Fócas ar theanga (Má)

advertisement
Má
san aimsir láithreach
Féach ar an abairt seo:
Má thagann tú abhaile ar a seacht a chlog,
tabharfaidh mé bronntanas duit.
Cad is féidir leat a rá faoin abairt sin? Féach ar an gcló dubh!
Cad a dúirt tú?
 Úsáidtear an aimsir láithreach le má chun tagairt a
dhéanamh don am le teacht.
 Leanann séimhiú má san aimsir láithreach ach amháin
leis na briathra bí agus abair. Mar shampla:
Má dhéanann tú sin, beidh an lá leat ach
Má tá an aimsir go maith, rachaidh muid ann agus
Má deir sí gan dul, ná himigh
Má
san aimsir chaite
Féach ar na habairtí seo:
Má chaith sé an liathróid, ní fhaca mé é.
Má d’ith sí a dinnéar, tá ocras uirthi fós.
Má fuair sí é, ní dúirt sí aon rud.
Má dúirt sé liom é, ní cuimhin liom.
Cad is féidir leat a rá faoi na habairtí thuas? Féach ar an gcló
dubh!
Cad a dúirt tú?
 Leanann séimhiú má san aimsir chaite.
 Ní chuirtear aon séimhiú ar na briathra faigh agus abair,
tar éis má san aimsir chaite.
Mura / murar
san aimsir láithreach & san aimsir chaite
Féach ar na habairtí seo:
Mura dtagann tú abhaile ar a seacht a
chlog, ní thabharfaidh mé bronntanas duit.
Murar chaith seisean an liathróid, níl a
fhios agam cé a chaith é!
Cad is féidir leat a rá faoi na habairtí thuas? Féach ar an gcló
dubh!
Cad a dúirt tú?
 Úsáidtear mura i ngach aimsir ach amháin san aimsir
chaite.
 Leanann urú mura.
 Úsáidtear murar san aimsir chaite.
 Leanann séimhiú murar de ghnáth ach amháin le cuid de
na briathra mírialta.
Má / Mura / Murar
cleachtadh
Cuir Gaeilge ar na habairtí seo:
1. If they return soon, tell them to call me.
2. If he said that, I did not understand him.
3. If you see Seán, ask him to write to me.
4. If she got the job, I did not know.
5. If I don’t go to Dublin tomorrow, I’ll go next week.
6. If you were there, I did not see you.
7. If you don’t get the letter, don’t worry.
8. If you leave now, I’ll never see you again.
Download