríochta sa Ghaeilge agus níl dabht ar bith ach gur bhuaigh an t-úrscéal seo gnaoi lucht léite na Gaeilge ag deireadh na haoise seo caite. Ní féidir ceart ná cóir a dhéanamh don ollsaothar liteartha seo i gcúpla líne ghairid na nótaí seo ach is féidir a rá gur athraigh leabhar Mhic Annaidh teorainneacha na scríbhneoireachta i bprós na teanga. Chruthaigh Mac Annaidh modus narrandi nua don teanga freisin inar féidir caidreamh nua a thabhairt faoi dear idir scríbhneoir agus léitheoir. Cé nach raibh an rath céanna ar an dara leabhar den trialóg ‘Mo Dhá Mhicí’(1986) ná ar an tríú ceann: ‘Rubble na Mickies’(1990) bíonn gach léitheoir sásta fós iad a léamh arís agus arís eile de bharr inléiteacht agus meon spraíúil sultmhar stíl an údair. Focal Scoir ar an Fhicsean Neamhréalaíoch Cén fáth ar tháinig bláth agus forbairt ar an fhicsean draíochta agus ar an mheitificsean sa tréimshe dheireanach den fhichiú haois. Ní féidir ach tomhas a chaitheamh chun ceist mar sin a fhreagairt agus is cuma cad a déarfaí ní bheadh in aon fhreagra dá shórt ach buille faoi thuairim. Sin ráite áfach, b’fhéidir go bhféadfaí na smaointe thíos a lua mar phointe tosaithe i bplé na ceiste sin: is láthair éalaithe an meitificsean ó fhadhb an réalachais; tá an toise osnádúrtha mar chuid dílis dár litríocht dúchais; aithris ar dhul litríocht chomhaimseartha eile an domhain. 143 Aistrithe ag Tatiana Michaelova, Ollamh le Nua- agus Sean-Ghaeilge, Ollscoil Mhoscó, sna nóchaidí. Bhí thart an 5,000 cóip a foilsíodh. díolta laistigh de chúpla mí. 43